Bua (1-1!) i mBari

Cé shamhlódh é? Bhí Éire ag imirt in aghaidh na hIodáile, curaidh sacair an Domhain, i mBari i bhfíor deisceart na tíre Mean Mára – agus geall leis gur bhuaigh siad.

Chuaigh siad ar chúl go luath, fiú is go raibh imreoir sa bhreis acu tar éis ar cuireadh Iodálach den bpáirc. Ach ó sin go deireadh d’imir Éire go maith agus b’iad ab fhearr. Fuair Robbie Keane an cúl agus trí nóimead fagtha ar an gclog agus geall leis gur aimsigh sé cúl an bhua leis an gcic dheireannach den gcluiche.

An rud ba ghreannmhaire ar fad, agus an phlé ar bun sa stuideo ag Giles agus Dunphy, dúirt Éamon gur droch fhoireann amach is amach abea an Iodáil.

Ba dhroch fhoireann iad freisin sa Ghearmáin i 2006 – agus go fóill d’eirigh leo Corn an Domhain a bhua. Nior chaill sé riamh é!

Tá Éire sa dara áit sa ghrúpa anois agus má eiríonn leo rud éigean a thabhairt leo ó Sofia ar 6 Meitheamh, beidh seans acu an Aifric Theas a bhaint amach tríd an chúl doras.

Ní olc an toradh é sin ar chúrsaí.

Aon tuairim amháin ar “Bua (1-1!) i mBari

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ós é sin mo bhreithlá an 6ú Meitheamh beidh an lá ag Éireann.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s