WFUV – RnaG cois Hudson

Nnua-eabharcua-Eabharc nó Nua-Eabhrac? Nílim cinnte. Beidh orainn cinneadh a dhéanamh go luath nó de réir Keltalingvoj tá craoltóir raidió ag mealladh 6,500 éisteoir gach Satharn dá chlár raidió uair a chloig ar staisiún raidió phoiblí i Nua-Eabharc, WFUV-FM.

Tá a fhios agam le fada go bhfuil Gaeltacht ag léithéidí Séamus Poncán i gceantar Mhanhattan agus Inis Fada – ach ní raibh a fhios agam go raibh RnaG dá gcuid féin acu!

Tá Séamus de Bláca tar éis an clár, Míle Fáilte, a chur i láthair ó 1989. Thosnaigh sé le 10 noiméad – anois is clár é a mhaireann uair a chloig. Le déanaí bhí gné alt faoi ar CBS ar líne.

Tá cúpla clár le blas Gaelach ar an sceideal ag WFUV-FM agus tá siad le moladh as sin. De réir dealraimh is féidir éisteacht leis na cláracha seo ar líne….bainigí triail as!

Nach ait an scéal go bhfuil craoltóír phoiblí i Nua Eabharc sásta an oiread sin omóís a léiriú don Ghaeilge is don chultúr Ghaelach agus na aerthonnta a chur ar fáíl mar sin. Níl RTÉ sásta oiread is clár amháín i nGaeilge nó faoin cheol Gaelach a chur san áireamh i sceidil SÉ staisiúin digiteacha a sheol siad roimh na Nollag!

Tá gael nó dhó ag craoladh ar RTÉ Pulse – ach mar a deir Scott de Buitléir féin, is clár é Cosmo atá dírithe ar an bpobal aerach is leisbiach agus má bhionn an chúpla focal Gaeilge ann, is mór an méid é sin!

Ach seo trachtaireacht faoi Séamus de Blaca agus a cháirde i Nua-Eabharc. Tréaslaimís a gcuid iarrachtaí leo a bheith ag Raidió na Gaeltachta cois Hudson go beo beathach….

5 thuairim ar “WFUV – RnaG cois Hudson

  1. Brian DE Vale

    Conas ta tu a chara?
    Bhi me i Cuil Aodh an bliann seo caite leis mo cara Lugh De Paor(Luke Powers) agus bhiomar ag caint leis an mac
    ORiada agus tareis bhi Luke ag seinm seisiun sa pub ann…
    Is maith liom do baile.. cad is ainm an pub eile ann ( duirt se taobh amach san doras “highest pub in Ireland”)

    Ta me ag foglaim cupla focail i nua Eabhrac leis mo chairde san Scouiol Gaeilge Gearoid Toibin agus ta me ag dul go hEirnn deas gach sahmradh ag clacdah leis an teanga ag seinm ceol agus ag ol moran Guinness!!!
    Le cunamh De feicidh me thu ann la ahmain –

    Brian De Vale an Ri sa Saol!!!

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Nach deas an scéal go bhfuil meas ag na Gaeil i Nua Eabhrach sa Ghaeilge. Agus an gearchéim eachnamaíochta ar na bacain agus tús leis an eisimirce arís ba cheart tús áite a thabhairt don Ghaeilge thar lear.D`fheadfadh Radio Na Gaeltachta cabhrú anseo.Bheadh se go deas dá mbeadh na hÉireannaigh óga thar lear ábalta caoiméad suas le chursaí sa bhaile.In easnamh sin tá baol ann nách dtiocfaidh siad abhaile go deo arís.Tiocfaidh deireadh leis an culú eachnamaíochta, tiocfaidh feabhais ar caighdeán riaracháin na tíre agus beidh ghá leis na h-imircigh chun an tír mí-fhortúnach seo a thabhairt ar aghaidh.

    Freagra
  3. Brian De Vale

    Bhi me ag cuir duan ar mo mhac an mi seo caite.. be ag ag
    dul sa “Siul Duan” i Nua Eabhraic an mi seo..
    Is feidir leat cuir tairgead ar an National Kidney Fondation in ainm “Brian and Alan’s Buddies” ar an idirlinn
    GRMA

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s