Fiabhras agus aicíd eile

Chaitheas an lá inniu sa leaba agus slaghdán orm. Táim múscailte anois agus mé im lán dhúiseacht, gan fonn codlata orm.

Ar aon nós, ar feadh seal inniu, rith na línte seo liom, ó laethannta mo scolaíochta:

Fiabhras
le Seán Ó Ríordáin

Tá sléibhte na leapa mós ard,
Tá breoiteacht ‘na brothall ‘na lár,
Is fada an t-aistear urlár,
Is na mílte is na mílte i gcéin
Tá suí agus seasamh sa saol.

Atáimid i gceanntar bráillín,
Ar éigean más cuimhin linn cathaoir,
Ach bhí tráth sar ba mhachaire sinn,
In aimsir choisíochta fadó,
Go mbímis chomh hard le fuinneog.

Tá pictiúr ar an bhfalla ag at,
Tá an fráma imithe ina lacht,
Ceal creidimh ní féidir é bhac,
Tá nithe ag druidim fém dhéin,
Is braithim ag titim an saol.

Tá ceantar ag taisteal ón spéir,
Tá comharsanacht suite ar mo mhéar,
Dob fhuirist dom breith ar shéipéal,
Tá ba ar an mbóthar ó thuaidh,
Is níl ba na síoraíochta chomh ciúin.

Seo aicíd eile a fhéadfadh bheith orm – Fluent Dysphasia. Tháinig mé ar an URL do seo ar Twitter.

2 thuairim ar “Fiabhras agus aicíd eile

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncúir tá súil agam go mbeidh tu ar ais ar do shean léim go luath taréis an slaghdán.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s