An bhfuil Gaeilge ag Banríon Shasana?

Ar chéad leathnach an Irish Times ar maidin tá pictiúir gleoite de Ronan O’Gara, leathchúlaí las muigh na hÉireann agus na Mumhan, a lámha ina phóca agus é ag cabaireacht le Banríon Shasana, Eilís Bhindsór, ag ocáid i gCaislean Bhaile Chromhghlinne i gCo. Aontroma inné.

Ar imeall chlé an phictiúir tá Greagóir Ó Cham Bhéal, ‘Aire Cultúr, Spóirt is Foillíochta’ an Tuaiscirt, biogóid chomh gránna is ar saolaiodh riamh ar an oileán seo mas aon tuar na tuairimí atá nochtaithe i leith na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil.

Feictear domsa go mbainfeadh sé an ghaoth as sheolta Uí Chaim Bhéil agus a leithéid dá labhródh an Bhanríon seo cúpla focal i nGaeilge ag ocáid den chineal go raibh sí ag freastal air inné.

Agus tá sé tabhachtach an ghaoth a bhaint as a seolta. Tá an chogadh chultúrtha seo atá á fhearadh ó thuaidh ag baint ón fhuinneamh is ón fhocas ar ghá chun an Ghaeilge a thabhairt go dtí an chéad chéim eile. Tá alt an spéisiúil ar an abhar ag Seán Ó Daimhín ar Iris Eoghanaigh

Ritheann sé liom gur féidir go mbeadh blúirín de Ghaeilge na hAlba ag an mBanríon seo – caitheann sí furmhór an tSamhraidh gach bliain ar saoire i dtuaisceart na hAlba. Mar sin ní dócha go mbeadh sé ró dheacair uirthí leagan na hÉireann a fhoghlaim.

Ach tá tabhacht thairis an tuaisceart ag baint leis an moladh seo – más moladh é. Tá iriseoirí is lucht cabaireachta na meán sa Pháil ar bís go dtiocfadh Banríon Shasana ar chuairt anseo. Is é seo, dar leo, an tastáil is mó ar theacht in aois Éire (deighilte) mar náisiún. Mar a scriobh an tuairisceoir in alt an Times – agus cad faoi seo mar léiriú chlaontachta ó ‘thuairisceoir’.

The one unspoken question was whether the queen might at last visit the Republic. Perhaps yesterday’s party brings that day a little closer.

Is ar éigean go bhfuil an Ghaeilge ar an ‘radar’ acu ar chorr ar bith ach amháin go mbaineann siad usáid as an teanga mar thargaid – mar shampla, agus sinn i lár ghéarchéim airgid, bionn siad ag tabhairt le fios go mbionn airgead á chur amú ar chur chun cinn na Gaeilge (agus bionn ach ní mar a shíleann siad).

Nach gcuirfeadh ‘cúpla focal’ iad san ina dtost!

B’fhéidir go bhfuilim ró dhóchasach agus gur sórt aisling é seo nach bhfíorófar – agus ni doigh liom ach an oiread go gcúiteodh sé ná baol air an dochar a rinne rialtais éagsúla na Breataine don tír seo i gcaitheamh na mblianta.

Ach chabhródh sé dar liom cuid den nimh a bhaint den chaidreamh idir an dhá thír. Faoi láthair tá an chosúlacht ar an scéal, dar liom, go bhfuil an obair athmhuintearais ar fad á dhéanamh againn. Ba bheart athmhuintearais é ag foireann rugbaí na hÉireann casadh leis an mBanríon, bhí an ocáid úd i bPáirc an Chrócaigh ann dhá bhliain ó shin agus is iomaí cuairt atá tugtha ag Uachtaráin éagsúla na hÉireann ar Thír Sheán Bhuí.

Nach bhfuil sé in am do Eilís 2 a dhéanamh beart a dhéanamh de réir mar a dhein Eilís 1 – fiú go raibh an bean úd i bhfeidhil ar shlad náireach in Éirinn – a bhí liofa sa Ghaeilge agus a d’fhoilsigh leabhair i nGaeilge!

8 dtuairim ar “An bhfuil Gaeilge ag Banríon Shasana?

  1. SÓC

    Tá Cymraeg cinnte ag a mac Séarlas agus a mhac féin Liam ar aon nós.

    Freisin ar théama an rugbaí is minic go mbíonn an bhanphrionsa Áine ag canadh Flower of Scotland agus líne ann faoi ‘send them homeward to think again’.

    Ní bhíonn moill ar an clann úd glacadh le traidisiúin áitiúla!

    Freagra
  2. Fearn

    “Eilís Bhindsór”?
    Éilís Saxe Coburg Gotha, a dhuine. Bhí ar an bhfine a shloinne a “ghalldú” le linn “an Chogaidh Mhóir”

    Freagra
  3. instsignpost

    Sílim gur ceart sloinne a fear chéile a úsáid…Eilís Schleswig-Holstein-Sonderburg-Glücksburg ach amháin gur dhu=últaigh sé an sloinne sin sular phós se go Mountbatten….:-)

    Freagra
  4. Fearn

    “Sílim gur ceart sloinne a fear chéile a úsáid..”

    Nós na nGael: a hainm ó cheart a choinneáil ag bean phósta?

    Freagra
  5. Séamas Ó Neachtain

    Ar an ábhar arís…is moladh an-mhaith sin atá agat, agus molaim duitse scríobh chuici. Inis dó cé tusa agus sílim go mbeadh suim aici, ar a laghad. Mar a luaigh Eoghain i leith na bhfear Óráiste, is féidir meas a thábhairt dá chéile, fiú mura n-aontaímid.

    Freagra
  6. Fearn

    “Nach bhfuil sé in am do Eilís 2 a dhéanamh beart a dhéanamh de réir mar a dhein Eilís 1 – fiú go raibh an bean úd i bhfeidhil ar shlad náireach in Éirinn – a bhí liofa sa Ghaeilge agus a d’fhoilsigh leabhair i nGaeilge! “

    An fhírinne choiche, a bhlagathóir!
    Cé go raibh Éilís Ní Thúdar rímhaith chuig teangacha ní raibh Gaeilge aici.
    An ghamalóg atá suas anois, bail ó Dhia uirthi mar a ghuíonn a géillsínigh uirthi, níl sí leath chomh chliste ná leath chomh léannta lei. Fág ina codladh í

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s