Ar eagla na n-easaontóirí

Pictiúir stairiúil ó aimsir an Eirí Amach i mBaile Átha Cliath i 1916

Pictiúir stairiúil ó aimsir an Eirí Amach i mBaile Átha Cliath i 1916

Tá scannán ag teacht inár dtreo go luath faoi Eirí Amach 1916, Easter Sixteen.

Ach tá rabhadh ‘sláinte’ á thabhairt ag an starai, Lord [Paul] Bew, faoin scánnán seo nó ceapann sé go gcothóidh sé agus go spreagfaidh sé ‘easaontóirí’.

Bew raised his fear that modern-day dissidents might take their lead from the characters in the movie, saying: “They — the dissidents — can surely say, ‘Well, we may be so-called micro groups but we have an historic legitimacy as saviours of the nation’. One would hope that such an irony of our history would not be missed, but I wonder.”

Níl a fhios agam an bhféadfadh scannán ar bith easaontóirí a spreagadh nó a ghríosadh chun rud a dhéanamh ná raibh siad ag iarraidh a dhéanamh ar aon nós. Ach tá an baol ann is dócha nó, mar a WB Yeats trath:

Did that play of mine send out good men the English shot?

Tá cluiche aisteach á imirt anseo ag leithéidí Bew agus athscriobhaithe eile na staire. Feictear domsa gurb iad is mó atá ag cothú na h-easaontóirí agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios tre talamh tirim a dhéanamh go bhfuil Sinn Féin anois ag cur riail na Breataine i bhfeidhm in Éirinn gur easaontóir gach duine nach n-aontaíonn le SF. Ar chúinse ar bith.

Níl sé chomh simplí sin an dubh a chur ina gheal ar dhaoine. I mo chás féin: Is poblachtóír mé sa chiall is leithne den bhfocal. Ní aontaím le Sinn Féin faoin cur chuige atá ag an phairtí i leith na Gaeilge. Tá díomá orm faoi easpa cumais is éifeacht an phairtí san Fheidhmeannas ó thuaidh ach ní chiallaíonn sin go bhfuilim ag easaontú, mar shampla, leis an gcinneadh bheith páirteach san Fheidhmeannas ó thuaidh ar bhonn phrionsabail. Bhí gá leis an dul sa tseans sin – fiú murar eirigh leis go dtí seo nó mura n-eiríonn leis go ceann i bhfad. Nó is fearr é sin ná an rogha eile, an rogha fuilteach dúnmharfach náireach a léiríodh dúinn roinnt seachtainí ó shin nuair a maraíodh poilín agus beirt shaighdiúir ó thuaidh.

An cluiche atá á imirt ag leithéidí Bew síol an amhrais a chur ag fás is a chothú i measc gach cineál poblachtóír ar mhaithe le scoilteanna a chruthú agus a chothú ar an dtaobh sin. Tá seo á dhéanamh le go mbeadh scoilteanna ar an dtaobh náisiúnach poblachtach Éireannach mar atá ar an dtaobh Aondachtach Dílseach Briotanach. Íonsaí faoi choim atá ann ar Shinn Féin, ar ndóigh, mar go dtugann sé le fios go bhfuil an páirtí sin ‘ceart go leor’ anois i súile na nAondachtóirí. Tuigeann leithéidí Bew gur mioscais atá ar bun acu, cheapfainn, nó ba cheart go dtuigfeadh Ollamh le Polataíocht in ollscoil ar bith, fiú Ollscoil na Ríona, gur amhlaidh an scéal.

Tá sé feicthe agam go bhfuil iarracht déanta ag roinnt daoine a easaontaíonn le SF ar cheist na Gaeilge a lua le h-easaontas níos ginearálta le SF. Mar a dúirt ní féidir bheith chomh dubh agus bán le sin ar cheisteanna dá leithéid.

Ní imeartas focail atá ar bun agam nuair a deirim nach n-aontaím le SF ar nach mór gach rud atá ar bun ag an phairtí faoi láthair agus le tamall anois ach ag an am chéanna go ndeirim ós árd nach easaontóir mé. Is fuath liom rogha an doirteadh fola, an t-aon malairt ar an réimeas láithreach atá á thairiscint ag na h-easaontóírí.

Idir an dhá linn, táim ag súil go mór leis an scannán nua seo faoi 1916. Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh maith le ‘The Wind That Shakes The Barley’‘Michael Collins’ nó fiú ‘Michael Collins – The Musical’.

Ach taitníonn sé liom go bhfuil iarracht á dhéanamh ag Hollywood an scéal seo a ínsint. Mas mall is mithid.

Tá cuimhne agam gurb iad Paul Bew agus athscríobhaithe mar é a thog raic leis an BBC agus RTÉ i 2001 as an chomhléiriú a rinne siad i sraith theilifíse faoi 1916 agus an méid a lean é. Bhí siad ar buile gan amhras gurb é Ronan Bennett, iar chime Phoblachtach atá anois ina scríobhnóir mór le rá, a scríobh an dráma don sraith seo, Rebel Heart. Bhí siad ar buile freisin gur léirigh sé radharc náireach ó stair an RUC, nuair a rinne scuaid den fhórsa náirithe sin íonsaí ar an dteaghlach McMahon agus gach mac mathar acu a mharú ina dteach cónaithe. Eachtra míchlúiteach é sin a tharla i dtús na 1920í agus luaitear an Oifigeach san RUC, John Nixon, leis an eachtra dúnmharfach sin. Ina dhiaidh sin toghadh é ina MP i gceantar na Seanchille i bPairlimint Stormont. B’é Ian Paisley a runaí Phairliminte….

Is ait an mac an stair…

6 thuairim ar “Ar eagla na n-easaontóirí

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Más é sin atá igceist ag Bew is suarach an chleas é.Bíonn lucht na nAontachta i gcónaí ag maiomh ós rud é go bhfuil SF sa Rialtas anois leis an DUP go bhfuair siad an bua orthú.Ní aontáim le SF faoi alán rudaí ach is fearr iad sa Rialtas ná i mbun cogaidh.Ba cheart don t-Úasal Bew cuimhneamh nách bhfuil sa bhFeimeannas ach “Sunningdale le haghaidh foghlaimeoirí moille” mar a thugh Séamus Mallon on SDLP air tráth.

    Freagra
  2. Seán Mór

    Alt maith. Ní easaontóir mé féin…. ní haon ‘aontóir’ mé achan oiread…. an féidir le duine a bheith ina ‘neamh-aontóir’?? Níl mise i gcoinne Shinn Féin ar bhealach ar bith. Bheinn ar son cuid mhór dá bpolasaithe… ach tá an-díomá orm leis an easpa dul chun cinn atá déanta acu, agus i ndiaidh dom freastal ar roinnt cruinnithe ‘mórtheaghlaigh’ dá gcuid, ní chreidim rud ar bith a deir siad níos mó. Cuireann siad dallamullóg ar a muintir féin, agus bíonn siad díspeagúil i leith na bpoblachtóirí sin a thig an fhírinne a fheiceáil agus a bhfuil sé de dhánaíocht iontu an fhírinne sin a chur ina luí orthu. Tá gá le hiomaíocht i gcoinne Shinn Féin…

    Tá ré na cogaíochta thart san am i láthair, agus go ceann i bhfad. Ní déarfainn féin nach dtiocfaidh an ré sin arís… an t-aon dream amháin a thig sin a rá ná síochánaithe, agus is beag síochánaí atá in Éirinn nuair a chuireann tú na ceisteanna cuí… Níl aon rud ‘náireach’ faoi shaighdiúr Sasanach a mharú in Éirinn (nuair a chuireann tú an cheist chuí tchífidh tú nach bhfuil de dhifear idir an t-easaontóir agus poblachtóirí eile ach ‘an dáta’ nó ‘an comhthéacs’). Deirim sin mar dhuine atá go hiomlán in aghaidh saighdiúirí Sasanacha a bheith in Éirinn, agus mar dhuine atá go hiomlán i gcoinne iad a mharú sa lá atá inniu ann…

    Freagra
  3. Nioclas Ó Drisceoil

    Théis FnaG is iad Sinn Féin an dream is mó a bhíonn a phlé agat ach ba shuimiúil liom fáil amach cén dream a thugann tú tacaíocht dóibh?

    Deir tú “nach n-aontaí[onn tú] le SF ar nach mór gach rud atá ar bun ag an phairtí faoi láthair”.

    Cad ina thaobh a bhíonn tú ag caint orthu-san i gcónaí?

    Ní raibh fios agam go raibh Sinn Féin ann i Muscraí in aon chór!

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is cuid d’Éirinn Múscraí an oiread is gur cuid d’Éirinn é tuaisceart na hÉireann. Ní gá go mbeadh SF ar an talamh i Múscraí le go mbeadh tuairim ag Múscraíoch ina leith. Ach tá siad anseo ar aon nós – cé nach bhfuil siad ró ghníomhach go fóill.

    Ar aon nós tá taithí ar leith agam ar SF agus bím á bplé anseo – tá taithí agam ar chinsireacht is eile, rudaí a bhionn ar bun ag SF cé go raibh siad trath ag maíomh go raibh siad thíós leis [agus bhí]. Sinn Féin, ar bhealach, an chúis go bhfuilim anseo nó murach SF agus meoin na cinsireachta atá beo sa phairtí sin agus i bhForas na Gaeilge seans go mbeinn go fóill ag obair le Lá Nua agus go mbeadh an nuachtán sin fós beo.

    Freagra
  5. MiseÁine

    Ní gá tacú le dream amháin seachas dream eile, ná a bheith i do chónaí taobh leo, le tuairim a bheith agat maidir leo, an gcaithfidh?

    Agus is breá liom na tuairimí seo a léamh, fiú más duine neamhpholaitiúil mé féin; neamhpholaitiúil sa mhéid is go ndéanaim iarracht mo mheon a choinneáil oscailte agus mé ag léamh agus ag éisteacht liom. Agus níl ann ach iarracht, mar tá rud beag den pholaiteoir ionainn uile,is dóigh liom, bíodh a fhios againn é nó ná bíodh.

    Cuireann tuairimí daoine eile, agus taithí daoine eile, mise ag machnamh. Is fearr sin ná an meon dúnta claonta nach labhróidh faoi, nó nach n-éisteoidh le, scéal ar bith ach a scéal féin. Ar ndóigh, níl ansin ach tuairim…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s