An Ghaeilge agus fliú na muc gaolta – nó an bhfuil?

Is iomaí alt aiféiseach a foilsíodh i nuachtáin i gcaitheamh na mblianta faoi chostas na Gaeilge agus na nithe a bhí á chailliúint againn de bharr an ró chaiteachas ar an dteanga.

Is cuimhin liom féin argóint a bheith agam le colúnaí ón Kerryman trath a bhí ag scríobh gur mór an cur amú airgid é an chaiteachas ar TnaG, mar a bhí, seachas ar fhallaí níos airde ag Priosún Caisleán Riabhaigh i gContae Ros Comáin. Dar liom gur dea theist é ar phobal airgead a chaitheamh ar chultúr – TG4 – seachas ar phriosúin.

Tá TG4 – agus tá fallaí brea árda ar an bpriosún úd – againn inniu.

Ach tá’s againn nach bhfuil deireadh leis an cineal seo áiféise.

Ag léamh An Druma Mór dom níos luaithe, thugas faoi ndeara, mar a cheapas, alt eile den chineál seo le cur ar an gcarn fhaoilligh.

De reir an ailt seo, bhí tuairisceoir leis an Westmeath Examiner ag nochtadh tuairime faoi airgead a bheith á chur amú ar an nGaeilge seachas ar bhealaí chun dul i ngleic le fliú na muc.

Ach, seo an rud, niorbh é sin a bhí á rá in alt an Westminster Examiner.

Is amhlaidh gur colún de short a bhí anseo agus go raibh dhá mhír ann – ceann faoin ráig fliú seo agus ceann eile faoi ‘raflaí’ go raibh deacrachtaí airgidis ag Comhairle Contae na hIar Mhí.

Seo an alt cuí ón Westmeath Examiner.

Slash and burn
Meanwhile, the county has been rife this week with rumours about the financial status of Westmeath County Council.
At Monday’s County Council meeting, County Manager, Dan McLoughlin made it clear that the Council is facing tough times, primarily because of the dramatic slash in the amount of its road allocation for this year.
He has also, to the Westmeath Examiner, firmly denied that the Council has any greater problems, confirming that he is aware there are rumours, but stating that that is exactly what they are: just rumours.
But services are going to have to be cut back somewhat, it emerged at Monday’s meeting, to compensate for the almost €3.8m cut in roads funding.
Maybe the Government might now agree to axing that ridiculous policy of ensuring that every official document in this country is also produced in an Irish language version – something that few members of the public ever seek, but which costs local authorities thousands every year.
It’s time to tell those doing the language activism that that level of translation is a luxury we can no longer afford: they’ll just have to make do with reading things in English instead.

Ar ndóigh tá an bun dearcadh atá ag scriobhnóir an ailt seo thar fóir ar fad – agus níl bun nó barr leis an loighic a bhaineann sé feidhm as chun teacht go dtí an conclúid. Níl aon leid san alt go bhfuil ana chuid airgid á chaitheamh ar an aistriúchán i gContae na hIarmhí. Agus tá blas an aondachtaigh is frith Ghaeilge ag baint leis an abairt dheireannach sin.

Ag an am chéanna ní mór do phobal na Gaeilge a aithint go bhfuil bealaí níos fearr ann chun airgead atá dlite don Ghaeilge a chaitheamh ná aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla nach léitear i mBéarla. {an seana líne sin arís!]

Tá pobal bhreith á reachtáil i nGarraí Johnny Mhorgan ar an gceist – agus beidh sé spéisiúil torthaí an tsuirbhé sin a fheiscint.

Ach tá sé ráite agam anseo go minic nach doigh liom go bhfuil airgead na Gaeilge á chaitheamh go ciallmhar ar chaipéisí oifigiúla nach léitear nuair atá páistí scoile gan téacs leabhair nó irisí den scoth cosúil le nós* gan tacaíocht cheart.

Sara gcriochnaím ní féidir an locht a chur ar An Druma Mór sa chás seo nó fuair siad an alt atá foilsithe acu ó shuíomh eile, Keltalingvaj {Eispearaintis ar theangacha Cheilteacha].

Agus ní mór a lua freisin ná raibh cur i láthair an ailt ar shuíomh an Westmeath Examiner ró shoiléir agus gur chuidigh sé sin le míthuiscint go raibh ceangal díreach á dhéanamh idir fliú na muc agus an Ghaeilge.

2 thuairim ar “An Ghaeilge agus fliú na muc gaolta – nó an bhfuil?

  1. aonghus

    Ach tá sé ráite agam anseo go minic nach doigh liom go bhfuil airgead na Gaeilge á chaitheamh go ciallmhar ar chaipéisí oifigiúla nach léitear nuair atá páistí scoile gan téacs leabhair nó irisí den scoth cosúil le nós* gan tacaíocht cheart.

    Lúb ar lár agat anseo, a Chonchubar. Mar a leiríonn an t-alt úd, is as airgead riaracháin na comhlachtaí stáit a thagann an t-airgead do na haistriúcháin seo. Dá n-aisghairmfí an tAcht amárach, ní bheadh cianóg rua breise ann don Ghaeilge, ná do sláinte daoine le fliú. Chaithfí an t-airgead ar riarachán. Cuireann an gné sin den Acht iallach ar rannóga smaoineamh ar an nGaeilge. Is maith ar a shon sin féin é. Agus is fearr fós é má cheistíonn siad an t-abhár atá a chuir ar fáil acu in aon teanga dá bharr!

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Tá slite éile le tachú leis an nGaeilge seachas airgead a chur amú ar aistriúchain caipéisí nach leighfear fiú i mbearla iad.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s