Gaeilge na bpolaiteoirí agus na poilíní teanga….

Seo sliocht i nGaeilge ó oráid Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael ag an deireadh seachtaine.

Chuir sé isteach orm go mór gur dúnmharú triúr sa Tuaisceart le deanaí. Ar mo mholadh féin, ghlac Dáil Éireann le rún comhbhrón agus bhí tacaíocht ó chuile pháirti i gcoinne an feall sin. Chuir an Dáil amach teachtaireacht láidir don Teach Bán, do mhuintir na hEorpa agus don domhain ar fad nach glacann muintir na hÉireann, Tuaisceart agus Deisceart, leis an eacht úfásach sin. Caithfear deireadh a chur le seo laithreach. D’oibrigh an iomairce daoine ró dian agus ró fhada chun go ligfear go dtosnodh an troid sin arís. Leanfaimid ar aghaidh le síocháin seasamach as seo amach.

Agus seo míreanna ó oráid John Gormley, Ceannaire, An Chomhaontas Ghlas, ag comhdháil bliantúil a phairtí an mhí seo chaite.

Cuireann aois an pháirtí iontas ar go leor daoine atá den tuairim gur páirtí nua an é an Chomhaontas Glas. Bíonn iontas orthu go bhfuil muid ar an bhfód beagnach aon triú cuid do stair na tíre seo.

Cé gur thóg sé tamaill orainn áit a bhaint amach i lár an aonaigh, tá marc láidir an Chomhaontais Glas le feiceáil

ar an 30ú Dáil.Is léir do chách go bhfuil an Rialtas ag plé le géarchéim eacnamaíochta atá ar leibhéal domhanda faoi láthair . . . D’éirigh leis an Comhaontas Glas chuid mhaith d’ár bpolasaí féin a chuir chun cinn.

Leanfaidh muid leis an obair seo mar go gcreideann muid gurb chun leasa na Tíre na polasaí atá againn.

Is oth liom, agus muid ar fad ag iarradh teacht i dtír an ngéarchéim atá linn faoi láthair, go bhfuil páirtí an fhreasúra ag baint úsáid polaitíochta as seo.

Tá mise don tuairim gurb fhearr i bhfad dóibh, agus don Tír, iarracht a dhéanamh anois tarraingt ar na maidí leis na páirtí eile ar fad san Oireachtas.

Ag tús mhí na Márta a bhí Ard Fheis Fhianna Fáil agus ba seo an mhéid i nGaeilge a bhí le rá ag an dTaoiseach, Brian Cowen, agus é ag tabhairt oráid na hUachtarántachta ag an ocáid sin.

Tá focal Gaeilge a theastaíonn a thabhairt isteach sa gcomhra seo anocht. Agus an focal sin ná meitheal. Daoine ag obair le chéile ar son a chéile. Teastaíonn spiorad an Mheitheal anois níos mó ná riamh. Spiorad an chomharsanacht, spiorad an chomhoibriú. Ni neart go cur le chéile a chairde agus seo í an t-am chun brú ar aghaidh I teannta a chéile agus le tacaíocht dá chéile…

Tagaigí liom a chairde.

I mí Feabhra a reachtáil Sinn Féin Ard Fhéis an pháirtí sin. B’é seo a bhí le rá ag Uachtarán an pháirtí, Gerry Adams, i nGaeilge:

Comhghairdheas. Tá muid agus lucht oibre na hÉireann buíoch daoibh as an méid atá déanta agaibh. Ag an uair deacair seo tá sibhse de dhíth go mór mór ar mhuintir ár dtíre. Ádh mór oraibh uilig. Agus ná déanaigi dearmad. Bígí láidir agus beidh cumhacht agaibh.

Agus caithfidh muidne agus caithfidh pobal uile na hÉireann cruthú nach sinne amháin na daoine a bheas thíos leis an tubaiste seo. Caithfidh muid cinntiú go mbeidh na daoine santacha a chruthaigh an deacracht seo go mbeidh siadsan ag íoc as anois.
Go dtí seo d’éalaigh siad saor.

Le cupla bliain anuas nuair a tharraing muid aire ar an phrácás bhí ár gcairde sna meáin ag spochadh asainn. Dúirt na polaiteoirí eile nár thuig muid cúrsaí airgeadais!
Cá bhfuil na fir glice seo anois?

Tá rud éigin lófa fán chóras airgeadais, ní amháin ar an oileán seo ach ar fud an domhain iarthar. Ach tá cúrsaí níos measa anseo, b’fhéidir mar gheall ar an stair atá againn agus an bochtanas a chonaic muid rómhaith le tríocha bliain anuas.

Tá shin millteanach dona agus mí cheart. Níl sé cothrom agus tá réitigh agus stráteisí ag Sinn Féin ar an ghéarchéim seo. Cuirfidh muid stad air.

Tá muid ag obair chun clár Gaeilge iomlán a bhrú chun tosaigh sa tuaisceart. Ina measc:
• Tá ceist na nGaelscoileanna;
• Tá maoiniú do tograí teanga agus pobal; níl go leor ann ach tá Sinn Féin ag deanamh ár ndiceall níos mó a fháil.
Agus bith cinnte faoi Acht na Gaeilge.Beidh Acht na Gaeilge ann.

Tá stráitéis againn.
Tá plean againn ach ní féidir an obair seo a dhéanamh gan cairde agus comhghuallaithe ag seasamh linn agus ag cuidiú linn.

Mar a dúirt mé tapaigí an deis labhairt agus éisteacht le daoine faoi na rudaí atá tabhachtach dóibh. Agus déanfaidh muid sin. Ar fud na tíre beidh Sinn Féin ag obair libh.

Tá dea-thoil an domhain uilig ag dul leis ach tá brú mór air agus dóchas iontach ag brath air fosta.

D’amharc muid ar an teilifís agus léigh muid inár nuachtáin fán chosmhuintir i nGaza agus d’fhulaing muid leo. Tá muid cinnte de go dtig réiteach a fháil ar an choimhlinct sa réigiún má bhíonn an toil ann.

Tá obair maith ag dul ar aghaidh sa pháirtí le cur chun cinn na Gaeilge, go háirthe leis na cumainn gaelacha. Ach tá alán le déanamh go fóill.

Tá sár obair déanta againn. Tá an teanga beo mar tá sibhse ag obair ar son cúis na Gaeilge. Tá muid buíoch daoibhse go léir.

Bhailigh muid le chéile sa chathair seo ceithre seachtain ó shin – sa Teach Ardmhéara do cheiliúrú ar an Chéad Dáil, nócha bliain ó shin. Oíche speisialta a bhí ann má bhí tú ábalta fáil isteach! Bhí an áit plodaithe.

Tá raon nua deiseanna ag oscailt dúinn. Agus ní mór dúinn bheith reidh.

Bígí linn.
An Phoblacht Abú

Ní raibh focal i nGaeilge in oráid Éamon Gilmore ag Comhdháil Bhliantúil Pháirtí an Lucht Oibre.

Tá cúpla ceist agam ag eascairt as an méid thuas luaite. Tá cúpla rud soiléir. Bhí níos mó Ghaeilge in oráid Gerry Adams ná mar a bhí ag aon cheannaire eile. Ní raibh ach cúpla focal ag Brian Cowen agus ag Enda Kenny. Chuir John Gormley íontas orm leis an méid Ghaeilge a bhí ina oráid uachtarántachta. Bheadh locht ag poilín teanga ar gach oráid acu as ucht an méid botúin gramadai is litrithe a bhí sna h-oráidí.

Sa deireadh thiar, áfach, léirigh siad go raibh fonn orthu úsáid a bhaint as an nGaeilge. Bhí siad sásta dul sa seans cé ná raibh an Ghaeilge acu go líofa. Is cinnte agus na h-oráidí á léamh againn i solas an lae, go mbeadh ábhar imní ann do mhúinteoir Ghaeilge.

Ag an am céanna, deirtear sa Bhéarla, the perfect is the enemy of the good. Má chaithimíd le na ceannairí seo go tarcaisneach, mar ar caitheadh liomsa an tseachtain seo chaite, an é an toradh a bheidh ar an scéal nach mbeidh aon Ghaeilge in aon chorr sna h-oráidí an bhliain seo chughainn?

Sa deireadh thiar thall, is beag an méid Ghaeilge atá in úsáid ag na ceannairí seo agus níl aon uirlis éifeachtach againn chun tabhairt orthu níos mó a úsáid. Cad is féidir déanamh chun an bunfhadhb seo a réiteach? Nó mura mbionn an Ghaeilge á úsáid ag na ceannairí, ní thuigfidh lucht a leanta go bhfuil tabhacht lei. Mura gcreideann lucht a leanta go bhfuil tabhacht lei, ní bhainfidh na cinnirí úsáid aistí. Fainne fí foirfe.

Agus pé rud eile ar féidir a rá, ní chuidíonn an bhéim atá i réimse áirithe de shaol na Gaeilge ar ‘fhoirfeacht’ teanga agus an teanga a chosaint ón bhagarit lasmuigh le cas na Gaeilge.

10 dtuairim ar “Gaeilge na bpolaiteoirí agus na poilíní teanga….

  1. Seán Mór

    Taitníonn sé liom chomh maith, an dóigh a dtéann Gearóid Mac Ádhaimh amach is isteach sa Ghaeilge ina chuid óráidí agus ina chuid ráiteas, seachas cúpla focal ag an tús agus slán a fhágáil ag an Ghaeilge sa chuid eile den chaint ar fad. Is cuma sa tsioc liomsa faoi na botúin a dhéanann duine ar bith acu i ndáiríre… déanaim féin botúin, déanann mo pháistí botúin, déanann mo bhean chéile botúin… bheadh feitheamh fada orainn dá mbeimis ag fanacht le foirfeacht sula mbeadh cead cainte ag duine sa Ghaeilge. Úsáid, agus iarracht chun feabhais, sin an dá rud is tábhachtaí le go mbeidh an Ghaeilge beo. Tig foirfeacht le húsáid. In amannaí, ní thig, ach is cuma.

    Freagra
  2. Séamas Ó Neachtain

    An bhfuil sé chomh deacair sin don pholaiteoir duine le Gaeilge chruinn a fháil chun a óráid a ullmhú leis? Leisce agus dímheas don Ghaeilgeoir atá ann, i mo thuairimse. Cosúil leis na mílte comharthaí a fheictear ag na feiseanna agus Cead Mile Failte orthu, agus rudaí níos measa.

    Freagra
  3. Póilín teanga amháin

    Tá tú ag troid go láidir ar son do chearta gan an teanga a fhoghlaim i gceart! Go n-éirí leat! Níl éinne foirfe, táimid go léir ag foghlaim ach bíonn cuid againn buíoch as an gcabhair seachas maslaithe agus cosantach dá bharr

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom go bhfuil tú cothrom a chara. Táim ag cur ceist faoi Ghaeilge ár bpolaiteoirí sa chás seo. Creidim go bhfuil éite áirithe i saol na Gaeilge atá ag coinneáil forás na teanga ar chúl de bharr a ndearcadh cúng is ró fhoirfe.

    Na poilíní teanga a bhí ag plé mo chumas teanga ar an suíomh seo agus suíomhanna eile an tseachtain seo chaite, bhí siad maslaitheach ní h-amháin dom féin ach do mo mhuintir agus don pobal inar tógadh mé. Ní ghabhfaidh mé leithscéal le duine ar bith as iad a chosaint. Is féidir le daoine mise a mhaslú an oiread agus is maith leo – ach níl aon cheart nó údarás acu bheith ag caitheamh anuas ar mo mhuintir nó mo chomhluadar.

    Freagra
  5. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Bhi mé sách mí-shasta leis an méid Ghaeilge a labhair na Ceannairí, Gearóid Mac Ádhaimh as an áireamh.Úsáid seachas foirfeacht atá de dhith.In am seo na gearchéime eachnamaíochta agus alán daoine in ísle bhrí nách iontach an deis seo ag daoine, agus am le sparáil acu, tabhairt faoi foghlaim na Ghaeilge.Ní bheadh mé ag fanacht leis na Ceannairí Polaitíochta chun spreagadh a thabhairt duinn.Teachta Dála a mbionn an-chuid cáinte agus torann as na Michael Ring ó Mhaigh Éó agus gan focal Ghaeilge aige.

    Freagra
  6. Séamas

    Molaím an blag seo agus na hiarrachtaí a dhéantar ann. Is cuma liomsa cén chineál Gaeilge atá ann, cé go bhfuil mé den bharúil go bhfuil cuma ‘lasseiz fair’ nó cibé air.

    Anois, molaím Gerry Adams as Gaeilge a labhairt cé nach bhfuil an Ghaeilge sin thar moladh beirte – teach saoire aige sa Ghaeltacht, ba chóir go mbeadh sé níos fearr, ach fair play dó. Labhraíonn sé í agus tá a fhios agam go maith go bhfuil sé an-dáirire fan Ghaeilge.

    Ach níorbh iar-eagarthóir ar Lá Nua Gerry Adams. Is boc mór i meán cumarsáide na Gaeilge thú a Choncubhair, ba chóir dhuit do sheacht ndícheall a dhéanamh chun a bheith beacht.

    Is fuath liom ‘póilíní teanga’ ach ní fheicím cúis le drochlitriú Gaeilge nuair atá Gaelspell agus srl. againn.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    A Shéamuis, ní aontaim leat maidir le do bhreith ar mo chuid Gaeilge. Nílim foirfe – táim ag foghlaim liom ach cuireann sé deistean orm daoine cosúil leat a bheith ag caitheamh anuas ar mo chuid Gaoluinne amhail is go bhfuil sibh níos fearr ná mé. Bhíos im eagarthóír ar Lá Nua cinnte agus dheineas mo dhícheall ansan – agus bhí profleitheoir agam agus eile a chuidigh liom slacht a chuir ar chúrsaí. Ach seo tusa, ag léiriú do shástacht le Gerry Adams, ceannaire pháírtí pholatúil atá ag suí i Rialtas ó thuaidh agus na h-acmhainní atá ar a chúl, agus ag caitheamh anuas orm.

    Is mór an náire thú!

    Freagra
  8. MiseÁine

    Ah, leaids! Tóg go bog é! Cén pháirt den ‘Foláireamh Cruinnis agus Stíle’ atá curtha leis an mblag seo nach dtuigeann sibh? Níl aithne phearsanta agam ar an bhfear ar leis an mblag seo, ach tá a fhios agam an méid seo – táim ag baint suilt as an mblag mar go bhfuil sé scríofa i nGaeilge, agus is maith liom tuairimí chuile dhuine a léamh, is cuma cé chomh briotach ná cé chomh cruinn is atá an teanga acu, a fhad ‘s atá an Ghaeilge beo beathach agus in úsáid go rialta! ‘Sé mo thuiscint, ón méid atá léite agam, nach bhfuil Conchubhar ina eagarthóir ar an nuachtán Lá i láthair na huaire, agus ‘sé mo thuiscint freisin nach bhfuil sé ag fáil aon íocaíocht ar an mblag seo. Cail an fhadhb?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s