Spam as Gaeilge…..

Spam – nó cac-phost – as Gaeilge – cé a chreidfeadh é?

Is é seo an teist is cinnte go bhfuil an Ghaeilge beo. Ná bac le suirbhéanna is eile – nó tá ‘spam’ ag teacht chugham as Gaeilge anois.

Scannal! Scannal! Scannal!

Éigeandáil! Éigeandáil! Éigeandáil!

SCANDALS! SCANDALS! SCANDALS!

EMERGENCY! EMERGENCY! EMERGENCY!

Maith go leor, níl ann ach cúpla focal. Ach léiríonn sé go raibh an t-é, fear, bean, páiste nó clár uathoibreach de shórt éigean, a sheol iad airdeallach agus ná raibh sé/sí ag iarraidh droch mheas a léiriú don bhlag seo.

Ar eagla na mí thuisceana, ní spam i mo riomhphost atá i gceist agam. Freagra é an trachtaireacht seo ar phlé a thosnaigh mé tamall ó shin faoin timpiste heileacaptair a bhí ag Martin Cullen ag tús mhí an Mhárta.

Seo agaibh an nasc chun an ‘spam’ as Ghaeilge a léamh.

Ardaíonn sé mo chroí, an spam seo i nGaeilge. As go brách go dtí an Daingean liom anois, áit a bheidh scéim nua chun pobal Chorca Dhuibhne a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid, Corca Dhuibhne ag Caint. Tá blag speisialta dhá theangach bunaithe agam ar son lucht eagraithe na scéime ar mhaithe le cuidiú leo an deascéal a chraobhscaoileadh. Tá an Ghaeilge ina chnámh sparainne i gCorca Dhuibhne agus, go h-áirithe, sa Dhaingean le seal anois. Tá súil againn go gcuideoidh an scéim seo leis an scamall sin a ghlanadh….

3 thuairim ar “Spam as Gaeilge…..

  1. Ursula

    ‘Turscar’ a thugtar go minic ar spam i nGaeilge, focal an-deas sílim, focal a aistríonn Ó Dónaill mar ‘cast-up seaweed, wrack’.
    Dála an scéil, níl suim ag muintir an Daingin sa Ghaeilge ach amháin nuair a bhíonn a gcuid deontaisí i mbaol! Is ar chuinsí airgid leis nár theastaigh uathu an t-ainm ‘Dingle’ a chailleadh – ‘international brand name’ a thugadar air. Ar chuala tú riamh Gaeilge á labhairt sa Daingean, ach amháin o mhuintir na Gaeltacha atá istigh ag siopadóireacht nó ag obair ansin?

    Freagra
  2. aonghus

    Cá bhfuil an Caife Liteartha i mbaile an Daingin?

    Tá sé in aice le Siopa Uí Ghinneá, ar bhóthrín atá comhthreomhar leis an sruthán a théann faoin droichead bheag. Tá an pictiúrlann ag deireadh eile an bhóthair.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s