Cinniúint na hÉireann um Cháisc

In alt ar maidin san Irish Times, tá argóint suimiúil ag Frank Millar, Eagarthóir Londain an nuachtáin agus mac le Comhairleoir Aondachtach, Eric Millar (nach maireann), a bhíodh ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste trath go raibh seicteachas na nAondachtach i leith a gcomhleacaithe ón bpobal náisiúnach in ard a réime. Ní fhéadfá a rá go siolraíonn Frank Millar ó eite mheasartha an phobail aondachtaigh.

Dar leis go bhfuil aondachtaithe á n-iompar féin amhail is go gcreideann siad ‘nach socrú buan’ é go mbeidh an Tuaisceart sa Ríocht Aontaithe. Creideann sé go mba chóir doibh tosnú á gcreidiúint seo agus an slí is fearr chun é sin a leiriú:

It is unclear whether unionists collectively are guilty of laziness or some dishonesty. What can be said of some is that there is a significant discrepancy between their demeanour and the position they have separately and collectively articulated, namely that – while rewriting the rules for its governance within the union – the Belfast and St Andrews agreements have secured Northern Ireland’s constitutional position.

The unionists should start behaving as if they believe it, and act accordingly in terms of their approach to the republican and nationalist communities. For what must also be said is that the onus for maintaining a settled and stable Northern Ireland within the United Kingdom rests with them. Nobody else is going to do their job for them.

Agus tá bealach ann chun é sin a léiriú: dearcadh dearfach forásach a léiriú i dtreo na Gaeilge agus pobal a labhartha, pobal atá ag fás.

Cad faoi deireadh a chur le freasúra gangaideach do reachtaíocht ar nós Acht na Gaeilge? Cinnte, ba cheart d’aondachtaithe bheith ag aimsiú lochtanna ann agus a leithéid ach dá nglacfadh siad leis go mbeadh reachtaíocht ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh, d’fhéadfaidís ansan bheith saor chun a chinntiú go mbeadh brí agus dealramh leis agus nach n-iompódh sé ina chacstaí mar atá Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, reachtaíocht nach bhfuil leas ar bith ann do phobal na Gaeilge ach amháín iad san a bhionn ag saothrú i saotharlannaí aistriúcháin is a leitheid.

Tugaim faoi ndeara, freisin, go bhfuil sé á thuairisciú nach bhfuil aon Ráiteas Um Cháisc ón IRA i bPoblacht na féile, féile mór i bhféilire na bPoblachtach. An léiriú é seo go bhfuil SF is a gcáirde ag glacadh leis an gcinniúint criochdheighilteach?

2 thuairim ar “Cinniúint na hÉireann um Cháisc

  1. seanmor

    ‘An léiriú é seo go bhfuil SF is a gcáirde ag glacadh leis an gcinniúint criochdheighilteach?’

    Ní shílim go bhfuil aon bhaint ag an chinneadh seo, más fíor é, le haon seasamh i leith na críochdheighilte, a Choncubhair. Níl ann is dócha ach céim eile sa phróiseas dí-armála…agus ‘an gunna a bhaint amach as cúrsaí polaitíochta’…

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Is docha nuair a ghlac SF Páirt sa bhFeimeannas le Ian Paisley go raibh siad ag glacadh leis an criochdheighilt, no ar a laghad glacadh leis ar bhonn daonlathach i.e go mbeadh an criochdheilgilt ann nua go mbeadh tromlach i dTuaisceart Éireann i bhfabhar fáil réidh leis.Sa tslí sin tá an ghunna bainte amach as cúrsaí polataíochta sa Tuaisceart agus sin rud gur cheart duinn go léir fáilte a chur roimhe.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s