Cothrom na Féinne do Mhúinteoirí

Tá an seachtain caite ag na meáin ag céasadh na múinteoirí. B’fhéidir nár cheart go mbeadh iontas orainn faoi sin. Bhí comhdhálacha na múinteoirí ar siúl agus ba léir gur chreid na meáin gur cheart an béim a leagan ar ‘gheonaíl’ na múinteoirí atá postanna socair acu, pá maith de bharr an ‘bench-marking’ agus laethannta saoire fada.

Fhaid is a bhí an chuid eile againn ag filleadh ar obair Dé Máirt, bhí an saoirse ag na múinteoirí ar feadh na seachtaine, agus an seachtain roimh Dhomhnach Cásca le cois, le freastal ar na gComhdhálacha seo.

Ach sílim go bhfuil an tuairisciú seo, leis an mbéim diultach agus ionsaitheach, ag déanamh éagóir ar mhúinteoirí. Siad na daoine atá ag tabhairt oideachais dár bpáistí. Agus tá siad á dhéanamh seo chomh eifeachtach agus is féidir leo in ainneoin easpa áiseanna atá ar chomhchéim le h-áiseanna a dheintear talamh tirim díobh i dtíortha forbartha eile. Cén sort áiseanna atá i gceist agam – saotharlannaí eolaíochta agus teanga, riomhairí, áiseanna spraoi ceart do pháistí.

Cé go maíonn an Rialtas gur deineadh an-infheistíocht san earnáil oideachais le blianta anuas, agus an Tiogar Cheilteach in ard a réime, ní léir gur tharla sin go cothrom ar fuaid na tíre. Níos minicí ná a mhalairt bhraith an cinneadh faoi cé acu an mbeadh scoil nua á fháil ag pobal ar cé acu an raibh an TD áitiúil ina Aire nó ina Aire Stáit.

Tá’s ag tuismitheoirí freisin na h-iarrachtaí atá á dhéanamh ag múinteoirí na h-easnaimh a chúiteamh. Bionn go leor oibre le déanamh ag bailiú airgid le h-aghaidh bun riachtanaisí oideachais, oícheannta cartaí, siulóidí urraithe is eile.

Bhí alt amháin inniu san Irish Times a rinne iarracht cothrom na féinne a thabhairt do na múinteoirí. Ní ag gearán ar a son féin ar fad a bhí múinteoirí an tseachtain seo agus iad ag na comhdhálacha – nocht siad a bhfearg leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe, as ucht na giorruithe gearr-radharcacha a rinne sé ar scoileanna, ar dheontas na leabhair do pháistí faoi mí-bhuntáiste mar shampla.

Tá tagairt déanta do phá mhúinteoirí – foilsíodh suirbhé le linn na seachtaine a thug le fios go raibh muinteoirí fireann, ar an meán, ag fáil tuarastal a bhí €8,000 níos airde ná tuarastal mhuinteoirí baineann. Gurb é €64,000 an meán phá do mhuinteoirí fireann agus €56,000 an ghnath thuarastal ag múinteoirí baineann. Tarlaíonn seo de bharr a laghad múinteoirí fireann atá ann – timpeall ar 15% – agus is minicí a bhfaigheann siad ardú céime agus a dheintear príomh-oidí díobh. Ní mór a mhíniú gur seo libhéal pá atá nios giorra do bharr an scála agus tá tuarastal an mhúinteora agus é/í ag tosnú i bhfad níos ísle – tá tú ag caint ar níos lú ná €30,000.

B’fhearr liom go mbeadh múinteoirí ag fáíl pá ard – tá siad ag tabhairt aire dár bpáistí – ná tuairisceoirí is craoltóirí. B’fhearr i bhfad a bheith id tuairisceoir ag tosnú le Nuacht TG4 – tosnaíonn a bpá siúd ag €54,000 agus má bhfaigheann siad ardú céime, beidh siad ag saothrú suas le €82,000 in aghaidh na bliana. Agus na craoltóirí móra le rá ar chláracha RTÉ agus iad ag caitheamh anuas ar na múinteoirí – faigheann siad san tuarastal ón sparán phoiblí [Ciste an Cheadúnais] agus deineann siad gach iarracht cáin a sheachaint trén tuarastal a dhíol le comhlachtaí príobháideacha.

Má tá giorruithe le déanamh, ba cheart tosnú leo.

Aon tuairim amháin ar “Cothrom na Féinne do Mhúinteoirí

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Ar an drochuair, bhí na muinteoirí ag geonáil freisean aimsir an Tíogar Cheilteach nuair a bhí rith an ráis ag an earnáil poiblí, sa chaoi nách gceapann éinne anois go bhfuil siad dáirire faoi na giorruithe ghear-radharcach san Roinn Oideachais.Aontaim leat go bhfuil na háiseanna go donna i go leór scoileanna agus go mbeidh an tír thios faoi muna leanfaimíd leis an infheistíocht san oideachas ionnas gur féidir linn búntaiste a bhaint as nuair a thiocfaidh biseach ar cúrsaí geilleagrach anonn.Chuirfeadh sé cat ag gáire bheith ag éisteacht le leithéad Gerry Ryan bheith ag tabhairt amach faoi phá muinteoirí agus é féin ag tuilleamh leath millún don bhliain.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s