An dubh ina [Fhine] Gael

endakenny6webIna oráid Uachtarántachta anocht, dúirt Enda Kenny nach n-ardódh a phairtí libhéal na gcánacha thar mar atá siad faoi láthair. Dar leis, agus glacaim leis go bhfuil an cheart aige, ní ghiorróidh cánacha níos airde an bhóthar dúinn agus sinn ag iarraidh gabhail amach as Tír an Lagtrá.

Ach tá lúb ar lár sa gheallúint sin. Beidh na cánacha arduithe sara mbeidh sé i Rialtas arís – agus a fhios sin go maith aige. Mar sin, má thoghtar é, má tá sé ag iarraidh go mbeidh an cháin atá ann anois ann arís an uair sin, beidh ar an cháin a laghdú.

An dtarlóidh sin? Ní doigh liom é. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil ceannaire Fhine Gael ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn. Ba bhrea le daoine teachtaireacht mar seo a chloisint. Agus is cinnte go meallfaidh sé breis votaí – ach an feidir leis beart a dhéanamh de réir briathar?

Tá mé in amhras….

Roimh dom imeacht i dtreo an tabhairne, ceist agam ar na poilíní teanga a bhionn ag taobhú leis an suíomh seo.

Seo atá scríte ag Fine Gael ar a suíomh agus iad ag cur síos ar sheasamh an phairtí:

Is Páirtí é Fine Gael don lár ionad forásach

Glacaim leis gurb é atá i gceist ná seo. Fine Gael is a party for the progressive centre.

Céard atá mícheart le leagan Ghaeilge FG – agus an bealach níos cruinne chun creideamh pholatúil FG a chur in iúl ná an ráiteas aisteach seo?

7 dtuairim ar “An dubh ina [Fhine] Gael

  1. Seán Mór

    Tá Fine Gael ag bogadh chun cinn, leathshúil againn ar Leon Trotsky agus an leathshúil eile ar Milton Friedman! 🙂

    An dtiocfadh le duine ar bith Béarla soiléir a chur ar ‘progressive centre’ fiú!

    Freagra
  2. Póilín teanga amháin

    Ní féidir leo lárionad a úsáid don treo polaitiúil ina bhfuil siad ag imeacht, is dóigh liom gur foirgneamh atá i gceist le ‘lárionad’… n’fheadar?

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Tar éis dom roinnt machnaimh a dhéanamh ar an ábhar, táim den tuairim nach bhfuil aon chiall le ‘progressive centre’ i dteanga ar bith. Conas ar féidir leis an ‘lár’ bheith forásach nó ag dul chun tosaigh. Tá sé ann, níl sé ag dul in áit ar bith…..

    Cosúil le FG?

    Freagra
  4. Seán Mícháel O Donnchadha

    Páirtí an láir atá ag dul chun tosaigh bhféidir!!Is é an páirtí atá ag dul chun tosaigh ní an lár atá ag fanacht mar a bhfuil sé cosúil le FG féin.Aitheasc olc a bhí ann ag tráth cinniúnach don pháirtí.Ní raibh aon phaisean fiú muinin ag an cheannaire.Muna éirionn le FG an ruaigh a chur ar FF taréis loic na tíre fé dhó, `sna heochtóidí agus arís anois,ba cheart deireadh a chur leó.Sé an fabhb atá ag FG igcónaí ná nách bhfuil oiread solais agus ba cheart idir iad féin agus FF.Saghas FF ó Roinn a dó.Is cainteór maith Ghaeilge é ach níor tapaigh sé an deis polasaí a phairtí a thabhairt faoi dul chun cinn na Gaeilge.Níor chur sé aon bhrú ar an Rialtas maidir le moilleadóireacht faoi foilsiú an Polasaí Fiche Bhliain don Ghaeilge.Níor thug sé aon inspioráid domsa.Ní haon Bheairic O’ Bama an Enda O`Cionnaith seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s