Bhí Proinsias Mac a’Bhaird i measc na mbuaiteoirí móra ag Gradaim Liteartha an Oireachtais anuraidh – as a chuid filíochta agus a ghearrscéalta is eile.
Anois tá tús curtha aige le dialann idirlín – nó blag, do rogha féin – agus is fiú go mór cuairt a thabhairt ar An tOileánach Tréigthe.
Tá tuairim spéisiúil á nochtadh aige ar theachtaireacht a sheol sé le gairid, go gcuirfí deireadh leis na deontais Ghaeilge ar fad.
Is fiú go mór é a léamh agus é a phlé – agus nílim ag dul don phort seo de bharr na géirchéime eacnamaíochta.
Seo sliocht uaidh:
Fuair mise na puntaí nuair a bhí mé óg, fuair mo bhean chéile na puntaí, ach ní sin an fáth go labhraíonn muid Gaeilge. I ndáiríre, an bhfuil duine ar bith ann a labhraíonn an Ghaeilge ar son airgid? B’fhéidir go bhfuil dul amú ormsa, ach ní fheicim gurb é an €200 sa bhliain ó na puntaí nó an seans ar dheontas fuinneog am inteacht sa todhchaí a ba chionsiocair le tuismitheoirí a bheith ag cur na Gaeilge ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.
Is dócha, mar sin, go bhfuil sé in am na seanchórais a athrú – níor oibrigh siad ar scor ar bith. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh go gcuirfí deireadh le tacaíocht rialtais don Ghaeilge agus dóibh siúd atá ar a ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh, ach tá géar-ghá le hathruithe sa chur chuige.
Anois, tá sé ráite agat, a Phroinséis. Nár laga Dia d’éirim nó do dhúthracht scríobhnóireacht agus beidh mé ar chuairt chugat go minic!