In am ‘stop’ a rá leis an Aire….

Mar aguisín ar an méid a raibh le tuairisciú anseo inné faoin phlean mire is déanaí ón Aire Uí Chuív, bhí scéal faoi seo ag Nuacht TG4 agus thug siad an súntas cheart do – b’é an priomh scéal.

Duradh gur mar thoradh ar chás cúirte a tháinig an phlean seo, cás cúirte inar rialaíodh sa Chúirt Uachtarach go raibh sé ag sarú an dlí gan na h-ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.

Is cosúil go bhfuil suas le 6,000 leathnach le h-aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus gurb é seo an phríomh chúram ag an Aonad nua seo i Roinn Uí Chuív.

Is cinnte go mbeidh an tAire ag cur an locht ar an gcás cúirte – agus i bhfirinne na Gaeilgeoirí diograiseacha a thugann aghaidh ar na cúirteanna chun a gcearta dlithiúla a chosaint – agus é ag cosaint an bhirt seo an tseachtain seo chughainn.

Sé sin mura mbionn air éirí as an Aireacht ar fad de bharr go bhfuil glaoite air seasamh d’Fhianna Fáil i dToghchán na hEorpa de bharr nach bhfuil aon iarrthóír aimsithe ag an bpairtí go fóíll chun seasamh in éineacht le Paschal Mooney don suiochán a bheidh á fhágáil Seán Ó Neachtain.

Níl aon locht agamsa ar na Gaeil a throid an cháis seo sna cúirteanna de bharr go bhfuil an ceart acu seo a dhéanamh. Ní h-é nár cheart na h-ionstraim reachtúla seo a aistriú go Gaeilge – níl ann ach nach é seo an tosaíocht in am seo an ghatair agus má chreideann an tAire Ó Cuív gur tosaíocht seo ag an am seo, ní thuigeann sé an fíor shaol ar chorr ar bith.

Ní féidir leis ar an láímh amháin a bheith ag rá le h-eagrais Ghaeilge bheith ag ciorrú foirne agus ag ligint daoine chun bealaigh agus, ar an láimh eile, bheith ag tabhairt faoi beart chomh faillíoch is an aonad aistriúcháín seo.

Tá sé in am do phobal na Gaeilge ‘Stop’ a rá leis an Aire.

Aon tuairim amháin ar “In am ‘stop’ a rá leis an Aire….

  1. Nioclas Ó Drisceoil

    Deir an fear seo, fair play don fhear sin Ó Cuív.

    Tá sé ag plé leis an Ghaeilge mar theanga i dtír dhátheangach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s