Ceol 09 – an léirmheas

ceol09Le cúpla lá anuas, táím ag éisteacht leis an albam nua, Ceol 09, agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm orm – go deimhin is brea liom é. Táim tagtha in aois go mbím ag déanamh íontais nuair a aithním amhrán ar an raidió – an rud is annamh is iontach.

Ar aon nós, tá sé mar bhua ag Ceol 09 go bhfuil amhráin ann a aithneofá iad óna leaganacha Bhéarla. Ach b’fhearr liomsa an bunleagan Ghaeilge!

Agus an saoire gairid Chásca ag teacht chun deiridh, bhíos istigh ag faire ar an dteilifis agus thosnaigh clár ceoil. De ghnath ní chuirim m’am amú leo ach bhí John Kelly á chur seo i láthair agus bhí Neil Hannon agus Duke Special aige mar aoíanna. Bhí beagán de dhráma ann – nó bhí an bheirt acu – agus John Kelly freisin – ag iarraidh a chur ina luí orainn go raibh an bheirt cheoltoir/chumadóir seo in adharca a cheile agus ná raibh meas ag duine ar cheol nó ar phearsantacht an duine eile. Seafóid gan amhras – ach bhí sé spraoiúil agus b’aoibhinn an méid sin i séasúr na gruamachta.

Ba uirlís stáitse an gheaitsíocht seo chun ceol na beirte a chur inár láthair. Agus bhí sin thar a bheith taithneamhach. I measc na n-amhráin a cheol Duke Special, bhí Tochailt Uaighe Ró Luath – Digging an Early Grave. B’é an leagan Bhéarla a cheol Duke Special.

Ait go leor b’shin ceann de na h-amhráin a bhíos ag éisteacht leis ar mo iPod le linn na deireadh seachtaine. Chuala mé i nGaeilge i dtús baire é. Níl sé chomh maith i mBéarla – cé nach bhfuilim cinnte go n-aontódh na poilíní teanga liom.

Amhrán eile ar aithníos ar an albam, Sna Bróga Seo a bhí á chanadh ag Camille O’Sullivan. Amhrán é seo a chum Kirsty McColl, suaimhneas sioraí di, agus thaitin sé liom go mór mar ar thaitin cuid is mó de shaothar Kirsty.

Ar aon nós tá leagan Camille O’Sullivan ana dhílis do leagan Kirsty cé go gcuireann an Chorcaíoch a crut féin ar an amhrán freisin. Ar fheabhas.

Tá ‘An Ghrá Um Leonadh’ – aistriúchán ag Liam Mac an Iomaire ar ‘Falling Slowly’ – ar an chéad amhrán ar an albam agus is é ‘Swell Season’ atá á canadh. Nó buaiteoirí an Oscar iad féin, Glenn Hansard agus Marketa Irglova. Aistriúchán fileata é seo ar amhrán gleoite – cé ná raibh sé ina amhrán a thógfadh do chroí ná baol air.

Le déanaí, i gcomhthéacs eile agus ar shuíomh eile, thug trachtaire gan ainm ‘óinseach’ orm. Amadán an focal cheart, a chara! Ach tá ‘Óinseach’ ar Ceol 09 ina amhrán phop chomh maith is a chuala mé le fada. Maith sibh Saccarde!

Tá Paddy Casey ar Ceol 09 agus tá ‘a chuid’ ar thaispeáint ann go snásta!

Is brea liom ‘Tri Bliana d’Aois- Ag Eirí Mór’ le Noelie McDonnell. Aimsíonn an amhrán seo soineantacht agus spraoi an phaiste ag an aois sin agus tá’s agam sin mar go bhfuil iníon agam féin, Danú, atá an amhrán seo déanta di, ceapaim. Ach is mise a Daidí agus dhéarfainn sin nach ndéarfainn!

Gan amhras tá mo ‘phartypiece’ féin ann freisin – An Poc Ar Buile. Is iomaí uair a rinne mé dochar don Phoc agus mé amuigh i mBéal Feirste. Níl an t-éileamh céanna ar mo leagan i Múscraí cé go bhfuil sé canta agam uair nó dhó! Ar eagla na míthuisceana, is iad John Spillane, Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada atá á chanadh anseo.

An rud is mó ar féidir liom a rá faoin albam seo go bhfuil gach amhrán níos fearr ná a cheile agus go bhfuil sé á sheinm agam faoi láthair agus go gceapaim nach dtuirseoidh mé de go ceann tamaill mhaith.

An gcaithfimíd fánacht bliain eile go dtí 2010 le h-aghaidh an chéad Ceol eile? Sa deireadh thiar tá talann ár n-aistritheoirí á úsáid go foirfe! Agus tá sé go deas éisteacht le Eddi Reader, bean a bhí aithne agam ar a cuid ceoil ón am go mbíodh sí ina h-amhránaí le Fairground Attraction ag canadh an amhrán clasaiceach sin, Perfect, i nGaeilge. Níl aon amhrán ar an albam seo nár thaitin liom.

Maith sibh Conradh na Gaeilge, Orla Nic Suibhne, Seachtain na Gaeilge is gach duine a bhí páirteach sa bhfiontar seo. Nara bhfada go gcloisfimíd uaibh arís!

Aon tuairim amháin ar “Ceol 09 – an léirmheas

  1. Ping: An Poc Ar Buile - an amhrán is measa ar Ceol 09? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s