Léigí an chló bheag!

Cá bhfuil ainm pháirtí Bhrian?

Cá bhfuil ainm pháirtí Bhrian?


Seo postaer d’iarrthóir Fhianna Fáil i Réigiún an Deiscirt sna Toghcháin Eorpacha. Brian Crowley an t-é atá san iomaíocht thar cheann an phairtí.

An bhfeiceann tú ainm an phairtí ar an bpostaer? Tá sé ann – bhíos ag smaoineamh ar chomórtas a thosnú ar nós an ‘Spot The Ball’ a bhíodh ag an Sunday Press fadó agus sibh a spreagadh chun lógó an pháirtí is mó sa Rialtas a aimsiú ar an bpostaer seo ag iarrthóir an pháirtí?

An é go gceapann Brian Crowley gur amadáin sinn agus nach gcuimhneoimid ar an phairtí atá sé bainteach leis agus sinn ag votáil?

Bíodh is go mbionn sé i bhfad uainn sa Bhruiséal i mbun a chuid oibre, ní dhearúdfaimid é agus an pháirtí lena mbaineann sé.

Is cinnte go mbeidh a leath bhadóir, Ned O’Keeffe, ag meabhrú freisin ar an gcló bheag nó ar eigean gur féidir a ainm a fheiscint ar chorr ar bith ar an bpostaer.

8 dtuairim ar “Léigí an chló bheag!

  1. aonghus

    Ní dóigh liom go mbeadh an chleasaíocht seo ar bun múrach go raibh tuairim aige go bhfeidhmíonn sé. Béim ar féin, seachas ar a phairtí.

    Sin taobh amhain de PhR – an bhéim ar an duine aonair. Uaireanta is dóigh liom gur rud maith é; bíonn ar an duine seasamh agus fáil tofa mar dhuine inaitheanta seachas mar saighdiúr páirtí. Ar an lámh eile, is iad na fixers seachas na daoine a níonn rud ar son an náisiúin is mó a ghnóthaíonn as.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Cleas éile suarach ó FF ach ní chuirfear dallamhullóg orainn feasta.Bheadh sé comh mhaith do FF léid a thogaint ó na Glasaigh agus gan aon phostéirí a chur suas.I ndeireadh dála ní dheanfaidh sé aon mhaitheas dóibh.Tá a bport séinte.

    Freagra
  3. aonghus

    Thug mé suntas do roinnt fógraí don toghchán áitiúil agus mé ag filleadh abhaile. Is cosúil go bhfuil an chaighdeán seo leagtha amach dóibh ar fad. Seift ó na casscéalaithe gairmiúla, meas tú?

    Freagra
  4. SÓC

    Tá póstaer difriúil aige sa chathair seo ar aon nós (Corcaigh) le ainm pháirtí ann go soiléir agus ainm Ned O’Keeffe ann freisin.

    B’fhéidir go mbaineann an póstaer sin leis an bpáirtí féin agus an ceann thuas sa phictiúr le Brian?

    Freagra
  5. Ping: Fluffy Links - Tuesday May 12th 2009 « Damien Mulley

  6. Ping: Comhairle d’iarrthóirí FF: Laghdaigh an logó, méadaigh an vóta! « iGaeilge

  7. Ping: Election Diary 09.05.09 - The Limerick Blogger Archive

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s