An Ghaeilge/An Ghaeltacht agus an Buiséad II

meastuchainga
meastuchain
Is fiú féachaint ar na bhfigiúirí seo le léargas soiléir a fháil ar an buille atá faighte ag an nGaeilge is ag an nGaeltacht ó tua na ngiorrú.

Is cosúil, mar shampla, go bhfuil laghdú de 23% ar chaiteachas na Roinne ar an nGaeltacht. Tá titim €5.7m ar chaiteachas reatha agus laghdú €19.64m ar an gcaiteachas chaipitil. San áireamh ansan tá ciorrú €2m ar chostaisí riaracháin Údarás na Gaeltachta, síos ó €13.9m go dtí €11.9m. Tá ciorrú beagán níos lú ná €500,000 ar chaiteachas reatha ar chláracha éagsúla atá faoi choimirce an Údaráis. Anuas ar sin, áfach, tá ciorrú an ghéar de €6m ar chaiteachas chaiptil.

Cá bhfagann sin na pleananna atá ann, mar shampla, Coláíste Íosagáin a fhorbairt ina Ionad Náisiunta don Ghaeloideachas, faoi mar atá maíte ag an Aire OIdeachais, Batt O’Keeffe, go mbeidh seisean ag brú chun tosaigh? Ar an méar fhada is dócha. An toradh a bheidh ar sin go bhfagfar an ghaeloideachas ar chúl go fóíll. Dearbhaíodh seo sa tuarascáil, coimisiúnaithe ag an Rialtas, a éisíodh an tseachtain seo.

Seo a dúradh sa tuarascáil a éisigh Ollscoil Má Nuad an tseachtain seo:

The standard of Irish teaching and learning in all of the State’s Primary and Second-Level Schools (leis na húdair an bhéim) needs to be monitored to ensure that the language and culture are effectively transmitted to the young. It is the view of many educationalists that second language cannot be acquired where it is taught only as a subject and where it is isolated from every other aspect of the pupil’s life. The experience of great numbers of Irish children over a very long time bears this out emphatically. Change is needed, firstly in the attitude of the Department of Education and Science and then in all aspects of the teaching of Irish in English-medium schools.”

Tá mearbhall orm go fóill faoi Chiste na Gaeilge agus céard atá ag tarlú leis. Nuair a fhoilsíodh na meastúcháin i Mí Dheireadh Fómhair seo chaite, deineadh íontas go raibh ardú mhór ar an gCiste seo atá páirt mhaoinithe ag an gCrannchur Náísiúnta. Thit an lug ar an lag gan mhoill áfach nuair a fhograíodh go raibh focal ar €3m den airgead seo ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an eagras náisiúnta atá faoi stiúr ag an Seanadóir Labhrás Ó Murchú(Fianna Fáil). Bhí míniú fada casta ag an Aire ar an scéal nuair a tógadh ceisteanna faoi – go h-áírithe i bhfianaise ná raibh d’iarratas faighte ag an Roinn ó Chomhaltas ach le h-aghaidh €50,000!

Tugadh le fios le déanaí go mbeadh an €3m seo á aisíoc leis an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta mar gur ‘earráid’ a bhí ann go raibh sé i gcúntas na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa chéad dul síos. Tá macalla ag an míniú sin ar an scéal leis an míniú a bhí ag Fr. Ted ar an bhfath go raibh sé díbeartha go dtí Craggy Island!

Nil an rian ar an mbuiséad is déanaí go bhfuil aon laghdú ar Chiste na Gaeilge cé go bhfuil sé ráite go raibh an €3m aistrithe go dtí an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta. Cad é an scéal leis an gciste seo i bhfirinne? Céard atá ag titim amach leis? Cé leis é? An gcaithfear ar an nGaeilge é – nó ar cheol Gaelach? B’fheidir nach bhfeiceann sibh go bhfuil difir ann….?

Tá buiséad an Choimisinéara Teanga ina shampla d’fhirinne an sean-fhocail, ‘An Rud Is Annamh is Íontach’. Ardú a tháinig ar an bhuiséad le h-aghaidh an Choimisiún atá faoi riar Sheain Uí Chuirreáin, fear atá an mheas agam ar ach go gcreidim go bhfuil a thalann á chur amú in oifig mhaorláthach dá leithéid seo.

Ní raibh aon laghdú ar bhuiséad an Fhorais le sonrú sna meastúcháin ar fhograíodh i nDeireadh Fómhair 2008 le h-aghaidh 2009. De réir na meastúcháin a éisíodh an tseachtain seo, beidh €16,730 le dáileadh ar an bhForas Teanga, laghdú €1.8m ón bhliain seo chaite. Ón méid sin tá laghdú €240,000 ar an bhuiséad chaiptil. San iomlán tá laghdú €1.5m ar chaiteachas reatha an Fhorais Teangan, €1.2m ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus €300,000 ar an bhuiséad don Boord o’Ulster Scotch.

Tá’s againn go bhfuil socrú docht daingean, socruithe de réir na reachtaíochta, go bhfuil comhréir ann idir an airgeadú a dheineann an dhá roinn ar an dhá chomhlacht san Fhoras Teanga. Le h-aghaidh gach trí phúnt/euro a thugann an Roinn ó dheas d’Fhoras na Gaeilge, tá ar an Roinn ó thuaidh púnt/euro amháin a thabhairt don bhForas. Mar sin má bhionn ciorrú €1.2m ar mhaoiniú Roinn Uí Chuív ar an bhForas, mar atá, bheithfeá ag súil le ciorrú €400,000 sa bhréis ar sin ó Roinn Chultúr, Ealaíon is Foillíochta an Tuaiscirt don bhForas. Is cinnte go dtapoidh Gregory Campbell an deis chun an ciorrú sin a chur i bhfeidhm.

Ní fheadar an mbeidh sé chomh tapaidh céanna ag baint €900,000 de bhuiséad an Boord o’Ulster Scotch – nó le h-aghaidh gach euro a iocann Roinn Uí Chuiv don aisínteacht seo, iocann an Roinn ó thuaidh trí chinn. Meas tú go gcuirfidh Gregory an Bhéil Chaim an chiorrú sin i bhfeidhm? B’fhiú an cheist a chur!

Aon tuairim amháin ar “An Ghaeilge/An Ghaeltacht agus an Buiséad II

  1. Ping: Ó Cuív cáinte de bharr cur chuige ’sean fhaiseanta’ « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s