Is píosa filíochta é seo a chum m’athair, Dónal Ó Liatháin. Rinne mo dheirfiúr, Bríd, é a d’aithris ag béal a uagha nuair a cuireadh é anuraidh. Léim é ó am go cheile nuair a bhíonn a chomhluadar uaim. Ní seo an chéad uair a foilsíódh anseo é ach nach mbionn ath-chraoltaí ar theilifís?
Imeacht
le Dónal Ó Liatháin
Cíorann an bás an gleann gach bliain
Is tógann creach
Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann
Fán Sulán soir
Díríonn méar is buaileann buille
Is tógann leis óg is sean.
Ceol is spórt is clisteacht céirde
Gaois is croi maith, cion is féile
Subháilcí na sean go mear sa chré leis.
Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic
San Ínse Mhór is alpach a theacht
Is Ré na bPobal ag eascar glas
Fíon ’a ól de dhroim bó seasc
Is caoire bána an sliabh amach.
Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh
Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.
I gcliabhán na haigne
A’taithneamh fe ghrian na hóige
Tá imeachtaí, eachtraí
A bhí, is ná beidh arís níos mó.
Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin
Grian Aibreán ag árdú,
Meitheal fear ’na leinte geala
Bainc á nglanadh
Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas
Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh
Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.
Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn
Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas
Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;
Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,
Is gréasán airgid ar ghormloch.
Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí
Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’
Staisiún le hól, amhráin go maidean
Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.
Sin í an chreach a thógann an bás leis
An cnagaire sanntach ó dhoras is doras
Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh
Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.
©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008
Caithfidh mé a admháil, a Choncubhair, an chéad uair a chuir tú an dán sin ar fáil nár léigh mé é. Léigh mé an iarraidh seo é agus is dán maith atá ann. Níl mórán cur amach agamsa ar chúrsaí filíochta, ach is breá liom é nuair a bhíonn dán ann a dtig liom ciall a bhaint as, agus a dtig liom meas a bheith agam ar an chlisteacht focal agus an smaointeoireacht. Fiú an chéad líne díreach simplí sin, ‘cíorann an bás an gleann gach bliain’, chuir sé ag smaoineadh mé ar na daoine i mo cheantar féin a d’imigh ar shlí na fírinne mar gheall ar an ‘chíoradh’ sin, agus cuireann sé in iúl go bhfuil an t-ádh dearg ar an chuid eile againn nár fuadaíodh go fóill! Go raibh maith agat as sin a chur ar fáil arís…