Gá le cur chuige nua ó Ghaelscoileanna maidir leis an Roinn Oideachais

ráiteas déanta ag Gaelscoileanna ag cáineadh go géar an diultú ón Roinn Oideachais d’iarratas an eagrais seacht gcinn de Ghaelscoileanna nua agus Gaelcholáiste nua amháin a oscailt le beannacht na Roinne i mí Mheán Fómhar seo chugainn.

Go luath sa ráiteas tuigeann tú go bhfuil an seanphort ar bun ag an Roinn Oideachais arís – sé sin ag léiriu a naimhdeas don Ghaelscolaíocht in athuair. De réir dealraimh d’fhogair an tAire Oideachais i mí Meán Fhómhair na bliana seo chaite nach n-osclófaí aon scoil ach iad san a bhí lonnaithe i gceantaracha forbartha, cibé cén bhrí atá le sin go beacht, agus i raibh riachtanas soiléir léirithe dóibh.

Glacaim leis go bhfuil argóint láidir le déanamh ar son oscailt na scoileanna seo – cé nach luaitear sa ráiteas cá bhfuil na scoileanna atá fagtha gan bheannacht oifigiúil. Glacaim go sasaíonn siad na gcritéir de réir mar a bhfógraíodh iad.

Agus tá an t-eolas sin tabhachtach i gcomhthéacs an fheachtais a chaithfear a chur sa tsiúl chun brú a chur ar an Rialtas ar an gceist. Tá toghcháin ar na bacain agus tá sé tabhachtach go mbeadh feachtais laidre sna ceantracha sin – agus is dócha go bhfuil – chun brú a chur ar na bpolaiteoirí brú a chur ar a máistrí polatúla.

Is dócha go bhfuilim ag eirí tinn tuirseach d’fheachtais atá abhairín stálaithe bunaithe ar phreas ráitis is a léithéid. Agus tá an chuma abhairín seanachaite sin ar an bhfeachtas seo go fóill.

Cá bhfuil na leathnaigh idirlín is na cúntais Twitter is eile chun an fheachtas seo a thabhairt chun solais? Cad faoi scannán Youtube a léiriú? Má tá eolas ann faoi na rudaí seo bheith déanta theana féin, beidh mé sásta é a fhoilsiú anseo. Thuas tá Gaelscoil Riada i mBaile Átha’n Rí ag léiriú go bhfuil siad i dtiúin leis an aimsir…

Deirtear sa phreas ráiteas go bhfuil cearta bunreachtúla á shéanadh ar na paistí is ar a dtuismitheoirí toisc go bhfuil rogha na Gaelscolaíochta á shéanadh orthu. An bhfuil sé i gceist an chás a throid sa chúirt? Nó an bhagairt í seo nach bhfuil sé i gceist go ndéanfaí comhlíonadh uirthí?

Cad faoi fógra a cheannach i nuachtán ar nós an Irish Times – costas mór air glacaim leis – ag meabhrú na buntáisti a bhaineann leis an nGaelscolaíocht agus ag cur na bealaí atá an Roinn Oideachais ag cur bac ar an nGaelscolaíocht os comhair an phobail ar bhealach a mheallfaidh aird?

Tá míbhuntáistí ag baint leis an nGaelscolaíocht freisin. Níl an réimse céanna leabhair is acmhainní ar fáil i nGaelscoileanna is atá ar fáil sna ghnath scoileanna. Níl córas ceart ann chun cuidiú le múinteoiri caitheamh go sasúil le páistí le riachtanais speisialta. Is fadhbanna iad seo a léiríonn drogall is doicheall na Roinne i leith na Gaelscolaíochta? Cad faoi ceist a chur ar na polaiteoirí móra le rá, iad san atá páistí leo ag freastal ar Ghaelscoileanna, an Taoiseach féin san áireamh de réir dealraimh, seasamh leis an nGaelscolaíocht go poiblí in éadan an leatrom leanúnach seo atá á dhéanamh ag an Roinn ar an nGaelscolaíocht?

Nil ansan ach roinnt tuairimí. Seasaim leis an nGaelscolaíocht. Seasaim leis an bhfeachtas seo atá ar bun ag Gaelscoileanna. Tá meas agam ar obair Ghaelscoileanna ach molaim dóibh tabhairt faoin bhfeachtas seo le diograis agus cur chuige na h-aimsire a úsáid chun an bua a bhaint amach.

Go n-éirí leo….

2 thuairim ar “Gá le cur chuige nua ó Ghaelscoileanna maidir leis an Roinn Oideachais

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Aontaoim leat. Am trathúil chun feachtas a chur ar bhun agus toghacháin ar na bacáin.Is í an Gaelscolaíocht todhchaí na Gaeilge.

    Freagra
  2. colm

    Tá an ceart agat nuair a deireann tú go dteastaíonn cur chuige nua ó Ghaelscoileanna má tá muid chun tógáil ar an obair a rinneadh cheana, agus is maith iad do chuid smaointí mar thúspointe.
    Ach ná bíodh súil agat go ndéanfaidh an eagraíocht Gaelscoileanna rud ar bith ró-chonspóideach. Tá sceanairt á déanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge, ba mhaith leis an gCuíveach aon eagraíocht amháin a fheiceáil, agus ar an gcaoi sin nach gcaithfí labhairt ach le haon phríomhfheidhmeannach amháin – ach bí cinnte go bhfuil sé ag labhairt leo ar fad anois, agus go bhfuil siad ar fad buartha faoi dheontas a chailliúint.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s