S’é mo laoch….George Lee

Tá George Lee, eagarthóir eacnamaíochta RTÉ, ag iarraidh seasamh d’Fhine Gael i mBaile Atha Cliath Theas san fho-thoghchán a bheidh á reachtáil ann an mhí seo chugainn. Maith é as seasamh sa bhearna baoil.

Tá go leor béime dírithe ag na dtrachtairí – agus lucht téacsála chuig RTÉ – ar an gceist seo: An é go raibh sé claonta i rith an ama agus é ag déanamh tuairisciú ar ghnóthaí eacnamaíochta na tíre agus nach bhfuil an claonadh seo á nochtadh go poiblí anois?

Ni chreidim go raibh sé claonta i rith an ama nó tagann an anailís a rinne sé le m’anailís féin – go deimhin cheapas go raibh bascadh i ndán d’Fhianna Fáil ag an olltoghchán seo chaite de bharr an míbhainistiú a bhí á dhéanamh acu ar chúrsaí ag an am sin. Cé go rabhas go h-iomlán mícheart ar an gceist faoi bhascadh ag na bothaí votála, ní rabhas mícheart faoin údar a bhí agam leis an dtuairimíocht sin. Agus creidim go bhfaighidh Fianna Fáil bascadh an uair seo a mhairfidh inár gcuimhne, bascadh deich n-uair níos measa ná an rud a bhí á thuar agamsa. Tá na postaeir in airde cheana féin le h-aghaidh an toghchán Eorpach anseo i Múscrai – agus ar phostaer Bhrian Crowley, ar éigean, má tá sé ann ar chorr ar bith, gur féidir leat a aithint gur iarrthóir Fhianna Fáil atá ann!

Ní fear FG mé ná baol air – ach creidim go bhfuil sé tabhachtach go mbeadh leithéidí George Lee ag teacht chun tosaigh chun dúshlán a thabhairt don Rialtas seo ar an mbonn rí-thabhachtach sin, sé sin go mbíodh FF ag maíomh go raibh an rath ar an ngeilleagar de bharr chomh cúramach is a raibh sé á bhainistiú acu. Nuair a cuireadh ar a súile ná raibh sé amhlaidh is go raibh droch laethannta chugainn – bhuel ní ró shásta a raibh siad. Is cuimhin linn go ndúirt Bertie Ahern, iar Thaoiseach, go mbeadh fonn air a lámh a chur ina bhás féin dá gcreidfeadh sé leithéidí George Lee….

Bhuel tá Bertie imithe leis ar fán ar fud na cruinne ag tabhairt léachtaí do cibé dream atá sásta éisteacht leis faoin mbealach a rinne sé tír rathúil saibhir den oileáinín seo – agus de réir dealraimh, íocann siad go daor as na léachtaí seo. Tá níos mó airgid ná céill ag daoine go fóíll, is léir.

Tá ceist tabhachtach ann, ar ndóigh, faoi chlaontacht nó neamhchlaontacht chraoltóra cosúil le RTÉ. Ach b’fhearr liomsa craoltóir ar nós George Lee a nochtann a pholataíocht seachas na céadta istigh san eagras atá a bpolataíocht faoi cheilt ach ar léir go bhfuil siad faoina thionchar go fóíll. Is cuimhin liom go fóill an clampar a bhí ann le mo linn ag Lá Nua nuair a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta cosc ar ár gcolúnaí Eoin Ó Murchú, eagarthóir pholatúil an staisiúin, bheith ag scríobh faoina ainm féin ar ár son mar gur cháin sé go ró ghéar, dar leo, an Aire Oideachais, Mary Hanafin. Bhuaigh colúin Uí Mhurchú gradam an Oireachtais do cholúnaí na bliana ina n-aineoin i 2007.

An t-aon luaithreach san uachtar, dar liom, go bhfuil trachtairí is iriseoirí RTÉ ag déanamh Dia bheag de Lee agus iad á adhradh go h-oscailte ar na cláracha éagsúla raidió go h-áirithe. Bhí píosa ag Olivia O’Leary inné ar 5-7 Live agus chuirfeadh sé múisc ort agus í ag caint faoi George Lee bheith imithe go dtí an ‘taobh eile’ – taobh na polataíochta de. Omós roimh bháis a bhí ann cé go raibh sé le tuiscint ón mhéid a duirt Olivia gur ionann agus bás imeacht iriseora ó réimse na h-iriseoireachta íoctha. Ní bás – ach ath-fhás – atá ann, Olivia.

Ní docha go dtuigeann ‘réaltaí’ RTÉ go fóill nach ionann an figiúir a bhionn siad ag lua mar lucht éisteachta lena gcláracha agus an líon daoine a chaithfeadh vóta ar a son dá mbeadh an rogha acu. Go h-áirithe nuair atá an oiread acu is atá ag baint feidhme as chleasanna éagsúla chun cáin a sheachaint – ‘na conraitheoirí’ ar nós Pat Kenny, Ryan Tubridy, Gerry Ryan etc.

Aon tuairim amháin ar “S’é mo laoch….George Lee

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Bíonn an cheist seo faoi iomatheoirí mór le rá ag teacht isteach go thobann mí roimh toghacháin deacair igconaí. Caithfear fáilte a chur rompú as úcht a gcumas.Ach ní chialáionn sé sin go ndéanfaidh siad an beart.Daoine mar David Thornley nó fiú Cruise O Brien sna seachtoidí ní rabhadar ro-mhaith.Failtím roimh dhaoine on iasacht ag dul le chursaí polataíochta.Tá géar ghá le daoine óga ionraic a dheanfaidh níos mó na bheith “ag beicigh ar son Mhaigh Éo”mar a dheanann polaiteoir aitheanta on chontae sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s