Galar na smaointe úra

Bhí clár spéisiúil ag Prime Time anocht agus caint á dhéanamh ann faoin bhfás ollmhór ar dhífhostaíocht sa tír seo le roinnt seachtainí. Deirtear go bhfuil míle post in aghaidh an lae á chailliúint.

I measc an dream is mó atá buailte ag an gculú eacnamaíochta, tá ailtirí agus daoine eile atá gafa le tionscal na togála.

Bhí fear amháin á chur faoi agallamh ar an gclár, teicneolaí ailtireachta ó Chontae Mhúineacháin, agus bhí seisean ag caint faoi daoine eile dá leithéid bheith dífhostaithe agus ag bailiú an dóíl.

Fear i mBaile Átha Cliath, bhí seisean ag iarraidh gnó a bhunú tar éis gur chaill sé a phost. Dhiultaigh an banc iasacht a thabhairt do de bharr go raibh sé dífhostaithe. Ach de bharr ná raibh sé dífhostaithe fada a dhóthain, nó dhá bhliain ar a laghad, ní raibh sé i dteideal liúntas stáit a cheadódh liúntas dífhostaíochta a bhailiú agus é ag iarraidh gnó nua a bhunú.

Agus é faoi agallamh ar an gclár, dúirt an Aire Soisireach Billy Kelliher, fear atá freagrach as seirbhísí don lucht oibre, nach raibh an liúntas ar fáil dá leithéid mar go mbeadh an baol ann go n-eireodh daoine as a bpostanna chun an liúntas seo a lorg.

A leithéid de mhaíomh gan bunús! An bhfuil aon duine ann a eireodh as post chun an dól a bhailiú agus iarracht a dhéanamh ar ghnó a thosnú?

An rud is mó a chuir as dom faoin mhéid a dúirt an tAire, nuair a dúirt sé ná raibh an rialtas ‘imdhíonaithe’ in éadan smaointe úra. Sé sin le rá gur ionann is galair iad ‘smaointe úra’ chomh fada agus a bhain sé leis an Rialtas.

Is cinnte ná raibh i gceist ach nath cainte – ach ba thubaisteach an teachtaireacht don phobal a thabhairt le fios go bhfuil an dearcadh diúltach seo sa Rialtas i leith an rud is mó ar cheart a chothú san aoráid seo, is é sin spiorad na fiontraíochta.

Mar a dúirt ceannaire an Lucht Oibre, Eamon Gilmore, ag an deireadh seachtaine, cosnaíonn gach post a chailltear €20,000 breise ar an sparán phoiblí, idir costas na n-íocaíochtaí leasa shoisialta agus na cánach caillte.

Shábhálfadh sé roinnt airgid, cheapfá, dá mbeadh an Rialtas sásta rogha a thabhairt do dhaoine idir infheistíocht i dtuairim gnó arbh fhiú €10,000 agus €15,000 seachas íocaíocht leasa shoisialta a chosnódh €20,000 ar íocóirí cánach, grúpa atá ag dul i laghad lá i ndiaidh lae.

Ní mór dúinn a thuiscint nach sparán gan bun é an sparán phoiblí. Ní bheifear ábalta íoc as an mbille leasa shoisialta roimh i bhfad má leanann sé ag dul i méid.

Tá caint ann ar ghiorruithe sa bhuiséad leasa shoisialta – ach ba cheart go mbunófaí síol chiste le h-aghaidh gnóanna nua a bhunú, gnóanna a fhéadfadh an gheilleagar a fhás.

Gach rud atá ag titim amach faoi láthair, tá sé dirithe ar ghiorruithe agus ar chánacha breise is eile, beartais a bhainfidh an gal ón ngeilleagar. Tá gál ag teastáil ón ngeilleagar anois thar mar a bhí sé riamh roimhe agus ba mhaith an rud é, dar liom, infheistiú a dhéanamh i ngnóanna beaga. Gach uair a dúntar comhlacht mór – Schering Plough i mBré agus Visteon i mBéal Feirste, tugtar saoirse d’oibrithe, cuid mhaith acu le íocaíochtaí móra iomarcaíochta. Má chuireann an stat euro ar euro leis na cnapshuimeanna sin, b’fheidir go gcuirfeadh sé an geilleagar ag gluaiseacht chun tosaigh arís. Going forward, mar a deirtear.

Mothófar gaoth fuar an lagtrá eacnamaíochta in earnáil na Gaeilge go luath, go h-áirithe nuair a chuireann an Fhoras na ciorruithe atá siad ag caint ina dtaobh, suas le 20%, ar eagrais eifeachtacha ar nós Conradh na Gaeilge, eagras atá ar chúl tograí ar nós Seachtain na Gaeilge, Raidió Rí Rá is Oireachtas na Gaeilge.

Is é an earnáil Ghaeilge an earnáil is lú ullmhuithe don fuacht eacnamúil atá ag teacht agus séidfidh an ghaoth sin gan taise gan trócaire inár measc.

An bhfuil plean B againn? An bhfuil smaointe úra amuigh ansin le cinntiú go dtiocfaimíd slán?

Dar liom is dúshlán agus is deis é an chúlú eacnamaíochta agus má bhionn an t-adh linn tabharfaidh sé ar na h-údaráís amharc as an nua ar earnáil na Gaeilge, ar an mbealach a bhí airgead á chaitheamh ar aistriúcháin ar chaipéisí ná ráibh á léamh i nGaeilge nó i mBéarla [an sean phort!].

D’fhéadfadh an Ghaeilge bheith ina tionscal fáis dá mbeadh cur chuige níos forásaí ina leith. Tá daoine ag teacht chugam ag lorg go ndéanfainn cúrsaí Ghaeilge a reachtáil [le múinteoirí cáilithe, ar eagla na míthuisceana!].

An deacracht leis an gcur chuige atá ann faoi láthair go bhfagfar na h-eilimintí is lú fiúntais san earnáil agus go ligfear chun báis na tionscnaimh leochailleacha, na tionscnaimh atá ag feidhmiú go h-eifeachtach agus ar an mbeagán.

4 thuairim ar “Galar na smaointe úra

  1. colm

    “Tá daoine ag teacht chugam ag lorg go ndéanfainn cúrsaí Ghaeilge a reachtáil”

    Is earnáil eile í seo a bhfuil go leor luifearnach le glanadh aisti. Agus is earnáil í a d’fhéadfaí go leor dul chun cinn a dhéanamh – ach tá go leor cúrsaí in Éirinn nach n-éiríonn leo daoine a chur ag caint na Gaeilge. Déan do chuid taighde, agus NÁ DÉAN SA TÍR SEO AMHÁIN Í agus breathnaigh mar a reachtáiltear cúrsaí i dteangacha eile freisin, agus ansin má chuireann tú cúrsaí ar bun a chuirfidh daoine ag caint na teanga, cloisfear faoi agus beidh libh.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaiom leat a Choilm.Tá alán dea-thoil ann anois le foghlaim na Gaeilge go mór mór i measc Éireannaigh thar lear a bhformhór atá oideachas maith faighte acu.Beidh alán daoine den aicme sár- oideachais ag dul ar imirce sa ghearrtreimse ar a laghad.Tá ghá le freastail ar riachtannais an “Diaspora” seo ar an idirlíon ar cúrsaí teanga agus araile.Obair fiúntach a bheadh anseo mar bheidh cabhair de dhith ag an tír seo ó na daoine seo.Beidh deiseanna trádálacha san obair seo chomh mhaith.

    Freagra
  3. colm

    Ní riachtanais an “diaspora” a bhí i gceist agam, ach scrúdú a dhéanamh ar an gcur chuige a bhíonn in úsáid thar lear chun teangacha seachas an Ghaeilge a mhúineadh. Ní fiú do dhuine uair an chloig uair sa tseachtain ar feadh sé mhí den bhlian a chaitheamh ar theanga a fhoghlaim. Teastaíonn i bhfad níos mó.
    Ní fiú mórán seachtain sa nGaeltacht ach an oiread.
    Má tá Concubhar chun cúrsaí Gaeilge a chur ar bun, cuireadh sé cúrsaí fiúntacha ar bun. Ná bí ag cur an dallamullóg ar dhaoine. Tá bealach ann chun teanga a mhúineadh go héifeactach – ach isfíor-annamh a fheictear in Éirinn é. Cur amú ama agus airgid iad mórchuid na gcúrsaí Gaeilge in Éirinn. Foghlaimímis ó na heachtraigh – ó na Breatnaigh, ó na Catalóinigh, ó na hIosraelaigh fiú, agus múinimis an Ghaeilge dóibh siúd atá ag iarraidh í a fhoghlaim.
    Ná géillimis don chathú tuilleadh cúrsaí caitheamh aimsire a chur ar bun.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Táim ag éisteacht leat – agus níl fonn orm na botúin a luann tú a dhéanamh. Is focal ró thearc cúrsa chun cur síos ar an eispearas a bheadh ag daoine a bheadh ag teacht go Múscraí ar son na Gaoluinne. Tumadh iomlán sa teanga a bheadh i gceist. Beidh ranganna ann – ach ní sin tús nó deireadh an scéil.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s