Ciorrú Breis Luacha – an scéal is déanaí faoin bhuiséad breise is an Ghaeilge

I ‘Foinse‘ na seachtaine seo tá tuairisc ann ina bhfuil sé ráite go mbeidh ciorrú €1.2m ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge mar thoradh ar an ciorrú a deineadh ar mhaoiniú na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i mBuiséad Breise na seachtaine seo.

Ní stopann na ciorruithe ansin, afach, cé nach bhfuil an ghné seo den scéal luaite i dtuairisc an nuachtáin Ghaeilge, mar go mbeidh ciorrú comhthreomhar ar an mhaoiniú don Fhoras ón Roinn ó thuaidh de bharr go gcloítear le comhréir maoinithe idir an dhá roinn don Fhoras Teanga. San iomlán mar sin beidh €1.6m á bhaint de bhuiséad an Fhorais.

Ciorrú Breis Luacha a thabharfainn ar seo.

Ceist do bhord an Fhorais anois an féidir leis an chomhlacht tras teorainn teanga na ciorruithe a dhéanamh ar a gcuid oibre féin nó an caol díreach ar mhuinéal na n-eagras Ghaeilge atá ag obair sa ghort a dhíreofar an tua?

Ní raibh aon ciorrú ar mhaoiniú an Fhorais i mbuiséad an Fhómhair seo chaite – ach fós deineadh ciorrú 7% ar mhaoiniú na n-eagras. Ní fios go díreach an deineadh aon iarracht ar chostaisí an Fhorais féin a mhaolú. An ndeinfear iarracht an uair seo? An bhfuil deireadh leis na h-oícheannta loistín d’ard fheidhmeannaigh an Fhorais in ostáin ar nós an Mont Clare, timpeall an chúinne ón ard oifig, mar shampla? An ndeinfear iarracht gearradh siar ar an airgead a chaitear ar bhréagáin bhrúscair, le manna Fhoras na Gaeilge breactha orthu, déanta sa tSín, agus a bhionn á dháileadh ag an gcomhlacht ag taispeantaisí fud fad na tíre?

Cad iad na ciorruithe atá á dhéanamh ag an bhForas ar a gcuid costaisí féin? Is léir nach bhfuil siad chun fostaithe a ligint chun siúil trath go bhfuil siad ag earcú breis foirne! Má tá an chomhlacht tras teorainn chun ciorruithe a dhéanamh ar mhaoiniú eagrais Ghaeilge atá ag obair sa ghort, obair ar mhó a luach ná saothar an Fhorais féin dar le go leor, nach mithid don gcomhlacht costaisí an eagrais féin a chiorrú mar dhea shampla? An bhfuil ciorrú déanta ar phá fheidhmeannaigh an Fhorais go fóill, mar atá déanta ag foireann Foinse is go leor eagrais eile atá spleach ar an bhForas? An bhfuil Ferdie Mac an Fhailigh agus a chomhleacaithe ag glacadh le laghdú pá 10% nó níos mó? An bhfuil aon laghdú ar thaillí bhaill an Bhoird agus a gcuid costaisí?

Tá sé tuairiscithe go mbeidh cruinniú ag Bord an Fhorais chun na cúrsaí seo a phlé. Idir an dhá linn, beidh fánacht fada ar eagrais Ghaeilge agus iad ag súil le dea shampla agus ceannaireacht ón gcomhlacht teanga tras teorainn.

2 thuairim ar “Ciorrú Breis Luacha – an scéal is déanaí faoin bhuiséad breise is an Ghaeilge

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Aontaoim leat.Tá maoiniú na Ghaeilge thar a bheith conspóideach.Ba cheart do Bhórd an Fhorais an tua a leagadh ar a gcostais riaracháin féin seachas na héagrais atá ag saothrú san líne tosaigh.

    Freagra
  2. Roseanne

    Nuair a smaoiním ar na diabhal frisbees sin! Ar ndóigh ní bheidh oiread is focal amháin faoi seo sna ghnáth meáin. Beimid at neath at blagadóirí. Tharla seo cheana b’fhéidir cúig bliain ó shin ague is iad na heagraíochtaí deonacha a d’fhulaing ague a chaill baill foirne.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s