Tromaíocht pholatúil ar na meáin?

Tá sé ina chonspóid le tamall faoi litir a sheol an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire ó thuaidh, Peter Robinson agus Martin McGuinness faoi sheach, chuig úinéir an Belfast Telegraph,[Sir] Tony O’Reilly faoin dtuairisciú diultach a bhí á dhéanamh ag an nuachtán sin, dar leo, ar bheartais an Fheidhmeannais.

Cúpla pointe sara dtosnaím ar an bplé faoi seo i gceart. Sna meáin Ghaeilge – leithéidí Foinse agus TG4 go h-áirithe – ní dhéarfaí ‘tuairisciú’. Dhéarfaí ‘clúdach’ nó ‘clúdú’. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is ionann ‘scéal a chlúdach’ agus é a chur as radharc, faoi chlúdach! Malairt céille atá ag Foinse agus TG4, cheapfainn, cé go mbeadh amhras éigean orm i bhfianaise an slí a thuairiscíonn siad [a chlúdaíonn siad, mas fearr leat!] scéalta éagsúla. Béarlachas atá ann, ar ndóigh, atá go coitianta i mbearlagar na n-iriseoiri Ghaeilge in éineacht le ‘scéal a bhriseadh’ nó ‘ceist a ardú’! Tabhair ‘seanfhaiseanta’ orm – nó tabhair ‘poilín Bhéarlachais’ orm mas maith leat!

An dara pointe: an rud is aistí faoin scéal seo gur ar bhlag, Slugger O’Toole, a tháinig an scéal seo chun solais sa chéad dul síos. Is cinnte dá mbeadh litir mar sin faighte agam, is mé im eagarthóir ar Lá Nua, go mbeadh sé foilsithe sa nuachtán sin seachas ar mheán sheachtrach. Ag an am chéanna, tuigim cén fath gur theastaigh ón nuachtán, agus creidim gur ón nuachtán a tháinig an sceitheadh eolais, an scéal a thabhairt chun solais ar shlí a chuireann le creidiúínt an scéil agus a thugann deis do gach nuachtán eile scéal a dhéanamh faoi ag an am chéanna. Dá bhfoilseofaí an litir seo sa Belfast Telegraph, ní bheadh fonn ar nuachtáin eile an scéal a fhoilsiú ina dhiaidh sin mura bhféadfadh siad casadh éigean a fháil air ná raibh sa chéad scéal. Ag filleadh ar Lá Nua, ní dhéanfadh sé an oiread sin difir cá bhfoilseofaí an scéal ar dtúis…

Ach táim ag féachaint ar an gcolún atá ag Poilín Ní Chiaráin i ‘Foinse’ inniu ar an eachtra aisteach seo i saol ré Stormont. Tabhair chun cuimhne go bhfuil ainm Mhartin McGuinness ar litir chuig ‘Sir Anthony O’Reilly’ agus é ag gearán faoin mbealach diultach atá tuairisciú á dhéanamh ar a chuid beartais [nó neamairt] pholatúil. Ní chuirfeadh sin íontas ort is dócha ach ansan tabhair chun cuimhne go bhfuil síniúcháin Mhartin McGuinness agus Peter Robinson ar an litir seo le cheile, litir ina dtugtar ‘Tony’ go caradach, cheapfá, ar úinéir Grúpa Mheáin Independent! Sin casadh aisteach ar an saol cheapfá.

Ar aon nós, mar a deir Póilín ina h-alt, cuirtear brú pholatúil ar eagarthóirí nuachtáin ó am go chéile. Bionn a leithéid ag caint le cheile ag ocáidí agus bionn plé agus, fiú, argóintí. Is é sin cuid den saol ina mhaireann siad araon.

Is í an teist, cé acu an ngeilleann an eagarthóir don bhrú. Maith go leor má cheapann sé/sí go h-ionraic gur deineadh éagóir agus gur cheart sin a chur ina cheart, ní féidir locht a fháil ar sin.

Seo a deir Póilín ina h-alt. Níl sé ar shuíomh thearc-fhorbartha Foinse go fóill agus mar sin beidh orm é a chló mé féin.

Céard a bhí ar bun ag Céad agus Leas Chéad Aire Thuaisceart Éireann nuair a rinne siad gearán le h-úinéir an Belfast Telegraph seachas eagarthóir an nuachtáin? Cinsireacht? Ag iarraidh Pravda dá gcuid féin? Sé an Telegraph an páipéar is mó a fuair fograíocht rialtais ó Stormont, i bhfad níos mó ná an Irish News nó an Belfast Newsletter. Níor deineadh tagairt dó sin sa litir ach an raibh sé i gceist? Ar smaoinigh na hAirí go rabhdar ag déanamh imeaglú ar an bhfoireann logánta san Telegraph ar chuid é de Independent SN&M? Ar chuimhnigh siad ar an tslat a bhí siad ag a thabhairt do pháirtithe eile chun iad a sciúirseáil? Nó ar cheap siad nach bhfaighfí amach go ndearna siad é?

Ceisteanna ciallmhar ó Phoilín – ach ceisteanna in aisce freisin. Ní raibh aon tuairim ag Peter nó Máirtín go sceithfeadh ‘Tony’ a litir mar a dhein. Léiríonn an litir sotal neamh choitianta sa chéad dul síos, léiríonn sé sotal sa tslí gur sheol siad an litir chuig an úinéir, seachas an eagarthóir, agus ar go leor bealaí eile.

Ina h-alt fiafraíonn Poilín cé acu ‘Pravda’ atá ag teastáil ón bheirt seachas nuachtán fiosraitheach. An freagra ar an gceist sin gur doichí nach dtaitneodh an fhírinne leis an DUP nó le Sinn Féin cé acu i mBéarla nó Ruisís nó Gaeilge a raibh sí.

Tá taithí agam féin agus lucht léite Lá Nua ar an mbealach a chaitheann Sinn Féin le nuachtáin nach dtaitníonn a dteachtaireacht leo. Nuair a cháin Lá Nua, le linn dom bheith im eagarthóir, Sinn Féin i mí Feabhra anuraidh as an easpa cur chuige i leith na Gaeilge agus na teipeanna a tharla le linn seal faire an pháirtí sin – teip Acht na Gaeilge agus ciorrú na Ciste Craoltóireachta, niorbh fhada gur bhain SF díoltas amach ar an bpairtí nó votáil ionadaithe an phairtí ar bhórd an Fhorais in éadan conradh nuachtáin laethúil a bhronnadh ar Lá Nua.

Ach ná bac le sin. I mí na Márta anuraidh, scrígh Squinter, colúnaí chlúiteach an Andersontown News, alt ag cáineadh Gerry Adams go géar de bharr go raibh cúrsaí dlí agus cirt imithe as smacht i mBéal Feirste Thiar, a thoghcheantar. Bhí Squinter ag scríobh tar éis gur mharaigh coirpigh iar chime poblachtach ina thigh cónaithe in iarthar Bhéal Feirste, Frank McGreevey.

Seachtain ina dhiaidh sin, bhí leithscéal ar chéad leathnach an Andersontown News as ucht aon ghortú a bhain don Fheisire áitiúil. Níor chuala mé riamh faoina leithéid de leithscéal go h-áirithe nuair ná raibh aon rud clúmhillteach foilsithe. Fiú dúirt Gerry Adams féin nár iarr sé a leithéid!

Glacaim leis gur tháinig an nuachtán faoi bhrú ó na fogróirí in iarthar Bhéal Feirste, brú a d’fhag iad gan rogha ach leithscéal a ghabhail agus bogadh ar aghaidh go gasta ó láthair an áir.

Is cinnte nách bhfaca mé morán trua á léiriú do Lá Nua i nuachtáin ar nós Foinse nuair a dhruid an Fhoras, le beannacht Shinn Féin, an nuachtáin. Ach ní sin an scéal anseo. Nuair a dúirt Lá Nua ná raibh sciar cothrom d’fhograíocht phoiblí á fháil ag Lá, is cuimhin liom bheith ag léamh nach deontas i bhfoirm eile atá i gceist le fograíocht phoiblí.

Anois is cosúil gurb é sin atá i gceist.

Sé an Telegraph an páipéar is mó a fuair fograíocht rialtais ó Stormont, i bhfad níos mó ná an Irish News nó an Belfast Newsletter. Níor deineadh tagairt dó sin sa litir ach an raibh sé i gceist? Ar smaoinigh na hAirí go rabhdar ag déanamh imeaglú ar an bhfoireann logánta san Telegraph

Bí ag caint ar imeaglú ar fhoireann nuachtáin. Bhí Aondachtóirí Uladh, leithéidí an Tiarna Laird, an Bantiarna Sylvia Hermon agus eile ag cur brú tre ceisteanna i dTeach na dTiarnaí ar mhaoinitheoirí Lá Nua i rith an ama le linn 2004/5. Is iomaí uair go raibh an fhoireann faoi bhagairt go gcaillfimís ár bpostanna de bharr an bhrú seo. Beag trua a léirigh Foinse nó an Belfast Telegraph dúinn, beag an comhbhá a léiríodh don phriacal ina rabhmar, beag meas ar an rud sin ar a dtugtar ‘saoirse an phreasa’.

Tuigim cás an Belfast Telegraph agus an fhoireann ansan agus cáinim an imeaglú pholatúil atá déanta sa chás seo. Ní h-é seo an chéad uair a deineadh a leithéid i dtuaisceart na hÉireann – ach ní bhéinn ag súil go mbeadh cuimhne ag lucht Foinse ar sin!

Tugaim faoi ndeara, áfach, gur minicí fograí rialtais dhá theangacha ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt, ó rannóga Shinn Féin go h-áirithe, i leathnaigh Foinse ná fograí ó Rialtas na 26 contae le déanaí.

Is olc an ghaoth ná shéideann do dhuine éigean…. Níl aon toradh bealach amháin nó eile ar an mhargántaíocht idir Foinse agus Foras na Gaeilge faoin chonradh nua atá le tairiscint don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge.

Aon tuairim amháin ar “Tromaíocht pholatúil ar na meáin?

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Bheadh eagla orm faoi saoirse an phreasa.Páirtí polaitíochta a thagann ó chúlra paraimileatach agus tá baint ag SF agus DUP leo, beag beann ar a dhearfadh Peter Robinson, ní thaithníonn cáineadh leo.Caithfidh siad an Kalasnakov a fhagáil taobh amuigh dóras na polaitíochta, an comhairle a thug Sheosamh Ó H-Úigín le Willie O`Dee fadó.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s