Is boichte sinn de bharr ciorrú ‘Foinse’

Is cosúil gur gearáin is mó a thaithníonn leis an dream a thaithíonn an bhlag seo – nó thug mé faoi ndeara ná raibh leath an oiread cuairteanna ann mar thoradh ar an dtrachtaireacht, Is Aoibhinn An Saol, ná mar a bhí na laethannta roimhe.

Mar sin de ar cheart dom riar a dhéanamh ar an éileamh sin?

Rith sé liom mar shampla go mbeadh go leor gearáin a bhféadfainn déanamh nuair a léigh mé an alt a bhí i dTuarascáil an Irish Times an tseachtain seo faoi fhoireann ‘Foinse’ a bheith ag glacadh le laghdú 10% ar a dtuarastail.

Seo Pól Ó Muirí, eagarthóir Ghaeilge an Irish Times agus colúnaí spoirt le Foinse, ag bolscaireacht faoin nuachtán seachtainiúil arís eile. Seo foireann Foinse, a bhí ag fáil tuarastal ró árd, is dócha, ag maíomh as a bheith ag glacadh le ciorrú.

Cuirfear schadenfreude im leith as tagairt ar bith a dhéanamh den scéal cé gur boichte saol na Gaeilge de bharr seo. Tréaslaím a gcinneadh le lucht Foinse.

Ach ní ar sin ar mhaith liom aird a dhíriú. An fath go bhfuil an ciorrú seo á dhéanamh ar thuarastail ‘Foinse’ go bhfuil titim tubaisteach ar an ioncam a bhí á fháil ag an nuachtán sin ó fhograíocht ón earnáil stáit ó dheas.

Ar feadh na mblianta fada bhí an nuachtán lán le fógrai ó gach cineál áisínteacht, cuid mhaith acu nach mbeadh aon cheangal ar leith acu leis an nGaeilge. Is cinnte go raibh ioncam substaintiúil ón foinse seo ag an nuachtán seachtainiúil, sruth ná raibh ar fáil ag Lá Nua de bharr go raibh an nuachtán sin lonnaithe ó thuaidh den criochdheighilt pholatúil ar an oileán seo.

Is cuimhin liom uair amháin an cheist a chur in eagarfhocal i Lá Nua faoin claonadh a bhí ag na h-aisínteachtaí stait is ranna rialtais fograí dhá theangacha a fhoilsiú sna nuachtáin Bhéarla – is cuimhin liom go bhfaca mé figiúir de €500,000 in aghaidh na bliana luaite leis an gcaiteachas seo i bhfreagra a tugadh ar cheist Dála. Dar liom gur cheart go mbeadh sé níos saoire, fiú an am sin, go mbeadh leaganacha Ghaeilge na bhfógraí dhá theangacha seo sna nuachtáin Ghaeilge agus go mbeadh na leaganacha Béarla amháin sna nuachtáin Bhéarla. Dar liom go sabhálfaí taoscán mhaith den leath mhilliún Euro sin. Ní gá dom a rá, is dócha, go raibh mé dochasach go mbeadh dea thoradh do Lá Nua ar an gceist seo.

An aischothú a fuair mé, bhí sé thar a bheith aisteach. Fuaireas glaoch ó fheidhmeannach shinsearach in eite Ghaeilge an stat chórais ag tabhairt le fios dom nár cheart a leithéid de cheist a chur go poiblí mar go raibh an baol ann go dtosnódh na h-aisínteachtaí stait is na ranna rialtais ag cur ceisteanna faoin chaiteachas seo agus gurb é an toradh ar na ceisteanna seo go mbeadh comhairle á chur ar na ranna sin nach raibh aon cheangal orthu, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, aon leagan Ghaeilge d’fhógra phoiblí a fhoilsiú. Mar sin gurb é an toradh ar an gceist sin uaimse nach mbeadh aon fógra Ghaeilge á fhoilsiú ón earnáil phoilbí i nuachtán ar bith.

Is cosúil anois go bhfuil sé aitheanta anois ag duine éigean go raibh míthreo ar na rannaí stáit na fógraí móra costasacha dá theangacha seo a fhoilsiú sna nuachtáin Bhéarla agus na leaganacha Ghaeilge sa nuachtán Ghaeilge agus go bhfuil stop nach mór iomlán ar an sruth seo ioncaim.

Tugann seo chun cuimhne an cheist clúiteach a chur WB Yeats ar féin: Did that play of mine send out good men the English shot?

Ach mothaím go bhfuil an ciorrú is déanaí mar thoradh ar na fiosruithe atá á dhéanamh ag leithéidí an Bhórd Snip faoi chiorruithe gur féidir a dhéanamh san earnáil phoiblí seachas ar cheist fánach uaimse.

Agus creidim nach bhfuil ann ach an tús. Creidim go mbeidh lán stad ar chur i bhfeidhm aon mhír den Acht nach bhfuil curtha i bhfeidhm go n-uige seo. Anuas ar sin, ní chuirfeadh sé íontas orm dá mbeadh beart éigean ann a chiallódh go mbeadh aon bhuntáiste don phobal ón Acht á chur ar ceal.

Sílim go mbeidh gaoth fuar ag séideadh ar earnáil na Gaeilge ón 7 Márta. Ní an Foras amháin a bheidh á shéideadh óna gceannaras insilithe i gCearnóg Mhuirfean.

An rud nach bhfeicim, seachas i gcúinne Ghaeilge na h-idirlíne, an plean B ag earnáil na Gaeilge athshamhlú a dhéanamh ar thodhchaí ina mbeidh tacaíocht ón stat i bhfad Éireann níos deacra teacht air do bheartais Ghaeilge as seo amach.

7 dtuairim ar “Is boichte sinn de bharr ciorrú ‘Foinse’

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá se in am deileáil leis an cheist seo go huile is go hiomlán anois.Ní bheidh fuiollach airgead le fáil ag an earnáil Ghaeilge sa todhcaí agus caithfear malairt slí a usáid chun é a chur cun cinn. Le gearrtha sior ar fordeontais tá na paipeir clóite i nGaeilge i dtrioblóid.Is dócha gurbé an t-idirlionn an bealach is fearr leanúint ar aghaidh.

    Freagra
  2. Splanc

    Déanann tusa an rud chéanna a dheánamh: ag cuir do chuid céad grá, Lá Nua marbh agus comhlachtaí na cultúrlainne chun cinn – FIMÍNEACH!

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    Tá alt ábhartha ar an téama seo “Athspléachadh ar Chomhairle Dev” le Breandán Delap fóilsithe ar an t-irís idirlínn Beo do Mhi na Márta.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Níl a fhios agam céard ar a bhfuil tú ag caint, Splanc. Nior cháin mé éinne as aon rud a chur chun cinn…. Má tá fimíneachas i gceist, abair liom cá bhfuil sé?

    Freagra
  5. Ping: Ciorrú Breis Luacha - an scéal is déanaí faoin bhuiséad breise is an Ghaeilge « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s