Cá bhfuil An Cailín Sa Chathair?

cailinsachathairTá eagrán nua de nós* ar tí bheith éisithe – agus, mar is ghnath, tá snás ar agus tá foireann na h-irise le moladh as an diogras agus an gairmiúlacht atá léirithe acu san eagrán seo.

Seo ceist – nó gearán [Gearán faoi nós*?] – cár imigh an cailín sa chathair, gnéas-eolaí na h-irise. Bhí sí ann sa chéad cúpla eagrán ach ón am ar tháinig an iris amach agus é clóite, ní raibh sé ann.

Tá cúis mhaith le sin, is dócha, nó ba cheart go mbeadh an iris seo á dhíriú ar mhargadh na scoileanna agus ní dóigh liom go bhfuil múinteoirí na tíre ullamh chun a leithéid seo a scagadh sa rang.

Cé go bhfuil an sampla amháin seo de shaothar an cholúnaí seo le léamh ar shuíomh nós*, tá go leor samplaí eile nach feidir liom a aimsiú. Is cuimhin liom colún a bheith ann faoin ‘g-spota’ – cá bhfuil sin imithe? Agus ar stopadh ag foilsiú na gcolún uair eigean gan é a thabhairt le fios dúinn?

Ba bhuaic phointe san iris a bheith ag léamh an cholún seo agus ní h-aon solás é go bhfuil seanduine liath ag scríobh don iris anois.

Cuireann an caractair seo colúnaí eile i gcuimhne dhom – ach ní docha gurb é atá ann. D’imigh seisean as radharc díreach sara cuireadh Lá Nua go tóin phoil ag deireadh na bliana seo haite.

seanduineliathFiú tá aithris á dhéanamh ag an seanduine liath ar stíl Philip Cummings, níl sé leath chomh dathúil leis an gCailín sa Chathair nó fiú le h-iar eagarthóir ealaíne an iar nuachtáin a rabhamar beirt ag obair ann le cheile trath!

6 thuairim ar “Cá bhfuil An Cailín Sa Chathair?

  1. maidhci

    “Is cuimhin liom colún a bheith ann faoin ‘g-spota’ – cá bhfuil sin imithe?” Sin ceist a cuirtear go mion minic!!!!

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Is mór an náire gur imigh an Cailín sa Chathair.Scanraithe ag buiséad Bhriain O’ Lionnacháin gan dabht agus í anois ina deoraí cánach.

    Freagra
  3. nós*

    A chairde nós*,

    Bhí ar ár gCailín sos beag a thógáil – ní hamháin go raibh sos tuillte aici ach ní raibh fonn uirthi a heachtraí a roinnt le daltaí scoile, a bhí ag léamh nós* ar scoil ag an am.

    Mar sin féin, is féidir liom a rá go mbeidh ábhar iomlán an Chailín le léamh ar nosmag.com gan mhoill agus go dtiocfaidh sí ar ais sa leagan clóite amach anseo.

    Beirigí bua,

    Tomaí Ó Conghaile
    Eagarthóir nós*

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s