An Ghaeilge ‘eisíach’

Níl sé ró fhada ó shin go raibh an blag seo ag trácht ar íonsaithe ar an nGaelscolaíocht san Irish Times ag colúnaithe an nuachtáin sin, Sarah Carey agus Kathryn Holmquist.

Seo chugainn íonsaí eile sa nuachtán céanna. Tuairisc atá ann seachas colún.

Agus an Ollamh nua i Siceolaíocht in Ollscoil Luimní á insealbhú, dúirt sí an méid seo i dtaobh na Gaelscolaíochta.

“Our definition of Irishness is also used to exclude,” she said. “We liked to apply our Irishness politically to promote the self-stereotype of being friendly, open, welcoming and having had an experience of being victims in past history. The reality is that we can also use our Irishness very strategically to keep people out.”

One example of this is the State’s attempt to protect the Irish language.

“A language is about communication and about being able to communicate effectively – but a language that one can only speak to some people, and which excludes others, is by definition exclusive.”

Thus gaelscoileanna, established for altruistic motives, can “sometimes be tied up in this very exclusive definition of Irishness”.

“We have to be pro-active, rather than reactive, in our approach to the language and our definition of Irishness,” she said.

Tá sé spéisiúil gur in Ollscoil na Ríona a dhein an Ollamh Muldoon cuid dá taighde. Ollscoil é sin a léirigh naimhdeas don Ghaeilge i gcaitheamh na mblianta – fiú is go bhfuil Aonad Staidéar Eireannach ann nach ndeintear staidéar ar an nGaeilge ann, mar shampla.

Anois tá an aicíd seo ag leathnú go hOllscoil Luimní. Is cinnte gur ráiteas é seo a bhainfidh namhaid na Gaeilge úsáid as agus is cinnte go mbeidh úsáid á bhaint as seasamh an mhnaoi seo, Ollamh le Siceolaíocht, chun tacú le h-argóintí iad san atá naimhdeach don Ghaelscolaíocht.

“A language is about communication and about being able to communicate effectively – but a language that one can only speak to some people, and which excludes others, is by definition exclusive.”

An focal sin ‘exclusive’ agus an Ghaeilge á lua le chéile arís. Tá sé ag eirí tuirsiúil. Níl sé eisiach teanga sa bhreis a mhúineadh do pháistí nó do dhuine ar bith – níl aoinne ag séanadh an Bhéarla ar pháistí i nGaelscoileanna.

Chomh fada agus a fheictear domsa is é an eisiachas is mó atá á chleachtadh sa tír seo an bealach a dheineann caint leithéidí an Ollúna seo, an Dr. Muldoon, imeallú ar lucht labhartha na Gaeilge. Toisc go labhraimid Gaeilge, ní labhartar linn mar ghnath dhaoine. Nílimíd mar chuid den ghnath phobal agus, is cosúil, gur orainne an locht.

Déarfaidh mé rud amháin leis an Ollamh seo – labhraim Gaeilge agus scríobhaim i nGaeilge ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh le daoine – ní ar mhaithe le daoine a chur ó dhoras. Agus ní mionlach beag an líon duine a thaitníonn sé leo an Ghaeilge a úsáid ína saol.

Bí cúramach cé atá ag cleachtadh an ‘eisiachas’

8 dtuairim ar “An Ghaeilge ‘eisíach’

  1. Colm

    Gura míle as an bpost seo! Bhí a fhios agam nuair a chonaic mé an scéal seo san Irish Time go ndéanfá jab an-mhaith as! Aontaím leat go huile agus go hiomlán. Bainim sult as an mblog seo agus go háirithe as an bpost seo.

    Freagra
  2. Seán Mór

    Ní shílimse féin go bhfuil aon teanga ‘eisiach’ inti féin, is daoine a thig a bheith ‘eisiach’ nó a thugann ‘eisiachas’ isteach sa chomhluadar. Mar shampla, thig le roinnt Béarlóirí a bheith ‘eisiach’ nuair a dhiúltaíonn siad glacadh le teanga ar bith eile… cuid acu fiú doicheallach roimh síneadh fada a chur ar an litir ‘Ó’ i sloinne Gaeilge. Sin eisiachas, ach níl an lucht ar an Bhéarla ná ar gach duine a labhraíonn Béarla. Thig le Gaeil in amannaí a bheith rud beag ‘eisiach’ nó ‘sotalach’ fána dteanga féin chomh maith, ach ní bhaineann sin leis an teanga, ná leis an Ghaelscolaíocht, iontu féin.

    Cuid mhór daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu beannaíonn siad domsa i nGaeilge, agus is féidir liom giota beag den ghliondar agus den tógáil anama a chluinstin ina nguth agus iad á dhéanamh seo… cad é a bheadh le rá ag an síceolaí faoi sin? Cad é faoin fhíric go bhfuil an chuid is mó de na Gaeilgeoirí dhátheangach, agus meas acu ar úsáid an dá theanga? Cad é faoin fháilte a chuireann na Gaelscoileanna roimh dhaoine as tíortha eile? Cad é faoi na heachtrannaigh uilig a thig go Gleann Cholm Cille gach bliain leis an Ghaeilge a bhlaiseadh?

    Is léir nach aon chosaint ar an chaolaigeantacht é an t-ardoideachas.

    Freagra
  3. Seán Mór

    100 líne don obair baile:
    1. Níor chóir dom ‘lucht’ a scríobh nuair is ‘locht’ atá i gceist
    2. Níor chóir dom ‘lucht’ a scríobh nuair is ‘locht’ atá i gceist
    3. Níor chóir dom ‘lucht’ a scríobh nuair is ‘locht’ atá i gceist
    4. Níor chóir dom…….

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    in ainm Dé a Sheáin mhóir na géill slí do na “póilíní teanga” nó ní bhfáighfear réidh leo go deo

    Freagra
  5. Ursula

    Má leanann tú le hargóint an Ollaimh Muldoon, ba cheart go labhródh muintir na Fraince Béarla nuair a bhíonn Béarlóirí thart agus Muintir na hIodáile Béarla nuair a bhíonn Meiriceánaigh thart ionas go mbeidh daoine nach labhraíonn a dteanga ar a gcompórd. Táimse breoite den argóint seo agus i ndáiríre, dá leanfá a hargóint go dtí an deireadh ar fad, níor cheart go labharfaí aon Ghaeilge in aon chor sa tír seo agus ansin bheadh muid go léir aontaithe agus ag tuiscint a chéile (agus bheadh deireadh leis an gcaiteachas ar Fhoras na Gaeilge!!) Nach deas simplí a bheadh an saol…

    Freagra
  6. Colm eile

    “a language that one can only speak to some people, and which excludes others, is by definition exclusive.”

    An labhrann gach duine ar domhan Béarla? Ní labhrann, dá bhrí sin tá Béarla ‘eisiach’ cosúil le gach aon teanga eile.
    Agus glaonn sí siceolaí uirthi féin?

    Níl anseo ach an argóint áiféiseach is déanaí ó na frith-Ghaeil.
    An bun teachtaireacht atá iontu ar fad ná ;’Ná Labhair Gaeilge!’

    Freagra
  7. Seán Mór

    Tá teanga dá gcuid féin ag na siceolaithe nach dtuigeann duine ar bith eile… tá sin rud beag eisiach, agus déarfainn gur beag duine sa ghnáthphobal a d’fhéadfadh bun nó barr a dhéanamh den Bhéarlagair sin a bhí in alt an Irish Times; ar cheart dóibh éirí as an Bhéarlagair eisiach sin?

    Freagra
  8. Ping: Ní an Ghaeilge amháin atá ‘eisíach’… « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s