Coláiste Íosagáin, an tAonad Aistriúcháin, Toirt Criticiúil agus Athrú Poirt

iosagain
Bí ag caint ar athrú phoirt, fán go gcloisfidh sibh seo!

Tar éis dom bheith ag moladh an tseachtain seo chaite nach gcuirfí ‘airgead amú’ ar an aonad aistriúcháin atá beartaithe ag an Aire Ó Cuív chun tabhairt faoi 6,000 leathnach d’ionstraim reachtúla a aistriú go Gaeilge, tá moladh nua agam anois.

Is é sin go lonnófaí an tAonad nua i Múscrai, i gColáiste Iosagáin le bheith beacht, suíomh atá i seilbh an phobail (Údarás na Gaeltachta) cheana féin. Dá lonnófaí ann é, in éineacht leis an Ionad Náisiúnta Gaeloideachais atá geallta ag leathbhadóir Uí Chuív timpeall bhórd an Rialtais, bheadh athfhorbairt Choláiste Íosagáin i ngiorracht don toirt chriticiúil atá ag teastáil chun an athfhorbairt sin a bhrú chun tosaigh go tapaidh.

Le cois sin bheadh tionchar suntasach ag lonnú an Aonad Aistriúcháin i Múscraí ar úsáid na Gaeilge sa cheantar – tá gá le h-institiúid náisiúnta Ghaeilge/Ghaeltachta bheith lonnaithe sa cheantar.

Deirtear sa bhfógra go mbeidh an tAonad seo lonnaithe i gceann de phríomh oifigí na Roinne – agus tá na príomh oifigi sin sna Forbacha, i mBaile Átha Cliath agus i gCnoc Mhuire. Tá fo-oifigí suite i dTrá Lí agus ó thuaidh freisin.

Dá dtiocfadh an dhá aire, Batt O’Keeffe agus Éamon Ó Cuív, le chéile agus socrú a dhéanamh, léireodh sé go raibh an airí ag obair as láimh a cheile ar mhaithe leis an tír ar fad. An iomarca an méid sin le bheith ag súil leis?

De réir mo mholadh bheadh tairbhe éigean agus fiúntas ag baint le moladh an Aire…..creidim. Ach nach é sin a dhéarfainn ar aon nós!

2 thuairim ar “Coláiste Íosagáin, an tAonad Aistriúcháin, Toirt Criticiúil agus Athrú Poirt

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Seo cheann deachair.B`fheidir go mbeidh daoine ag rá go bhfuil tú ag phlé le polaitíocht áitiúil.Bhi caint uair amháin go mbeadh cúrsaí á chur ar fáil ann ag Coláiste na hOllscoile Chorcaí agus tá gá le cúrsaí triú leibhéal trí Ghaeilge.Tá gá le toirt criticiúil in am criticiúil.Is cuimhin liom nuair a bhi Coláiste Íosagáin i mbarr réime agus dian cuimhlint cáide idir iad féin agus Cólaiste Bhreanainn gach bhliain.Bhi ceangal mór le muintir Chiarraí leis an cólaiste.Sa bhliain 1953 bhuaigh siad a chéad Chorn Uí Mhuirí agus trí bhaill den clann iomráiteach muintir Uí Mhurchú on gCam i gCiarraí ar bhórd Pádraig, Seán agus Séamus.Bhí Mickey Ned ina gcaptaen orthú níos déanaí.Sin deireadh anois le bóthairín na smaointe.

    Freagra
  2. colm

    Níl sé i bhfad ó mhol mé a leithéid de chur chuige ar an suíomh seo.
    Teastaíonn togra mar a mholann tú i ngach ceantar Gaeltachta, agus d’fhéadfaí na “scéimeanna teanga” a úsáid chun oifigí a oscailt timpeall na tíre a d’fhostódh Gaeilgeoirí chun na seirbhísí – a chuirtear ar fáil trí mheán an Bhéarla as Baile Átha Cliath agus áiteacha eile faoi láthair – a chur ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus go Ghaeilgeoirí timpeall na tíre chomh maith.
    Ar ndóigh, ní seirbhísí aistriúcháin amháin a bheadh i gceist, ach seirbhísí oideachais, coláistí tríú leibhéil, séirbhísí leighis, oifig de chuid na gcoimisinéirí ioncaim, seirbhísí soisialta srl.
    Bheadh dóthain ann chun difríocht a dhéanamh do na Gaeltachtaí ar fad, creidim, idir bheaga agus mhóra.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s