Atheagar Ghluaiseacht na Gaeilge – do bharúil faoin mbealach chun tosaigh

An tseachtain seo chaite, bhí an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, ag labhairt le na h-eagrais Ghaeilge ag seimineár a reachtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus, de réir tuairiscí, thug sé dúshlán do na h-eagrais níos mó comhoibrithe a dhéanamh le chéile agus mheabhraigh sé dóibh go raibh fonn ar go fóill go ndéanfadh siad conascadh in aon olleagras mhór amháin.

Seo an Aire a bhunaigh Foram na Gaeilge – le h-ais Foras na Gaeilge – agus iliomad coistí eile ag rá a leithéid le na h-eagrais Ghaeilge. Seomra Caidrimh gan cumhacht abea an Fhóram – agus níl a fhios agam bhfuil sé ann nó as faoi láthair. Ní raibh ach corr chruinniú ag an bhForam an lá is fearr….

Ar aon nós, má ghlacaimíd leis an mhéid atá le rá ag an Aire, go bhfuil gá le h-atheagar ar ghluaiseacht na Gaeilge le go mbeadh sé níos éifeachtaí agus, mar a dhéirfeadh an Aire, go raibh luach níos fearr á fháil ag an Stat as a gcuid airgid, an bhfuil aon chomhaontú amuigh ansin ar an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar seo ‘ag gabhail chun tosaigh’ / going forward?

Tá roinnt moltaí agam atáim chun cur faoi bhúr mbráid i bpobal bhreith. Ní pobal bhreith criochnúil é seo mar sin, mura bhfuil bhúr rogha san áireamh agam, ná bíodh leisce nó drogall oraibh bhúr rogha féin a mholadh.

Sara dtéim chomh fada le sin, ní mór an méid seo a chur ar bhúr súile. De réir phríomhscéal Foinse ag an deireadh seachtaine, tá ‘sceanairt’ le déanamh ar na h-eagrais Ghaeilge is Ghaeltachta. Amhail is ná raibh seo déanta theana féin.

RInneadh tuairisciú ar na bhfigiúirí a foilsíodh breis agus deich lá roimhe sin i Leabhar na Meastúcháin Athbhreithnithe – agus ar foilsíodh iad anseo ag an am sin – agus léiríodh go mbeidh suas le €25m de pholl sa chaiteachas ar an nGaeilge is ar an nGaeltachta i 2009 thar mar a bhí anuraidh.

Is léir ón mhéid seo nach mbeidh aon chiorrú ar bhuiséad an Fhorais chomh fada is a bhaineann sé le beathú is cothú mhaorlaithis an Fhorais féin.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh 7% níos lú de dheontais le roinnt ar na heagrais Ghaeilge. Anuas ar sin gearrfar breis is €2m ar ghnaithí eile a ndéanann FnaG maoiniú orthu ar nós- margaíocht, fógraíocht, scéimeanna Gaeilge etc. Titfidh sé seo ó €5.5m in 2008 go €3.5m in 2009 (ciorrú 37%.) Ísleoidh buiséad na heagraíochta Colmcille ó €193,000 in 2008 go €12,941 in 2009.
Ach ar an láimh eile tiocfaidh ardú 27% ar an méid a chaitheann Foras na Gaeilge ar phá agus ar phinsean foirne. Tá sé seo ag tarlú mar go bhfuil 16 post nua le cruthú. Faoi láthair tá 42 duine fostaithe go lán-aimseartha ag an bhForas agus méadóidh sé seo go 58 duine i mbliana (ardú 38%.) Ardóidh an méid a chaitear ar thuarastail ó €2.9m in 2008 go €3.7 in 2009. Geallann Foras na Gaeilge gur i nGaoth Dobhair a bheas ar a laghad cúig cinn de na postanna sin agus deirtear gur postanna iad atá ceadaithe le fada, tuairim go dtagann an tAire Ó Cuív léi.

Léigh é sin aris agus tuigfidh tú chomh náireach is atá an scéal. Agus an tua á leagadh ag an bhForas ar eagrais atá ag treabhadh leo sa ghort, tá siad chun 16 a fhostú le bheith ag obair ag an bhForas. Cad é go díreach a bheidh á dhéanamh ag an seisear déag seo? Maith go leor beidh cúigear i nGaoth Dobhair – cén chostas a bhainfidh le h-oifig a chur ar fáil agus a fheistiú don chúigear chlúiteach seo?

Ardóidh an méid a chaitear ar thuarastail ó €2.9m in 2008 go €3.7 in 2009.

Dein do chuid mata agus tuigfidh tú go mbeidh mean thuarastal de bhreis is €63,000 in aghaidh na bliana á ioc le foireann ar a bhfuil 58 oibrí. Faoi láthair, agus 42 ag roinnt €2.9m, tá mean thuarastal beagáinín níos mó ná €69,000 á ioc le h-oibrithe an Fhorais. Is uirlis mí chruinn garbh é seo le h-aghaidh luach na mball foirne sin a thomhas – ach an mó duine amuigh ansin sa bhfíor shaol Ghaeilge atá ag obair in eagras le meán thuarastal de bhreis is €60,000? Nó €50,000? Nó €40,000? Nó €30,000?

Glacaim leis freisin gur ceadaíodh na postanna seo le blianta beaga anuas, trath go raibh an gheilleagar níos rathúla ná mar atá sé inniu. An bhfuil gá le na postanna seo inniu? Cén ghá? Cad a bheidh ar bun ag na fostaithe nua seo, ag maoirseoireacht ar líon níos lú eagras Ghaeilge?

Creidim féin go bhfuil beagáinín den ‘ego’ pholatúil ag baint leis an gcinneadh seo an chúigear a lonnú i nGaoth Dobhair. Ní doigh liom go bhfuil aire chomh diograiseach leis an Aire Ó Cuív ag iarraidh an dílarú a chur i bhfeidhm nó tá gach aire eile ag tabhairt droim láimhe don scéim de bharr an chostas a bhaineann leis.

Ba dhea thuairim é an chéad lá – bheadh sé ina chuidiú mhór do cheantaracha is do bhailte móra na tíre go mbeadh roinn rialtais nó oifig eagras stait lonnaithe go h-áitiúil. Ach ní raibh an obair baile déanta ag Charlie McCreevey nuair a d’fhogair sé an scéim mór dílaraithe i 2003 nó cibé cén uair. Arbh é Cowen nó McCreevey a rinne an fógra – tá mo chuimhne ag teip. Caitheadh na mílliúin Euro ag iarraidh an scéim a chur i bhfeidhm tar éis é a bheith fógraithe agus d’iompaigh an rud ina chacstaí. 9Tá foirgneamh brea i gCill Airne a tógadh don Roinn Ealaíon, Spórt is Turasóireachta trath go raibh an TD áitiúil, Seán Ó Donnchú, san Aireacht sin. An bhfuil sé ag luí folamh gan foireann? Creidim go bhfuil.)

Ach seo an Aire Ó Cuiv, cosúil leis an saighdiúr Seapánach go fóill ag troid an Dara Chogaidh Domhanda, ag cloí leis an dílarú go deireadh d’fhonn a thoil pholatúil a chur i bhfeidhm. Sin polataiocht ar mire, gan trácht ar mhaorláthas ar mire!

5 thuairim ar “Atheagar Ghluaiseacht na Gaeilge – do bharúil faoin mbealach chun tosaigh

  1. Séamas Ó Neachtain

    Nílim cinnte gur glacthas mo thuairim i gceart agus mé ag vótáil. Fág faoin margadh é, ach amháin, ní mór go mbeidh ísliú cánach suntasach dóibh siúd a bhronnann airgead ar aon eagraíocht Ghaeilge.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar eagla na mí thuisceana, is féidir votáil ar son níos mó ná rogha amháin – agus is féidir leat do rogha féin a mholadh freisin. Tá sé bunaithe ar an preferendum a bhíodh Gael den scoth, Breandán Ó Mearáin, go ndéanaí Dia trócaire ar a anam, ag moladh fadó.

    Freagra
  3. aonghus

    Nílim cinnte.

    Ach rud amháin a rith liom. Táim díreach tar éis Mise, dírbheatháisnéis Colm Ó Gaora a léamh. Ag tús an chéid seo chaite, bhí sé ar chuma Conradh na Gaeilge líon mór muinteoirí taistil agus timirí a fhostú. Glacaim leis nach raibh airgead Stáit i gceist. Cinnte, bhi beocht sa cheist náisúnta a chabhraigh leis an gcúis an uair sinn.

    Maidir le mholadh Shéamais faoin margadh – beadh athrú mór cultúir i gceist. San Eoraip, is an Stát a ghlacann ról Maecenas seachas aicme an airgid. Sin gné a bhfeadfadh muid foghlaim ó SAM. Ach b’fhearr liom an cultúr a bheith athraithe sula dtagann deireadh leis na deontais. Bhí dream abhus ag iarraidh ciste mar sin a chruthú, ach níor chuala mé tada faoi le fada.

    Freagra
  4. Séamas Ó Neachtain

    Is fíor duit – bhuail mé leis an duine a bhí á dhéanamh anseo i Nua-Eabhrac.
    Aon uair go bhfaigheann an stát cumhacht, bíonn sé fíor-dheacair é a bhaint de.
    A Choncubhair, nach raibh an tAire chun plean iontach a nochtadh maidir le todhchaí na Gaeilge? Ar tharla riamh? Nó an é cosúil le plean Geithner/Obama maidir leis an ngéarchéim eacnamaíochta?

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim go bhfuil plean agaibh i SAM maidir leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus tá muinín agam as Obama – ní fhéadfainn bheith chomh muinineach céanna as an Aire agus a phlean atá le foilsiú uair eigean, roimh Shamhradh na bliana seo nó na bliana seo chughainn.

    Sílim gurb é sin Breandán Mac Cormaic is a chairde atá i gceist agat, Aonghus. Le bheith firinneach nílim cinnte gur féidir liom aontú leo cé go n-aontaím leis an smaoineamh. Níl a dhothain eolais agam faoi a bpleananna cé go gcreidim go bhfuil siad dírithe ar an réimse oideachais agus creidimse go bhfuil gá an bhéim a bheith ar na meáin anois….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s