Riail amháin don bhForas….

Concubhar Ó Liatháin, iGaeilge agus Ferdie Mac an Fhailigh, Foras na Gaeilge, á chur faoi agallamh ar Adhmhaidin, 31 Márta 2009, ag Gormlaith Ní Thuairisc.

Tá suim á dhíriú anois ag Adhmhaidin, an príomh chlár chúrsaí reatha ar RnaG, ar na ceisteanna a togadh ar iGaeilge faoin fhogra postanna ó Fhoras na Gaeilge a foilsíodh i Foinse ag an deireadh seachtaine.

Tá gá leis an spotsholas sin a dhíriú ar Fhoras na Gaeilge nó, mar a dúirt Gormlaith Ní Thuairisc, laithreoir an chláir, is ‘airgead phobal na tíre[thuaidh agus theas]’ atá á chaitheamh ag Foras na Gaeilge.

Ní mór domsa cúpla pointe a shoiléiriú ag an bpointe seo. Sa chéad dul síos, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, amhail is go raibh sé mo bhréagnú, go raibh beirt eile ag obair san oifig an lá ar chuas chun agallamh a chuir air. Má bhí, bhí siad go maith i bhfolach nó ní raibh rian díobh san oifig ollmhór seo, atá deartha de réir phlean oscailte seachas dhá sheomra, seomra boird agus oifig bheag d’fheidhmeannach shinsearach, an trathnóna a chuaigh mise ar chuairt ann.

Deirtear liom go bhfuil seachtar ag obair ann anois. B’fhéidir é. Ní raibh mé ann le tamall. Ach cheapfá, dá mbeadh seachtar lonnaithe ann, go mbeadh duine acu ábalta an fón a fhreagairt nuair a bhuailfeadh sé.

Níl mé chomh buartha i ndáiríre faoi na postanna seo, cé acu an bhfuil siad ann nó as, cé acu i mBéal Feirste nó i dTír Chonaill nó i mBaile Átha Cliath atá siad, cé acu an rúnaí príobháideach nó oifigeach feidhmiúcháin atá á fhostú.

Ritheann sé liom go bhfuil an slí atá Foras na Gaeilge ag láimhseáil na ciorruithe leataobhach agus aimscí. An seachtain céanna a sheolann an Fhoras litir chuig na h-eagrais ag tabhairt le fios go mbeidh ar gach eagras cás a dhéanamh go mbeidh éifeacht tubaisteach ar chur i gcrich aidhmeanna straitéiseacha an Fhorais má dhiultaítear folúntas a líonadh fograíonn an Fhoras go bhfuil siad ag fostú beirt sa bhreis? Bí ag caint ar am míchuí a roghnú chun a leithéid de rud a fhógairt nó is cinnte go bhfuil eagrais Ghaeilge atá ag obair sa ghort, seachas in oifig ghalánta i lár Bhéal Feirste, anois ag meá a gcuid roghanna agus iad den tuairim go mbeidh orthu luath nó mall daoine a scaoileadh chun bealaigh.

Le linn an agallaimh, shleamhnaigh mír eolais ón Uasal Mac an Fhailigh faoi chúigear eile atá le fostú in Oifig Ghaoth Dobhair nuair a osclófar é. Bhíos den tuairim ná raibh seo le h-oscailt go dtí go ndeinfear athbhreithniú ar an scéal i 2011. Is cosúil go bhfuil an beirt againn i gceart. De réir Aguisín F na Cáinaisnéise, tá cúig phost ceadaithe don oifig seo agus níos déanaí sa chaipéis céanna, tá 25 post eile i gceist san athbhreithniú nuair a tharlaíonn sé i 2011. Má tharlaíonn sé i 2011 nó choiche….

Is mór an trua ná raibh an am ann chun roinnt ceisteanna eile a chur ar an bPríomh Fheidhmeannach nó tá go leor fós le cur.
An bhfuil Foras na Gaeilge ag forbairt suíomh nua idirlíne don eagras? Cén costas atá ar an suíomh sin? Cé mhéid atá caite go dáta?

Cén luach atá ar an gconradh atá ag an comhlacht caidrimh phoiblí, Financial Dynamics, as na seirbhisí, cibé iad féin, a chuireann siad ar fáil ar bhonn leanúnach don bhForas? An mbeadh sé níos saoire bainisteoir cumarsáide a bheith ag an bhForas, mar atá ag Údarás na Gaeltachta i bhfoirm Siubhan Ní Ghrianna, bean thar a bheith éifeachtach?

Cén fath gurb é Foras na Gaeilge amháin a bhionn luaite ar mheirgí is bréagáin eile a bhionn á dháileadh ag an bhForas ar an bpobal seachas, mar shampla, pairtíocht bheith idir an Fhoras agus grúpaí ar nós Seachtain na Gaeilge chun na h-imeachtaí sin a bheith luaite ar ábhar bolscaireachta an Fhorais? Cé mhéid airgid, cé mhéid d’ár gcuid airgid, a chaith an Fhoras ar ábhar bolscaireachta dá leitheid le blianta beaga anuas?

Cad iad na ciorruithe atá á chur i bhfeidhm ag an bhForas ar an eagras féin san aeráid nua eacnamaíochta? An bhfuil ciorrú á dhéanamh ar chostaisí taistil, ar chostaisí ‘per diem’, lóistín is eile?
An mbeidh fostaithe á ligint chun bealaigh? De réir an scéala i Foinse cúpla seachtain ó shin, ní bheidh – ach an bhféadfadh athrú a bheith ar an scéal sin?
An bhfuil ciorruithe ar thuarastail fheidhmeannaigh an Fhorais, príomh fheidhmeannach an eagrais san áireamh, á chur i bhfeidhm? An bhfuil ciorrú á dhéanamh ar tháillí is ar chostaisí bhaill an Bhoird? Táillí an Chathaoirligh? An bhfuil táille sa bhreis ar an ghnath tháille do bhall boird á ioc leis an leas chathaoirleach?

Cén uair a bheidh sé i gceist na tuarascálacha is na cúntais bliantúla le h-aghaidh 2005-8 a fhoilsiú?

Sin tús leis an liosta. An bhfuil freagraí agaibh ar na ceisteanna seo? An bhfuil aon cheist eile agaibh?

4 thuairim ar “Riail amháin don bhForas….

  1. Ursula

    Maith thu, a Choncubhair, ta pobal na Gaeilge ag cur na gceisteanna sin le fada. Ach im chás féin, bhraitheas go raibh sé ródheacair dul i ngleic le heagraíocht mhor ‘runda’ agus conas é a dheanamh gan maide a thabhairt do leithéidí Kevin Myers chun muid a bhualadh. Tá do bhlag ag ardu na gceisteanna ag am an-tráthúil agus is maith an rud é go bhfuil an scéal á leanúint ag RnG anois.

    Freagra
  2. Ping: Cá dtitfidh an tua ar an nGaeilge? « iGaeilge

  3. Ping: Ciorrú Breis Luacha - an scéal is déanaí faoin bhuiséad breise is an Ghaeilge « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s