Mo Ghile Mear ó na Garbh Chríocha


Is dócha go bhfuil sé oiriúnach go leor go mbeadh ‘Mo Ghile Mear’ á chanadh le linn cláir teilifíse dár teideal, ‘The Highland Sessions’, ag cur ábhar an amhráin san áireamh. Leagan deas é seo le Mary Black, Iarla Ó Lionaird, Karen Matheson, Karan Casey, Allan Domhnallach ag glacadh páirte. [Tá drogall áirithe orm an leagan seo a chur ar an suíomh seo i bhfianaise go gcreidim gurb é leagan Chór Chúil Aodha an leagan deifinídeach ach é sin ráite, ní bheimíd ró luachmhar ina leith!]

Canaigí libh….

5 thuairim ar “Mo Ghile Mear ó na Garbh Chríocha

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubhair bhi se seo go h-an dheas.Má tá an leagan ag Cóir Chúil Aodha níos fearr tá sé ar fheabhas ar fad.

    Freagra
  2. loumacs

    A Choncubhair, bhí mé ag breathnú ar na buaiteoirí blagána agus tháínig mé anseo de thaisme. Bhain mé an taitneamh as an leagan seo. Ní féidir é a chur igcomparáid le leagan Cóir Chúil Aoodha mar níl bean ar bith sa chór! Mar sin is féidir le rá go bhfuil an dá chinn lán chomh maith! Tá súil agam go bhfuil sibh go léir maith i gCúil Aodha? Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil faoin duais. Le dea ghuí (do chol seisir i mBaile Átha Cliath) Laoibhse Ní Shúibhne!

    Freagra
  3. Ursula

    Go haoibhinn ar fad!! Mar a deir loumacs tá sé deas na mná a chlos chomh maith. Aon seans go gcuirfeá físeán de Chór Chúil Aodha ar fáil?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tá súil agam go mbeidh leagan Chór Chúil Aodha againn gan mhoill. Bhíos leis an Chóir oíche Dé Satharn nuair a chanamar Mo Ghile Mear ag Comhdháil Bhliaintúil CLG i gCorcaigh. Agus baineadh ana thaithneamh as…..

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s