Cá dtitfidh an tua ar an nGaeilge?

De réir suíomh an Bhuiséid, tá ciorrú de €15m ar bhuiséad na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaelachta – ach níl aon mion shonraí ann ar na tionscnaimh a bheidh as póca de bharr an Bhuiséad.

Is léir, mar shampla, nach bhfuil airgead á chaitheamh ar uasdatú rialtú ar an suíomh idirlíon – nó tá mír nuachta ón 20ú Bealtaine anuraidh luaite ar na scéalta ‘is deanaí’ ar phríomh leathnach an leagan Ghaeilge den suíomh.

Tá ciorrú €5m ar bhuiséad RTÉ, tugtar le fios sa Rannóg Chumarsáide &rl. An mbeidh Nuacht TG4 nó RTÉ RnaG thíos le sin?

Agus an bhfuil ciorrú dá laghad á dhéanamh ar an bhForas – is mura bhfuil cén fath go bhfuil an Fhoras ag lorg ciorruithe ó na h-eagrais Ghaeilge?

Ceisteanna, ceisteanna, ceisteanna…..cá bhfuil na freagraí?

Aon tuairim amháin ar “Cá dtitfidh an tua ar an nGaeilge?

  1. mait ó brádaigh

    Ar ‘politics.ie’ ag ‘Culann’ ar maidin:
    ‘Gearradh siar 2.7 milliun (thart air sin cibé) ar TG4. Ni bheidh an Roinn ag glacadh le hiarratas ar bith eile faoin scéim tithiochta don chuid eile don bhliain agus deirtear liom go ndéanfar gearradh siar de 8% trasna an bhoird ar na heagraiochta Gaeilge. Nil mé céad faoin gcéad faoi na rudai sin thuas ach is iad sin a luadh liom ar maidin. Is dócha go mbeidh orthu an Plean 20 bliain a athru go dti an Plean 30 bliain anois!’

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s