Sceimhle phaindéime?

Chonac ceannlíne sa “Mirror” ar maidin – Swine Flu Terror Hits Ireland – agus is dócha gur bhain sé siar asam. An focal sin ‘Terror’, tá sé an laidir chun cursíos a dhéanamh ar alpóg atá ag cur as do dhornán daoine sa tír seo, ar a mhéid, fiú má bhionn toradh cinnte ar na tastálacha a deineadh ar an leath dhosaen nó mar sin atá amhras ina dtaobh.

An é gnó an nuachtáin tablóidígh sin sinn a imeaglú lena leithéid de cheannlíne?

Níl aon amhras orm ach go bhfuil baol ag baint leis an aicíd seo. I bhfianaise an méid daoine a fuair bás i Mheicsiceo de bharr Fliú na Muc, tuairim is 150 agus seo á scríobh – ach tá sé mí stuama agus mí cheart ag na meáin an phobal a scanrú le cinnlinte den chineal atá thuasluaite.

Nach féidir linn aghaidh ar fhadhbanna mar seo ar bhealach atá préamhaithe sa réasún, seachas sa scaoll.

Anois cá bhfuil mo mhasc liachta gorm?

13 de thuairimí ar “Sceimhle phaindéime?

  1. aonghus

    An é gnó an nuachtáin tablóidígh sin sinn a imeaglú lena leithéid de cheannlíne?

    Sea, cinnte. Mar sin a díoltar nuachtáin, go háirithe an aicme sin nuachtán. Tá dilucháil teangain i gceist le cinnteidil mar sin. Is tragóid gach bás, agus uafás gach taisme. Agus bíonn daoine ag luascadh idir ró-áthas agus ró-eagla.

    Mas fíor do na cinnteidil. GOTCHA!

    Freagra
  2. Seán Mór

    Scríobh litir chucu ag cur in iúl nach bhfuil tú sásta leo, a Choncubhair! Thig leat litir Mhic Aonghusa agus Mhic Róibín a úsáid mar theimpléad!!!!! 🙂

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    An do seo atá tú ag tagairt, a Shéamuis? An é go raibh an Uachtarán féin ag eitilt an eitleáin? Glacaim leis gur léirigh sé easpa comhbhá amhlaidh a dhéanamh ach b’fheidir go raibh cúis mhaith slándála leis? Níl a fhios agam. Ach creidim go raibh an ceannlíne gan bunús….Obama plane scares New Yorkers….

    Is cinnte dá mbeadh eitleán cogaidh Mheirceánach ag eitilt os do chionn san Iaráic go mbeadh cúis agat bheith buartha….

    Nár cheart don iar leas Uachtarán, Dick Cheney, é a thogáint go bog! Is cosúil go bhfuil sé ar an íonsaí arís – anois sin údar buartha don dhomhan mhór. Rinne an fear sin níos mó scrios ná aon duine eile i mo chuimhne.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    An bhfuil tú ag dul thar fóir, abhairín, agus ag déanamh scéal cailleach an uafáis faoi eitleán – Airforce 1! – bheith ag eitilt thar Nua Eabhrac? Fiú go h-íseal? Feictear dom go bhfuil tú ag léiriú claonadh atá in éadan SAM agus go bhfuil seo ina shampla do frith Mheirceánachas uait!

    Freagra
  5. Seán Mícháel O Donnchadha

    Ní bheinn buartha faoi na ceannlíne`sna nuachtáin tablóidígh mar dé gnáth ní bhionn iontu ach an ceannlíne.Nil a fhios agam cad a bhi ar súil ag BHO.B`fheidir gur chuala sé faoi éachtraí Máirtín Úi Chuilinn ós chionn Cill Áirne agus go raibh sé ag déanamh aithris air.Mar is eol do cach is dainséarach an rud macasamhail Máirtín `s againne a dheanamh.Ní mór do Bharrak bheith curamach leis an cnaipe núicléach fad is atá Máirtín timpeall.

    Freagra
  6. colm

    An rud is aistí faoi seo ar fad – galr na muc – ná an méid daoine a cailleadh i Meicseacó, agus cé go bhfuil an galar spréite amach go tíortha eile, nár cailleadh éinne in áit eile (fós, ar aon nós)

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Bionn tínte ealaíne ag pléacadh ar Bhóthar na bhFal i gcónaí. Beag aird a thugtar orthu nó aithníonn daoine ar an mbóthar sin an fíor rud. I bhfirinne ní raibh mé ach ag magadh faoin ‘bréag uafás’ a bhí ar dhaoine faoin mhéid a tharla, aon báta le Obama a bhuaileadh. Sílim go bhfuil sibh mí dhilis don Uachtarán úr agus creidim nach bhfuil sibh ach ag iarraidh tochailt faoina udarás le scéalta ‘cailleach an uafáis’ cosúil le seo.

    Freagra
  8. aonghus

    Tá san ann.

    Ach thuigfeá don dream i Nua Eabhras a theith as a oifigí nuair a chonaic siad an éitleáin. De réir mo thuiscint, bhí Obama féin ar buille faoin scéal.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s