Cothrom na Féinne do FG

Postaer FG i Múscraí

Postaer FG i Múscraí


Inné agus mé ag glacadh páirte i siulóid urraithe ar son Scoil Náisiúnta Chúil Aodha, agus lá alainn a bhí ann don siúlóid, thánag ar an bpostaer seo ó Fhine Gael, cáite sa dhíog.

Is minic go mbionn Gaeilgeoirí tarcaisneach i leith an pháirtí seo mar gheall ar easpa choimitmint don teanga – ach tá an Chomhairleoir seo, Michael Creed, le moladh as an iarracht atá déanta aige. Go deimhin, os rud é gur postaer é seo atá bunaithe ar theimpléid ón lár oifig, ní foláir ach go bhfuil moladh ag dul don pháirtí freisin. I mBéarla amháin atá postaer FG don toghchán Eorpach ar son Colm Burke agus Seán Kelly.

Tá postaeir ag iarrthóir Eorpach FF sa thoghcheantar, Brian Crowley, agus is i mBéarla go h-iomlán atá siad. Agus níl ach focal amháin Ghaeilge ar phostaeir SF don toghchán áitiúil – Votáil Des O’Grady 1. Agus níl focal Ghaeilge ar phostaer Toireasa Ferris – níl aon focal ann seachas ‘Sinn Féin’ (agus fagaimíd ainmneacha na bpairtithe as an áireamh) agus ainm an iarrthóra.

Postaeir i mBéarla amháin atá ag an iarrthóir don Lucht Oibre sa cheantar, Martin Coughlan. Níl aon rian go fóill ar phostaeir iarrthóír an Lucht OIbre sa Toghchán Eorpach i Múscraí – cé go bhfuil na postaeir thuas le fada i gceantaracha eile sa toghcheantar.

6 thuairim ar “Cothrom na Féinne do FG

  1. Gaelblag

    an-spéisiúil ar fad agus is maith an rud é go bhfuil Creed á dhéanamh, ar a thoil féin b’fhéidir mar sin?

    Ach…Caithfidh mé ceann a fheiscint go fóill i mo thoghcheantar i mBaile Átha Cliath agus tá an-díomá orm nach bhfuil.Má chloisim polaiteoir ag cnagadh ar an doras beidh mé ag cur ceist orthu!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá siad ann in áit éigean….nior cheart go mbeadh siad á shéanadh oraibh sa phríomh chathair. Nach bhfuil a fhios acu go dtagann 33%+ de na gearáin chuig an Choimisinéar Teanga ón ArdChathair….

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    Speisiúil go leór.Cé nach bhfuil cáil ar FG maidir leis an teanga fáiltim roimh cinneadh Creed.Gabh mo leathscéal roinne am méarchlár bob orm.

    Freagra
  4. Feirsteach

    Chonaic mé neart póstaeir de chuid iarrthóirí Shinn Féin le “Vótáil” agus gan aon rud eile seachas ainm an pháirtí agus ainm an iarrthóra i mBaile Átha Cliath agus ar an tslí go hAonach ag an deireadh seachtaine.

    Agus chaith an Chomhairleoir Daithí Doolan, SF 10-15nóim. ag labhairt liom as Gaeilge (an-iarracht mar ní cainteoir líofa é) nuair a thóg mé ceist easpa Ghaeilge ar bhileoga bolscaireachta an pháirtí leis an uair deireanach a bhuail sé ar mo dhoras ag canbhasáil (níor bhuail mé le haon iarrthóir eile ag mo dhoras go fóill).

    Chonaic mé póstaeir Liam Aylward, FF as Gaeilge ar an tslí go hAonach chomh maith.

    Bhí alt bheag faoin nGaeilge san Aontas Eorpach ar bhileog bolscaireachta Eoin Ryan.

    Ní fhaca mé aon phóstaer FG, an Lucht Oibre, na Glasaigh, na Sóisialaigh, Libertas nó iarrthóirí neamhspleách le haon Gaeilge orthu seachas ainm an pháirtí agus ainmneacha na hiarrthóirí as Gaeilge.

    Freagra
  5. colm

    Tháinig fear chun an doras ag canbhasáil an lá cheana, agus thug bileog dom i mBéarla.
    Dúirt mé leis nach vótálfadh mé dó dá bharr. Déarfaidh mé an rud céanna le duine ar bith a dhéanann an rud céanna.
    I dtoghchán eile roinnt blianta ó shin, fuair mé litir i nGaeilge ó Mhichael McDowell ag iarraidh mo vóta; agus nuair a tháinig FF ag canbhasáil, rinne mé clamhsán faoin easpa Gaeilge. Tháinig duine acu ar ais an lá dar gcionn le cóip den mhanifesto iomlán as Gaeilge. Choinnigh mé an dá cháipéis sin mar “dhoiciméid stairiúla”.
    Sa toghchán céanna, chuireas ríomhphost chuig Daithi Doolan ag clamhsán faoin ábhar toghchánaíochta ar fad a bheith i mBéarla, ach tá mé fós ag fanacht ar freagra uaidh!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s