Comhghairdeas le Pobal – ach cá bhfuil sé anois?

Is cosúil go bhfuil an iris chlár, Pobal, tar éis duais iomráiteach a bhaint as an irischlár is fearr, an Prix Circom.

Bhain an chlár fein le cás na n-inimirceach in Éirinn agus b’iad Eibhlín Ní Choistealbha agus Eloho Egweutera a chur an chlár i láthair.

Clár irise ABEA Pobal a BHÍODH á chraoladh gach trathnóna Dé Domhnaigh ar RTÉ 1, ba chlár é a fhéadfá a chur i gcomparáid le Nationwide ach go mbionn an clár sin á chraoladh ceithre nó cúig uair sa tseachtain. Ochón ó, ach nár baineadh é den aer díreach roimh na Nollag de bharr ciorruithe a bhí á dhéanamh ag Nuacht RTÉ.

Bhí lucht féachana ollmhór ag an gclár – timpeall 200,000 a bhí ag faire ar an gclár go rialta. Cur sin i gcomparáid leis an 16-24,000 a bhionn ag faire ar Nuacht TG4 agus tuigfidh sibh an chailliúint é seo do lucht féachana na Gaeilge.

Comhghairdeas le Nuacht RTÉ as an duais seo a bhuachaint. Nuair atá Michael Lally, ceannasaí Nuacht RTÉ san Isiltír an mhí seo chughainn chun glacadh leis an ngradam ag an ocáid bronnta, b’fheidir go mbeidh seisean ábalta a mhíniú don slua cén fath ar baineadh an clár den aer níos fearr ná mise…..

Nóta breise: Sa tuairisc a rinne Nuacht TG4 aréir ar an mbua seo, nior deineadh aon tagairt den chinneadh a deineadh an clár Pobal a bhaint den aer le déanaí. Cén fath an chuthaill, Nuacht TG4?

Aon tuairim amháin ar “Comhghairdeas le Pobal – ach cá bhfuil sé anois?

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Cleas coitianta ag RTE cláir maithe a bhaint den aer agus na droch cuinn a chaoiméad ann.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s