Sotal agus eirí in airde i ngort na Gaeilge

Tá plé déanta ar bhlag eile faoi bhotúin gramadaí ar an suíomh seo agus caithfidh mé a rá go gcuireann sé iontas orm an dearcadh atá léirithe.

Sa chéad dul síos, tá rudaí aisteacha ráite ag Tadhg Mac Dhonnagáin, blagarthóir ‘Garrai Johnny Mhorgan’ fúm nach réitim leo agus atá maslach ní h-amháin dom ach do mo mhuintir agus don cheantar inar tógadh mé agus ina bhfuilim i mo chónaí ann. Is dócha ná raibh masla i gceist ach mura raibh, bhí an méid a dúirt sé gan tuiscint nó comhbhá. Tá sotal áirithe le tabhairt faoi ndeara sa mhéid a scríobhann sé nó deineann sé talamh tirim go bhfuil a fhios aige níos fearr ná mise conas m’ainm féin a litriú, Conchubhar seachas Concubhar, nó go bhfuil dualgas orm machnamh a dhéanamh sara mbím ag scríobh i nGaeilge nó faoin togáil a fuair mé agus an slí a d’imir sin tionchar ar mo chuid Gaoluinne. Agus tá sé go deas uaidh mo shúil a dhíriú ar leabhar ghramadaí Gaeilge.

Leis an gceart a thabhairt don Liathánach, fear a bhfuil aithne agam le fada air agus meas dá réir, sílim go mbaineann an cur chuige laissez faire atá aige i leith chúrsaí gramadaí agus litrithe lena chúlra teanga féin. Tógadh Conchubhar i bpobal beag Gaeltachta, oileáinín teanga atá faoi léigear le fada ag an mórtheanga atá ag guailleáil isteach air ó chuile thaobh. Agus é ag éirí aníos, tá mé cinnte gur chuala sé an-mheascán cainteoirí Gaeilge ina thimpeall – daoine a raibh eolas cruinn acu ar inscne ainmfhocal, mar shampla agus daoine nach raibh.

Níl aon eolas ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar mo thogáil. Gach seans go bhfuil eolas aige ar Chúil Aodha agus go bhfuil aithne aige ar mhuintir na h-áite seo. Ach ar eagla na h-eagla, seo achoimre ar m’eirí aníos. Tógadh mé i dteaghlach chomh Gaelach is a bhí in Éirinn ag an am. Bhí mo sheanmhathair, Cáit Ní Shuibhne, ina bailitheor béaloideasa le linn na 30aí sa cheantar seo agus b’í a mhúin leithéidí Dómhnall Bán Ó Céilleachair, Síle agus Donnchadh Ó Ceilleachair is go leor eile nach iad, scríobhnóirí Ghaeilge chomh líofa is a raibh in Éirinn. M’athair, Dónal Ó Liatháin, b’fhile é a scrigh amhráin is filíocht is luibíní is eile a bhí fiche uair níos fearr ná rud ar bith a scrígh Tadhg Mac Dhonnagáin, dá fheabhas é mar chumadóir amhráin is scríobhnóir is léiritheoir teilifíse is eile. Cailleadh m’athair anuraidh agus táim go fóill faoi scamall bróin ó d’imigh sé ar shlí na fírinne.

An fath go luaim an méid sin, ba mhaith liom a chinntiú go dtuigeann sibh ná raibh baint dá laghad ag mo thogáil le ‘botúin stíle agus cruinnis’ a luaitear le mo bhlag agus atá á chur im leith. Ní raibh páiste in Éirinn a fuair an deis a fuaireas an Ghaoluinn a thabhairt liom go líofa, cruinn, beacht agus fileata. Mo léan lom, nior dheineas amhlaidh. Mo sheacht náire gur chuas ar fán mar a dheineann go leor agus in áit bheith ag caitheamh gach lá ag foghlaim togha na teanga ó mo sheanmhathair, ó m’athair agus ó mo mhuintir ar fad, bhínn ag léamh leabhair agus greannáin i mBéarla. Sna 70í ní raibh an réimse leathan leabhair Ghaeilge is atá anois ann, cé nach gcreidim go bhfuil an réimse atá ann anois leathan a dhothain is nach ndeineann sé riar sásúil ar dhéagóirí, an ré im shaol nuair a deineadh an dochar is mó don Ghaoluinn a bhí agam. [is é an buairt atá orm nach leabhair Ghaeilge atá á léamh ag páistí inniu ach leabhair atá scríte i dteanga an aistritheora, teanga atá gan saibhreas nó draíocht dá laghad].

Tá mo chuid Béarla i bhfad níos fearr ná mo chuid Gaoluinne, ceapaim, cé nach bhfuil sin gan locht ach an oiread. Bheadh sé i bhfad níos fusa agam mo chuid blagarthóireachta a dhéanamh i mBéarla agus b’fhéidir go bhfaighinn lucht leitheoireachta nó b’fheidir nach ndéanfainn. Ach roghnaíos an Ghaeilge.

Leanaim orm ag scríobh i nGaoluinn/i nGaeilge, bíodh do rogha agat, mar go dtaitníonn sé liom agus go bhfeicim go bhfuil gá le solathar i nGaeilge ar an idirlíon. Tá gá le fóram diospóireachta – agus tá áthas orm go mbaintear úsáid as iGaeilge chuige seo. Is fearr imreas ná uaigneas deirtear agus nuair a d’fhagas Lá breis is bliain ó shin, theastaigh uaim leanúint orm ag scríobh i nGaeilge agus bhí ardán uaim. Bhí colúin á sholathar agam do Lá Nua ach nior mhair sin ró fhada tar éis gur nochtas tuairimí a bhí cáinteach ar chur chuige Shinn Féin i leith na Gaeilge. Fuaireas riomh phost ag tabhairt le fios dom ná raibh gá le mo sheirbhísí níos mó – bhí teideal ‘eagarthóir comhairleach’ luaite liom cé ná raibh aon phá ag dul leis agus, go deimhin, bhí mé sásta an obair a dhéanamh gan íocaiocht mar bhí mo chroí istigh i Lá Nua, bhí mé ann ón chéad lá a cuireadh an síol don nuachtán laethúil ina bheatha nua, ó 2003 ar aghaidh. Deineadh beag den stair seo ar fad sa r-phost sin agus baineadh an luach ar fad ón obair a rinne mé don nuachtán i gcaitheamh seacht mbliain is níos mó a chaith mé ag obair ann agus ag solathar altanna do. B’é an lá ba bhródúla im shaol ghairmiúil an lá ar ceapadh mé im eagarthóir ar an nuachtán seo – b’é an lá ba ísle sa ghairm-ré sin an lá ar fuaireas r-phost ag scriosadh an cheangail go buan.

Tá iGaeilge beo le breis is bliain anois agus go leor cuairteoirí tagtha anseo, cuid mhaith acu d’fhag siad teachtaireacht, cuid mhór acu bhí siad ag tacú le na tuairimí anseo, cuid eile ní raibh. Is fóram iGaeilge atá oscailte do gach tuairim ach is fóram é sa chéad dul síos. Bionn treasnaíol anseo. Má fhagann tú teachtaireacht anseo nach n-aontaim leis, agus má bhionn fonn orm freagra a thabhairt, gach seans go ndéanfaidh mé amhlaidh agus is féidir liom bheith borb. Má chuireann sé isteach ar dhaoine, bíodh a fhios acu go bhfuil mo fhreagra bunaithe ar an dteachtaireacht seachas ar an duine. Níl aithne agam ar chuid is mó de na daoine a bhionn ag tabhairt freagra orm.

Tá feidhm eile ag iGaeilge agus is é sin dúshlán a thabhairt do bhuainíocht na Gaeilge maidir leis an cur chuige atá acu maidir leis an teanga. Taobh amuigh den idirlíon agus nós*, níl aon meán Ghaeilge nach bhfuil ag brath ar airgead ón sparán phoiblí agus mar gheall ar seo is beag dúshlán a thugann na meáin sin, Foinse, Comhar, TG4 nó RTÉ Raidió na Gaeltachta don bhuainíocht.

An bhuainíocht seo, ba mhaith leo go mbeadh iGaeilge ina thost nó cuirim ceisteanna anseo atá achrannach do leithéidí Fhoras na Gaeilge. Tugaim faoi ndeara go mbionn lucht mo cháinte ag díriú ar na botúin gramadaí agus nach dtugann siad aon súntas don argóint a bhionn ar bun agam. Bionn an leathshúil a léiríonn siad chomh soiléir is go bhfuil an seachantacht ina údar grínn agam.

Tá rudaí áirithe a chuireann isteach orm agus mé ag léamh ailt i nGaeilge. Cuireann Béarlachas isteach orm – nuair a bhím féin ciontach ina leithéid nó nuair a fheicim é á scríobh ag daoine eile. Bionn ‘ceisteanna á árdú’ ar Nuacht TG4 agus ag Foinse. Bhí An Chainteoir Dóchais ag ramhaillí thall sa Gharraí agus an phort seo aige:

Más maith le duine blag a scríobh i nGaeilge a chodail amuigh agus más cuma leis, bíodh aige, tá sé sin de cheart aige — a fhad is a thuigeann sé go gcuirfidh sé sin sciar áirithe léitheoirí ó dhoras.

Níl a fhios agam cén ciall atá leis an gcéad chuid den ráiteas sin ach ritheann sé liom gur Béarlachas atá i gceist le ‘codail amuigh’ [sleep out?]. Maidir leis an dara chuid den ráiteas, nuair a chuireann sé comhairle orm faoi na leitheoirí atá á chuir ó dhoras agam de bharr mo dhroch Ghaeilge, níl a fhios agam ach go gcreidim go dtaitníonn sé le leitheoirí an bhlag seo go mbionn ábhar ann go rialta seachas gach sé nó seacht seachtain agus go bhfileann siad go laethúil agus iad ag súil le rud éigean nua a léamh agus má tá botúin ann, bionn spórt sa bhreis acu.

Tuigim na deacrachtaí teanga agam agus lá éigean tabharfaidh mé faoin fhadhb seo a réiteach. Táim buioch as daoine a chuireann suas liom – agus táim buioch freisin go gcuireann daoine trioblóid orthu féin mo chuid tuairimí a léamh agus freagra a thabhairt orm.

Nílim buioch as an sotal agus an eirí in airde atá léirithe san eachtra seo. Mothaím go bhfuil daoine ag iarraidh boic mhóra a dhéanamh díobh féin i réimse na blagadóireachta tre beag a dhéanamh díom. Bíodh acu. Leanfaimid orainn le iGaeilge agus deinfimíd ár ndícheall bheith inchurtha leis an dualgas atá orm.

I ndiaidh sin ar fad a bheith ráite agam, tá áthas orm go bhfuil blaganna nua Ghaeilge á shaolú. Is suimiúla i bhfad saol na Gaeilge ar an líon le leithéidí Garraí Johnny Mhorgan ann ná as. Tá gá le níos mó blaganna seachas níos lú, blaganna a dheineann riar ar dhéagóirí is lucht leanta spoirt is eile, blaganna a shaibhreoidh teanga ghlúin nua déagóirí.

14 de thuairimí ar “Sotal agus eirí in airde i ngort na Gaeilge

  1. Tadhg Mac Dhonnagáin

    A Choncubhair,

    I dtosach, mo leithscéal nár litrigh mé d’ainm i gceart sa bpíosa a scríobh mé i mo bhlag féin. Má cheap tú go raibh mé ag iarraidh a rá leat nach raibh a fhios agat cén chaoi le d’ainm dílis féin a litriú, thuigfinn duit agus tú a bheith maslaithe. Níor thug mé faoi deara go dtí anois gur mar seo a litríonn tú d’ainm – botún, a dhuine, botún!

    Maidir leis an méid a scríobh mé faoi do chúlra teanga, tá an ceart agat. Níl eolas ná aithne agam ar do mhuintir – casadh do Dhaid orm, beannacht Dé lena anam, uair amháin riamh. Chuala mé ag caint go minic ar an raidió é agus tá cuid dar scríobh sé léite agus cloiste agam. Tá mé cinnte go bhfuil neart daoine eile a thiocfadh leat faoin gcomparáid atá déanta thuas agat idir a chuid cumadóireachta seisean agus mo chuid féin – ach sin scéal thairis.

    An rud a bhí i gceist agam sa bpíosa a scríobh mé féin ná seo: bhí sé d’ádh orm aithne a chur i ndeireadh a saoil ar an scéalaí Ciarraíoch, Bab Feirtéar. Is sa mbliain 1916, sílim, a rugadh an Bhaib, mar a thugtaí ó dheas uirthi. Pobal aonteangach Gaeilge den chuid is mó a bhí ina timpeall agus í ag éirí aníos. D’fhoghlaim sí féin an Béarla mar theanga iasachta ach is beag rian a d’fhág an teanga sin ar rithimí a cuid cainte féin. D’airigh sí féin, agus an ceart aici, go raibh sí in ann í féin a chur in iúl i bhfad ní b’fhearr i nGaeilge ná i mBéarla. Ba gheall le ceol a cuid cainte, monabhar sruthán sléibhe – líofacht liriciúil.

    Ba mhór idir an tógáil a fuair Bab Feirtéar, i gCorca Dhuibhne bhlianta luatha an Stáit, is d’óige féin i gCúil Aodha na seachtóidí. Ní ag caint ar do mhuintir féin a bhí mé agus mé ag cur síos ar an meascán cainteoirí a bhí i do thimpeall, ach ar an bpobal Gaeltachta inar tógadh tú agus an brú céadach a bhí ar an bpobal sin. Is léir ón méid atá scríofa agat féin thuas go n-aontaíonn tú liom agus gur fhág an brú teangeolaíochta sin a d’airigh tú i do thimpeall i do dhéagóir duit, gur fhág sé rian ar do chuid Gaeilge, rian nach dtaitníonn leat féin.

    Nuair a chonaic mé duine de na póilíní teanga ag gabháil duit ar do shuíomh an lá cheana, shíl mé go raibh ábhar blagála ann. Cuireann na póilíní teanga soir mé féin. Chaith mé seal i mo bhall de foram.ie ach b’éigean dom éirí as – póilíní teanga ag déanamh póilíneachta ar a chéile – tá an saol róghearr don chraic sin.

    I ndeireadh an lae, mar a deir an cliché breá (an-phíosa Béarlachais chomh maith)is galar é an síorcheartú gramadaí, nuair nach bhfuil ann ach sin, gan aird dá laghad ag an té a dhéanann an ceartú ar a bhfuil á rá ag an scríbhneoir. Is fút féin atá do rogha stíle a chleachtadh agus má tá tú sásta le do stíl scríbhneoireachta, agus má tá do chuid léitheoirí chomh sásta céanna, bhuel bíodh sin mar atá. A fhad is a thuigeann na léitheoirí sin (go háirithe na foghlaimeoirí fásta thar lear) go bhfuil do chur chuige ábhairín scaoilte, abraimis, nach cuma?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Is iriseoir mé, seachas scríobhnóir a luafadh ‘stíl’ liom féin. Níl mé ag iarraidh leabhar a dhíol le duine, ach ag iarraidh argóna bunaithe ar fhíricí a chur in iúl. Má tá foghlaimeoirí fásta thar lear ag teacht anseo, táim cinnte go bhfuil siad cliste is stuama a dhothain argóínt bunaithe ar fhiricí a aithint agus corr botún gramadaí is litriúcháin agus nach gá dom fógra sabháilteachta teanga a chrochadh ar an suíomh. Ach b’fhéidir gur gá i bhfianaise na méide atá ráite agat.

    Ní raibh sé i gceist agam comparáid a dhéanamh idir do shaothar agus scríobhnóireacht m’athair. Chomh fada is a bhaineann sé liom ba scríobhnóir m’athair ná raibh a sharú le fáil – ba mhór an trua a fuair sé bás ró óg agus go leor eile go fóill le scríobh aige. Má tá tú luaite agam in aon anál le m’athair tá tú ag déanamh go maith, creid uaimse é. Tá do chuid albaim ar fad agam agus bainim an sult astu, as an clisteacht focail iontu an ceol is eile.

    An fath gur luaigh mé m’athair ar chorr ar bith, seachas a bheith ag déanamh comparáide fánaigh idir eisean is tusa, comparáid nach bhfuil bailí os rud é gur i ngoirt éagsúla [nó cúinní eagsúla den ngort céanna] a bhí sibh ag saothrú, an fath gur luaigh mé é agus a chumas scríobhnóireachta le go dtuigfeá ná raibh aon locht ar mo thogáil nó ar mo chúlra. Má tá locht ar mo chuid Gaoluinne, is orm féin an locht sin. Mo leisce, mo neamairt, mo easpa cur chuige, mo chluas bodhar, mo locht.

    Ní fheictear dom go n-aontaím leat ar chorr ar bith ach b’fhéidir go bhfuilim ró dhall chun é sin a fheiscint. Feictear dom gur tháinig tú anuas den claí agus gur nochtais tuairim faoi mo ‘stíl agus cruinneas’ agus gur mhol tú dom mo mhachnamh a dhéanamh ar an rud a scríobhaim agus le cinntiú go mbeadh a fhios agam cad a raibh i gceist agat, chuir tú léaráid de leabhar ghramadaí in aice leis an mhír sin….

    Feictear domsa gur poilíneacht teanga é sin cé go mbeadh drogall ortsa, b’fheidir, é sin a aithint. Aithním mo lochtanna agus mo laigí féin.

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubair ta sé an-thabhachtacht go ndeanfaí neamhaird ar an seafóid seo faoi graiméar.Deanfaimid ár ndícheall agus is sin mar is ceart mar níl cuid againn ach ag foghlain an Gaoluinn.Is blag iontacht é seo ata dírithe ar cursaí reatha agus tuairimí daoine a phlé.

    Freagra
  4. Kevin Michael

    A Choncubair, a chara,

    Comhghairdeas leat féin agus le Tadhg Mac Dhonnagáin as blaganna den scoth a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa tír seo agus ar fud na cruinne.

    Bíonn lucht an aistriúcháin ciontach as deargshaoithíneacht ó am go chéile, cinnte – agus róthógtha leis an gCaighdeán Oifigiúil ar uairibh, ach sin galar na ceirde sin, faraor.

    Mar is eol duit, ní hionann canúint agus droch-Gheilge, ar ndóigh, rud nach dtuigeann go leor foghlaimeoirí – agus ba cheart go mbeadh cead ag duine leas a bhaint as a chanúint féin i gcomhfhreagras neamhfhoirmiúil.

    Ach ina dhiaidh sin ar fad, sílim nár mhiste cúram a dhéanamh den bhunchruinneas, e.g. ‘chomh Gaelach is a bhí’ agus ‘an tógáil a fuair mé’ na leaganacha cruinn agus is iad a déarfadh cainteoir dúchais ar bith go nádúrtha – thuaidh, theas agus thiar – bíodh an Caighdeán ann nó as.

    Is dóigh liom gurb é atá á rá ag Tadhg Mac Dhonnagáin go bhfuil dualgas ar iriseoirí – nuachtáin, teilíse, raidió, etc – féachaint le bunchruinneas a bhaint amach agus iad ag spaipeadh eolais ar an bpobal i bhfoirm an fhocail chlóbhuailte.

    Tá an dualgas céanna ar iriseoirí Béarla – nó iriseoirí teanga ar bith eile, ach ní bhítear ag clamhsán nuair a cheartaítear bunbhotúin litrithe nó bunbhotúin chló i dteangacha eile.

    Cén fáth a ndéanfaí amhlaidh i gcás na Gaeilge?

    Mar fhocal scoir, deirtear i dtaobh an duine “a chodlaíonn amuigh go bhfuaraíonn a chuid” – seanrá atá i gCorca Dhuibhne leis na cianta. Ní Béarlachas é ná baol air.

    Go n-éirí an blag go seoigh leat agus comhghairdeachas arís.

    Le gach uile bheannacht,

    Kevin Michael.

    Freagra
  5. Séamas

    Más blag é seo ní chóir go mbeadh ceist ann fán teanga, is cuma.

    Mas meán é seo, ta sé de dhualgas ar an eagarthóir a bheith chomh cruinn agus is féidir.

    Freagra
  6. Séamas Ó Neachtain

    Níl gach duine ag iarraidh tusa a mhaslú, a chara (agus is minic a mhílitrigh tú m’ainmse, freisin). Tá dea-intinn ag roinnt dínn, agus nílimid ach ag iarraidh comhairle do leasa a thabhairt duit, ach mar sin féin, níor iarr tú comhairle ar éinne, agus ní gá duit éisteacht. I mo chás féin, bím ag súil le caighdeán níos airde uait, mar tuigim gur féidir leat, agus ní thuigim an fáth nach bhfuil. Ní bheidh meas ag mórán daoine ar a bhfuil scríofa agat mura mbíonn sé scríofa go cúramach, dar liom. Ach níl mórán daoine ábalata é a léamh in aon chor, muise, agus is cuma sinne, nach ea?

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Ní thuigim ‘Ach níl mórán daoine ábalata’ – céard é an fhocal seo ‘e ábalata’?

    Níor mhí litrigh mé d’ainm a Shéamuis nó, go bhfios dom, níor dhein mé clúmhilleadh ort mar a dhein tú orm. Tá fáílte romhat anseo – ach b’fhearr liom go dtiocfá anuas ód chapall ard…..

    I mo chás féin, bím ag súil le caighdeán níos airde uait, mar tuigim gur féidir leat, agus ní thuigim an fáth nach bhfuil. Ní bheidh meas ag mórán daoine ar a bhfuil scríofa agat mura mbíonn sé scríofa go cúramach, dar liom.

    A leithéid de chac….

    Freagra
  8. seanmor

    Tá tugtha faoi deara agamsa nuair a thosaíonn plé mar seo nach fada go mbíonn ionsaí éigin ar Ghaeilge bhacach na bhfoghlaimeoirí, nó ar róchruinneas agus mhínádúrthacht na n-aistritheoirí, nó ar seachrán cainte na gcainteoirí dúchais… is beag fiúntas a bhíonn le plé mar seo, i mo bharúil féin. Tá blag den chéad scoth agat anseo… ní aontaím le gach rud, ná fiú le cuid mhór… ach sin an tuige a dtaitníonn sé go mór liom bualadh isteach… is breá liom an dúshlán! Mholfainn duit, a Choncubhair, neamhaird a thabhairt ar dhaoine a chaitheann anuas ar aon bhotún litrithe nó eile. Ní fiú an dua é. Níl iontu ach préacháin ag cur isteach ar cheol. Sin an focal deireanach uaim féin ar an cheist seo.

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Níl iontu ach préacháin ag cur isteach ar cheol. – Tá sin go deas….

    Sna míonna sara fuair m’athair bás, bhí sé ag gearán faoi na préacháin a bhí ag baint dá chrann úll agus é ag iarraidh theacht ar chleasanna an fhadhb a réiteach.

    Freagra
  10. crosbhealaí

    Coinnigh ort, a Choncubhair- cé nach n-aontóinn le chuile rud a scríobhann tú, tá an blag seo ag cur go mór leis an dioscúrsa poiblí Gaeilge, agus tá sé an-spreagúil le léamh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s