Mo ghrá go Daingean….

Shamhlófá gur ionann é agus bheith ag iarraidh oighear a dhíol leis an Innuit a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a dhíol sa Ghaeltacht. Nach bhfuil siad timpeallaithe ag an nGaeilge! Ar eigean go bhfuil a thuilleadh ag teastáil uathauainn!

Inné sa Daingean, áfach, bhí seoladh ann ar scéim nua, Corca Dhuibhne Ag Caint, scéim atá mar aidhm aige pobal an Daingin a spreagadh chun a gcuid Gaoluinne a úsáid agus iad i mbun a ngnó laethúil, ag siopadóireacht is eile.

Cinnte tá Gaeilgeoirí na tire dubh dóite de na h-aighnis éagsúla sa Daingean le blianta beaga anuas. Ar dtúis bhí an raic ann faoi ainm an bhaile Gaeltachta seo, an baile is mó in aon Ghaeltacht sa tír, a bheith i nGaeilge amháin, agus sna sála ar sin, bhí aighneas eile, an uair seo faoi teanga oibre na scoile nua sa bhaile, Pobal Scoil an Daingin. Bhí lucht na scoile, idir múinteoirí, bórd bainistíochta agus daltaí, ar shon na Gaeilge ach bhí mionlach ann ar theastaigh uatha an Bhéarla a bhrú ar an gcuid eile. Ar an droch uair bhí an Aire Oideachais Mary Hanafin, mar a bhí, ag tacú leis an mionlach seo.

Ach tá meas tuillte ag an ngrúpa beag seo atá ag tabhairt faoin taoide a chasadh ar ais ar shon na Gaeilge agus is iarracht beag í seo san obair sin. Scéim é seo atá á thacú ag Údarás na Gaeltachta.

Beidh tuilleadh faoin scéim seo ar ball.

6 thuairim ar “Mo ghrá go Daingean….

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim. Cinnte tá an Gaeilge lag sa Daingean agus gá le feabhsú a chur ar chúrsaí.

    Freagra
  2. aonghus

    Níl an Ghaeilge lag sa Daingean. Ach is baile turasóireachta an Daingean, agus bíonn an Ghaeilge (nó an Ghaolainn) as radharc san Samhraidh.

    Caithfear a chuir san áireamh freisin go bhfuil pobal mhór thar baile isteach i gCorca Dhuibhne tré chéile, cuid mhór acu gan Ghaeilge; cuid acu fabhrach, cuid acu patuar, agus cuid acu naimhdeach.

    Tá scéal an Daingean casta. Is maith liom an scéim seo, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leis. Agus thar aon rud eile nach dtarraingíonn sé achrann nua!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Táim ag cur riail nua i bhfeidhm ar an suíomh seo – ní riail ró dheacair é ceapaim. Bí ag plé leis an abhar, seachas leis an ngramadach. Is é sin an fath gur dheineas eagarthóireacht ar theachtaireacht ó Aonghus agus gur chaitheas amach an teachtaireacht ó Cholm. Bíodh is go n-aithním go raibh siad á dhéanamh ar bhonn caradach, creidim go bhfuil sé ag baint den taithneamh a bhainim féin as an suíomh seo a bheith ag plé lena leithéid. Déanfaidh mé mo dhícheall féin ó thaobh mo chuid gramadaí ach ní chuirfidh mé suas le poilíneacht teanga ar an suíomh seo.

    Freagra
  4. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubair, aontaoim ar fad leat.Spreagadh seachas póilineacht teanga atá de dhith.Táimíd go léir ag streacailt leis an diabhal gramadach.Dá mba rud é go rabhamar ag plé chursaí i mBéarla ní bheadh aon béim ar an gramadach.Fiú sa Bhéarla go mór mór i measc an aos óg tá caighdeán an gramadach ag dul i léig le tioncar teachtaireachtaí téacs agus mar sin.Níl mórán tabhairt amach faoi seo.

    Freagra
  5. colm

    Má tá tú chun eagarthóireacht a dhéanamh ar phostanna ó dhaoine i ngeall ar nach n-aontaíonn siad leat, is gearr go n-éireoidh siad as a bheith ag postáil anseo, agus ansin, éireoidh siad as a bheith ag teacht anseo. Ar ndóigh, tá an cead agat do rogha rud a dhéanamh leis an suíomh seo, os leatsa é.

    Ach tá dul amú ort má cheapann tú gur tagairtí do do chuid gramadaí a bhí á chaitheamh amach agat.
    Rud eile ar fad a bhí iontu: tagairtí d’easpa proifisiúntachta an tsuímh nua, Corca Dhuibhne ag Caint, a bhí iontu.
    Easpa proifisiúntachta ó dhuine atá tar éis blianta fada a chaitheamh leis an iriseoireacht Ghaeilge, agus a cheapfá go mbeadh fios a ghnótha a bheith aige faoin am seo.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá cead agat do thuairim a nochtadh ar an suíomh seo ar rud ar bith a bhaineann le saol na Gaeilge nó na Gaeltachta, a Choilm. Go deimhin tá fáilte romhat. Má tá fonn ort bheith ag caitheamh anuas ar mo chuid gramadaí nó ar bhotúin eile a dheinim, tá an cead sin agat freisin chomh fada is go mbaineann siad le h-ábhar.

    Táim tar éis scrúdú a dhéanamh ar an dteachtaireacht a rinne tú tagairt do agus ní fheicim botún amháin ann faoi mar atá tú ag maíomh. B’fheidir go bhfuilim dall ar na botúin sin – cén fath nach seolann tú teachtaireacht chugam agus na botúin sin a ínsint dom seachas bheith ag caitheamh anuas go tarcaisneach ar an suíomh? Seo é mo sheoladh r-phoist: concubhar.oliathain@gmail.com.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s