Seirbhís Phóilíneacht Teanga le bunú

eamonocuivTá sé fógraithe ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go bhfuil sé chun Seirbhis Phoilíneacht Teanga a bhunú le tacú leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, atá ag iarraidh an seirbhís phoiblí a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid leis an bpobal.

”Nuair a chuireas an tUasal Ó Cuireáin i mbun a dhualgaisí i 2004, dúirt sé go n–úsáidfeadh sé éagsúlacht straitéisí chun dul i mbun a chuid oibre, idir an chairéad agus an mhaide,” dúirt an tAire in agallamh eisíach le iGaeilge. Bhí sé ag caint tar éis do cruinniú bheith aige le h-oifigigh shinsearacha leis an eagras, Comhláthas na Náisiún, maidir le ballraíocht a lorg d’Éirinn arís san eagras sin.

”Nílim ag iarraidh é a cháineadh ach dar liomsa ná raibh a dhóthain úsáide á bhaint aige as an mbata agus thóg mé sin leis – agus mar thoradh ar an bplé eadrainn, bheartaíomar ar an seirbhís seo a bhunú.

“Beidh sé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn sara mbeidh an tseirbhís seo ag dul i mbun oibre go hoifigiúil, iad ag cíoradh gach caipéis oifigiúil agus neamh oifigiúil a fhoilsítear i nGaeilge fud fad na hÉireann agus go brea sásta a bheidh siad ag obair leo lena bpínn dearga.

“An rud is fearr faoi seo, ar nós feidhmiú an Achta Teanga, ní chosnóidh sé tada, nó tá sé i gceist againn na poilíní teanga a earcú ar an mbonn céanna le Fórsa Chúltaca na nGardaí.

”Ní bheidh siad á n-ioc – cé go mbeidh orainn pínn dearga a chur ar fáil dóibh.

”Tá ár saineolaí riomhaireachta is fearr ag obair ar ghléas a chuirfidh ar chumas na poilíní botúin gramadaí ar shuíomhanna idirlín a mharcáil óna scaileáin féin. Céim mhór chun tosaigh é seo sa teicneolaíocht idirghníomhach,” dúirt sé.

Tá sé i gceist Ard Chonstábla a cheapadh le bheith i gceannas ar an seirbhis seo. Post é seo a bheidh tuarastal inchurtha le tuarastal an Choimisinéara Teanga ag gabhail leis agus beidh runaí príobháideach agus oifigeach feidhmiúcháin ag déanamh friotháil ar an Ard Chonstábla.

Beidh teacht aige – nó aici- ar sheirbhísí chomhlachta chaidrimh phoiblí aitheanta chun scéalta a éisiúint don phobal agus tá obair ar bun theana féin ar shuíomh idirlíne.

Ar an suíomh seo beidh treoir á fháil ag úsáideoirí idirlín a chuirfidh ar mhórbhothar eolais a leasa iad – agus a chinnteoidh go seachnóidh siad suíomhanna le Gaeilge amhrasacha orthu.

Níl aon ainm á lua leis an bpost, a fhógrófar go luath i bhfógraí iomlán leathnaigh is dhá theangacha sna mór nuachtáin ar fad ar fud an oileáin, go fóíll. Deirtear go mbeidh ‘sotal’ is ‘eirí in airde’ ar chailíochtaí riachtanacha ag an t-é a cheapfar sa phost. Ní dheinfear dícháiliú ar iarratasóirí a bhaineann úsáid as Bearlachas – go deimhin is buntáiste é.

Beidh an t-é a cheapfar ag obair in oifigí Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair nó i mBéal Feirste, cibé ceann is túisce a bheidh ag feidhmiú.

6 thuairim ar “Seirbhís Phóilíneacht Teanga le bunú

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Dia, a Chonchubair in aimsir seo na nua teicneolaíochta cén fath nach bhfuil scagaire uathoibríoch ríomhaireachta chun an droch Ghaeilge go léir a thabhairt cuid suntais.Ba cheart téarma phriosún a ghearradh ar an meancóg is luaithe go mór mór má ndéantar é ar Lá na nÁmadán.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní dócha gur fiú dom a rá nach cosantacht atá ann nó dá ndéarfainn sin dhéarfaí go rabhas cosantach faoi mo chosantacht. I bhfirinne bhí mé ag iarraidh píosa spraoi bheith agam agus é a roinnt libh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s