Vóta Muiníne nó Mí Mhuiníne?

De réir tuairisce, tá sé ráite ag an Aire Airgeadais, Brian Lenihan, go bhfuil meas ar Rialtas na tíre seo i measc rialtas na hEorpa de bharr na ciorruithe géara atá á chur i bhfeidhm anseo. Dar leis an Aire Ó Luineacháin, bheadh círéibeanna ar na sráideanna sa Fhrainnc dá ndéanfadh Sarkozy amhlaidh.

Táimse in amhras go bhfuil rudaí chomh suanmhar is a cheapann an tAire. Tá sé in am, dar liom, pobal bhreith neamh eolaíoch a chur sa tsiúl le barúlacha a bhailiú maidir le seasamh an Rialtais i súile an phobail.

Cad é bhúr meas?

5 thuairim ar “Vóta Muiníne nó Mí Mhuiníne?

  1. crosbhealaí

    Bhuel, tá tú ag meascadh rudaí éagsula le chéile anseo.
    1. An meas atá ag na rialtais Eorpacha eile ar ár Rialtas (téama ráiteas an Aire)
    2. An meas atá ag pobal na íre seo i gcoitinne ar ár Rialtas go ginearálta
    3. An meas atá ag pobal na Gaeilge ar an Rialtas
    4. An meas atá ag pobal na tíre ar an Fheidhmeannas sa Tuaisceart ar cheist na Gaeilge (ceist do mhuintir na sé chontaetha i ndáiríre)

    Freagra
  2. aonghus

    ceist do mhuintir na sé chontaetha i ndáiríre
    Ní hea. Ó tharla a lán de pholasaí na Gaeilge a bheith fite fuaite le Folús na Gaeilge, agus marbhfháisc le blianta ar an eagraíocht chéanna de bharr mí fheidhmeannas na sé gcontae, is cúis imní do phobal na Gaeilge ar fud na cruinne geatsaíocht Rialtas an 26ú contae, Feidhmeannas na Sé Chontae agus Rialtas an Ríocht Easaontaithe ar cheisteanna na Gaeilge. Ní ann don críochdeighilt teangain!

    Agus táim amhrasach faoi gach gné de gach cheist a leagann aon dream acu siúd atá luaite agam lámh air. An eacnamaíocht thar rud ar bith eile.

    Ceist eile ar fad, an iad na polaiteoirí amháin is cúis leis, nó an amhalidh go bhfuil ceannairí ár seirbhísí poiblí mí éifeachtach freisin. Ní bhíonn toghchán ann chun fáil réidh leo siúd, agus is feidir leo leanacht lena gconair mhístuama, ach “Sea, a Aire” a rá, agus gan bacadh leis (nó léi!) tharas sin.

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    Is maith an rud é pobal bhreith ar an Rialtas suarach ó dheas.Measaim féin nách raibh rialtas riamh in Éirinn go raibh a leithéad de dhroch cáil ortha imbaile is i gcéin.Musclóidh na toghacháin atá ag teacht FF as a shuaimhneas.Seo rialtas a cheapann go bhfuil sé cóir tobhach a ghearradh ar glantóirí ar an íosphá náisiúnta má tá an t-adh leo agus gan é a ghearradh ar breithiúna atá ag tuilleadh €160m an bhliain.Má tá fadhb leis an bunreacht nár cheart é a leasú san chéad toghacháin éile.Tá FF ró fite fuaite le lucht an racmhais agus caithfear iad a chur amach go luath.

    Freagra
  4. SÓC

    Ar a laghad tá rud éigin ag tarlú anois, bhíodar ró-mhall l’aon rud a dhéanamh ar dtús áfach.

    Tá moill ar an tír ar fad (an rialtas san áireamh) glacadh le na fadhbanna eacnamaíochta agus an suíomh domhanda.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s