Ó Céidigh le seasamh ar son FF?

Pádraig Ó Céidigh

Pádraig Ó Céidigh

An bhfuil úinéir Foinse agus Aer Arann ar tí seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán Phairlimint na hEorpa san Iar Thuaisceart?

De réir scéala sa Sunday Business Post inniu, scéal nach bhfuil ar fáil ar an suíomh idirlín go fóill, níor thug Pádraig Ó Céidigh freagra dearfach ‘sea’ nó ‘ní hea’ ar an gceist. Dúirt sé, áfach, go raibh sé tabhachtach go mbeadh níos mó fir (agus mná) gnó sáite sa pholataíocht. Dhearbhaigh sé go raibh Fianna Fáil tar éis teacht chuige agus an cheist a phlé agus fiú dá roghnófaí é, go mbeadh triúr nó ceathrar eile sa reicneáil ag an bpairtí le h-aghaidh an toghchán chinniúnach seo.

‘Politics is not my career; business is, and it’s a seriously challenging time for business,” said O’Céidigh. ‘‘I would need to consider personal issues like family versus the public interest.

”Even if I allowed my name go forward, there would still be a three or four-person team who decides who they want the mantle to go to.”

Ó Céidigh said Fianna Fáil’s record low popularity would not be an issue for him. ‘‘It wouldn’t faze me one bit,” he said. ‘‘I swim upstream. I wouldn’t be interested in it if it was a guaranteed seat, because it wouldn’t be a challenge

Nior dúirt sé, áfach, ná beadh suim aige ann. Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach – b’fhearr do a veist philéardhíonach a chaitheamh má tá sé le dul ag canbhasáil fud fad Chonnachta agus Uladh (agus an Chlár) d’Fhianna Fáil, páirtí na nimhe faoi láthair.

Mas amhlaidh go sheasann an tUasal Ó Céidigh d’Fhianna Fáil sa toghchán seo – agus is cinnte gur fear cumasach é agus go bhfuil gá lena leithéid – cá fhagann sin an maíomh a bhíodh ar bun aige faoi Foinse bheith ‘neamh pholatúil’, maíomh a dhéanadh sé chun a tharcaisne do Lá a chur in iul {mar go raibh páirt úinéir Lá ina chomhairleoir ag Sinn Féin trath nuair ná raibh sé aon úinéireacht nó láimh aige sa nuachtán]?

Ach má fhagaimíd an ghné sin den scéal ar leataobh, an bhfuil sé ar leas Fhianna Fáil, Phádraig Ó Céidigh nó na tíre go mbeadh an fhear seo ag iompó bhrait an pháirtí i dtoghchán na hEorpa?

An mbeimís níos fearr as dá mbeadh Pádraig Ó Céidigh ina Thaoiseach?

Aon tuairim amháin ar “Ó Céidigh le seasamh ar son FF?

  1. aonghus

    N’fheadar.

    Ní ionann toghchán Eorpach, agus toghchán eile. Aitheantas i réimse leathan tíre atá de dhíth san toghchán Eorpach. Is dócha go bhfuil sin ag an gCéideach.

    Agus baint dá laghad níl ag an cheist le hinnealra na bpáirtithe abhus. Úsáidtear Feis na hEorpa ar bhealach cosúil leis an Seanad – chun ábhar teachta dála a phromhadh, nó chun fáil réidh le duine chun spás a dhéanamh do dhuine eile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s