Gerry Adams V Gay Byrne – athagallamh

adamsbyrneNuair a chuir Gay Byrne Gerry Adams faoi agallamh ar an Late Late Show na blianta fada ó shín, ní raibh leisc ar fhear RTÉ a fhearg a léiriú do Uachtarán Shinn Féin.

Anocht, sa ré iar-Mír 31 den Acht Chraolacháin agus i ré na roinnte cumhachta ó thuaidh, bhí an bheirt os comhair na gceamraí arís. Bhí Gerry Adams á chur faoi agallamh ag Gay Byrne don chlár ‘The Meaning of Life’.

Ní raibh an naimhdeas céanna le sonrú san agallamh seo. Fiú chroith Gay Byrne lámh Gerry Adams i ndiaidh an agallaimh bheith criochnaithe, ós comhair na gceamraí.

Tháinig an cheist chun tosaigh faoi Adams a bheith ina bhall den IRA. An raibh sé ina bhall nó ná raibh? Shéan sé go raibh sé ina bhall. Ach dúirt sé go raibh ‘freagrach’ as rudaí a rinneadh in ainm Ghluaiseacht na Poblachta mar go raibh sé ina cheannaire ar an ngluaiseacht sin.

Más amhlaidh ná raibh sé ina bhall den IRA, cén fath ná raibh sé ina bhall? Bhí a chairde go léir ina mbaill is ní raibh seisean. Ar chreid sé go raibh siad ag déanamh rudaí nach bhféadfadh sé láimh a bheith aige iontu?

Níl a fhios agam faoin IRA agus ballraíocht an Airm sin. Níl a fhios agam an ionann ballraíocht san IRA agus ballraíocht in eagrais mhileata eile. Ní doigh liom go mbionn foirm ballraíochta ann, nó proiseas earcaíochta. Níl sé cosúil le cumann peile, ní doigh liom.

Ar aon nós is sorcas de chuid na meáin cumarsáide an cheist seo. Níl brí leis dar liom don ghnath dhuine.

Bhí cúpla ceist san agallamh a raibh spéisiúil agus na freagraí a thug Gerry Adams, bhí siad spéisiúil freisin. Dúirt sé, mar shampla, go mbionn sé ag guí agus gur paidreacha pháistiúla na h-urnaithe a bhionn aige agus go ndeineann sé seo i nGaeilge.

Dúirt sé go raibh sé seo ina ‘nós aisteach’ aige. Nó treithleithleachas a thug sé air. Cá bhfagann sin mise atá mo shaol spioradálta i nGaeilge ar fad?

Ar aon nós, fagfaidh mé ansan é.

Ach amháin, ar cheist iomlán difriúil, déarfaidh mé seo. Ag tús ‘The Week in Politics, dúirt an tuairisceoir, Micheál Lehane [ní gaol é!] go raibh Mary Coughlan thar lear ag díol na tíre seo – selling Ireland. An bhfuil aon seans go ndíolfaimís Mary Coughlan agus an tír a choimeád?

3 thuairim ar “Gerry Adams V Gay Byrne – athagallamh

  1. MiseÁine

    Bíonn sé deacair an rud atá lochtach a dhíol chomh fada agus is eol dom. Ní hé an luach céanna a bhíonn air agus ní bhíonn an tsuim chéanna ag ceannaitheoirí ina leithéid, ach is fiú dul sa seans seachas an rud a fhágáil ag lobhadh ar an tseilf, i mo thuairim.

    Maidir leis na polaiteoirí agus na freagraí sin uatha, is é mo thaithí féin mar mháthair, agus mé ag streachailt liom le gnáthfhadhbanna an tsaoil, gur cuma cén pháirtí ar leis an polaiteoir, is iondúil go ndéarfaidh sé/sí cibé rud atá feiliúnach dó/di féin agus dá bpáirtí ag an am. An eisceacht é Gerry Adams?

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Níor éist mé le Gearóid MacAdaimh mar nil i gcláireacha mar seo ach bolscaireacht do SF. Bhi a fhios agam go gcuirfeadh Gay Byrne agallamh bog ar MacAdaimh agus chualamar a bhréagacha faoi bhallraíocht an IRA cheanna.Dá mba rud é nach raibh sé ina mball cén fath gur chuir Priomh Áire Wilson chuireadh do McGuinness agus é féin dul go Londan fadó chun plé le sos cogaidh.Bhi alt sna nuachtáin inné gur scriobh McGuinness agus Peter Robinson d`uinéar an Belfast Telegraph, Antáine Ó`Raghailligh chun cinsireacht a dheanamh ar a nuachtán i leith Feimeannas an Tuaiscirt.A leithéad de pholataíocht agus gan aon cheist curtha ag Gay Byrne ar MacAdaimh faoi seo.Mar focal scoir is as Cathair Saidhbín Michaél O `Liotháin agus cheap mé nach bhfeadfaí Éire a dhíol mar tá sí díolta cheanna ag FF agus lucht an ráchmais.

    Freagra
  3. aonghus

    Droch Bhéarla arís. Ní ag díol ná ag reic Éireann atá an Tánaiste, ach ag déanamh bolscaireacht ar ár son. Ag iarraidh lucht gustal a mhealladh. Caolseans go mbeidh mórán toradh air. An gceannófá sean charr ón mbean sin?

    Maidir le Adams agus a neamh bhallraíocht san IRA. Tá (nó bhí) móid i gceist le ballraíocht san IRB. Níl fhios agam faoin IRA. Ach feictear dom go bhfuil Adams sáinnithe – nach raibh air dearbhú go sollúnta uair éigin nárbh ball é, chun seasamh i dtoghchán? Níl ann ach liathróid peile eile.

    Maidir le hurnaí as Gaeilge, meabhraíonn sin nath dom a chuirtear i leith ceann de na hImpirí Hapsburg, Cathal IV, sílim:
    Labraím Fraincís le fir,
    Iodáilís le mná,
    Spáinnís le Dia,
    agus Geramáinís le mo chapall!
    (Bhí an teaghlach úd idir Spáinneach agus Gearmánach an uair úd)

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s