Comórtas Blagála an Oireachtais – Cé bheidh san iomaíocht?

Tá scéal faighte agam ó Oifig Ghaeilge Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, DIT, ag tabhairt le fios go mbeidh an chomórtas blagála a rinne an oifig sin urraíocht air anuraidh ar ais aris i measc Comórtais Liteardha an Oireachtais. Agus arís eile beidh duais €1000 ann don bhuaiteoir.

Gan aon agó, is é sin an duais is luachmhaire i saol na blagadóireachta in Éirinn, cuma cén teanga atá i gceist, Gaeilge, Béarla nó eile. Tá Oifig na Gaeilge le moladh as an urraíocht fhial seo.

Ba cheart go spreagfadh sin go leor chun peann a chur le párméar a chur le méarchlár agus blag a thosnú. Ní gá dom a rá ach féidir tús a chur leis i gceann cúpla nóiméad agus má tá rud éigean le rá agat, tá tú san iomaíocht.

Os rud é gurb é an blag seo a bhuaigh an duais seo anuraidh, nílim cinnte an bhfuil cead dul san iomaíocht arís an bhliain seo chughainn. Ach fiú mura bhfuil, tá roinnt blaganna eile atá tagtha chun tosaigh le linn na bliana a fhéadfadh dul san iomaíocht.

Is dócha gurb é Garraí Johnny Mhorgan an blag is suntasaí atá tagtha ar an saol ón am seo anuraidh – agus is cinnte, má bhionn sé san iomaíocht, go mbeidh blag Thaidhg Mhic Dhonnagáin deacair le cloí. Ní gá a rá nach n-aontaím le gach rud a deir Tadhg ar a bhlag – ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil sé dea scríte agus curtha le chéile go snásta.

Tá blaganna eile ann, ceart go leor, leithéidí An Cainteoir Dóchais ach ní dheintear blagáil ann ach go h-annamh agus ansan féin, bionn sé leamh agus codlatach.

Bhí dúshlán éigean ag baint le blag Ghael Gan Náire – ach tá sin imithe anois cé go mbionn an Ghael ag blagáil i nGaeilge ar Slugger O’Toole agus is maith ann é. Tá Aonghus tar éis a rá nach mbeidh sé san áireamh cé go bhfuil sé ag blagáil leis arís tar éis an Charghas a dhéanamh.

Tá An Druma Mór ag baint úsáid as cur chuige blagála – ach ní féidir a rá gur blag é nó is beag tuairimíocht a bhionn ann le déanaí. Tá tuairimíocht riachtanach i mblag – agus tá nuacht inmhianaithe. Gnó eile atá ar bun ag An Druma Mór. Is cinnte go bhfuil na scriobhnóirí ann chun an dhá thrá a fhreastal – ach tá go leor idir laimhibh acu.

Ritheann sé liom go bhféadfadh An Speallaire i Foinse blag maith a chur ar fáil. Ach is cosúil gur fearr leis na torthaí is fáil a phiocadh ó gharraithe ár leitheidne seachas a gharraí féin a chur ag fás. Spealladóir cinnte – ach ar gharraí na gcomharsain. Tá sin ceadaithe chomh fada agus go mbionn tú béasach a dhothain a thabhairt le fios cad as atá tú ag aimsiú an abhair.

Ar aon nós, níl sé ag blagadóireacht go fóill. Ní fiú bheith ag caint faoi.

Luadh in alt ag Mairéad Ní Chinnéide an tseachtain seo chaite go bhfuil blag Ghaeilge ag Deaglán Ó Bréadún ón Irish Times – ach ní raibh ach aon mhír amháin i nGaeilge ag Deaglán i nGaeilge go dtí seo agus ní fheadar an féidir sin a chur san áireamh mura dtosnaíonn sé nó a leath bhadóir, Harry McGee, ag tabhairt faoin obair.

Ní feidir liom mo shean chara, An Caomhach, a ligint i ndearmad. B’fheidir go bhfuil sé in am do Shéamus port eile a sheinm seachas a bheith ag gabhail den sean phort céanna arís is arís eile faoi chomh ‘frith Iosraelach is frith Iúdach’ is atá na Gaeil – dar leis. Tá Póló ag cnagaireacht leis. Taithníonn sé liom cuairt a thabhairt ó am go cheile ar Áine agus tá Hilary i gcónaí ar an eolas faoi imeachtaí na Gaeilge i Meirceá. Tá Seán Mór ag blagáil ó Inis Eoghanaigh – agus is cinnte gur fiú cuairt a thabhairt air nó bionn léargas suimiúíl aige ar an saol Gaelach is Poblachtach.

Nior thaitin ‘Chetwynde Downs’ liom riamh. Tá sé greannmhar cinnte agus is smaoineamh maith é, aor shobal ar líne, ach tá sé aiféiseach agus dochreidte. Cá bhfios gurb é Ulysses na blagadoireachta atá ann – ach déarfaidh mé an méid seo leat, níl ach cúpla sliocht as Ulysses léite agam freisin. Blag spéisiúil é Cuairt na Cruinne in 80 bliain ach is annamh go mbionn ábhar nua ann.

Is é Conn Ó Múineacháin agus An t-Imeall ceannródaí na blagadóireachta Gaeilge – bhí an tImeall gan uasdatú ó Dheireadh Fómhair go Márta de bhrí an brú oibre atá ar Chonn atá ina laithreoir cláir ar Clare FM agus atá freisin ina fhiontraí idirlín ach anois, tá sin athmhuscailte arís cé nach bhfuil sé ar lan luas go fóill.

Tá blagadóirí eile ar nós Corcaighist a bhionn ag tumadh isteach is amach ón nGaeilge – agus bionn siad san spéisiúil go maith freisin. Tá blag ag Aonghus Dwane ar fiú cuairt a thabhairt air mas suim leat cúrsaí Eaglais na hÉireann a léamh ach is annamh a dheintear uasdatú air.

Ní liosta criochnúil é seo ná baol air – nior luaigh mé Nós* tugaim faoi ndeara mar, aris, ní blag é sa ghnathchiall de bharr gur suíomh nuachta é seachas rud ar bith eile. Bhíodh suíomhanna ar nós an clár plé Ghaeilge ar Politics.ie beo bríomhar trath – ach tá siad imithe i léig. Tá clár plé Beo á athnuachan le roinnt míonna anois agus fiú nuair a raibh sé beo, ní raibh sé thar moladh beirte.

Tá saol na blagadóireachta beo bríomhar maith go leor – ach níl anseo ach an tús.

7 dtuairim ar “Comórtas Blagála an Oireachtais – Cé bheidh san iomaíocht?

  1. Philip

    Níor mhaith liom dul isteach sa díospóireacht faoi cén blag is fearr, ach tá mé go hiomlán i gcoinne blag ar bith a bheith luaite i gcomórtais LITEARTHA an Oireachtais. Cinnte tá áít ann le haitheantas agus le duaiseanna a thabhairt do bhlaganna (Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, mar shampla), ach ní hé seo an áit cheart lena dhéanamh.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Creidim go bhfuil cuid den cheart agat a Philip. Ach tá áthas orm gur i gcomórtais liteartha an Oireachtais atá an chomórtas blagála mar ar a laghad deintear moltóireacht air agus ní bhronntar na duaiseanna mar thoradh ar chomhcheilg chartel. Chomh maith le sin níl duaiseanna airgid ag na Gradaim Cumarsáide, faoi mar a bhíodh trath, agus tá duaiseanna airgid ag na Comórtais Liteartha. Cúis mhaith eile le h-aghaidh blagáil a bheith sna comórtais liteartha. Ní ar mhaithe an airgid a bhím ag blagáil – ach bhí an €1,000 anuraidh go deas cé gur chaitheamar suim mhaith ag taisteal suas agus anuas go dtí an ocáid bhronnta.

    Tá go leor comórtais i measc na gcomórtas liteardha atá as áit, ar an mbonn nach litríocht atá i gceist. Scrioptanna teilifíse, aistí innealtóireachta is eile. Tá gá le ath eagar ó bhun, b’fheidir, ar na comórtais liteardha agus ar na ‘gradaim’ cumarsáide.

    Ní doigh liom go mbionn an oiread sin litríocht sna Comórtais Liteardha gur ghá a bheith ró luachmhar faoi cead isteach a thabhairt do bhlaganna.

    Freagra
  3. aonghus

    Táim ag ceapadh go bhfuil ciall sách leathan ag liteartha sna comortáis – eadhon “Beatha tenaga a labhairt, bunaú teanga a scríobh”.

    An focail scríofa i gnach gné atá clúdaithe ag na comórtais.

    Agus aontaíom leat maidir le moltóireacht seachas votáil.

    Ach ba mhaith liom na critéir a bheith rud beag níos soiléire agus sothomhaiste.

    Freagra
  4. Ping: Céad fán gcéad, a Chainteoir! « iGaeilge

  5. Philip Cummings

    Bhuel, is fearr cuid den cheart ná iomlán na bréige 🙂
    (sin seanfhocal nuachumtha duit – tá an chéad cheann saor in aisce…)

    Freagra
  6. MiseÁine

    …agus an féidir linn riamh a bheith cinnte nach bhfuil cuid den bhréag sa rud atá (in ainm agus a bheith) iomlán ceart!? Ah, na smaointe fánacha sin a ritheann liom…

    Freagra
  7. Ping: Blogadireacht - Page 8 - Politics.ie

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s