Cogadh Eacnamaíochta II

“Everyone knows that at some vulnerable moments in our history our immediate neighbours have tried to take us on. But they should remember this: They have never managed to take us out. And we must make sure that they never will.”

B’é seo an méid a bhí le rá ag ocáid ag ceannaire sinsearach i bhFianna ÉireannFáil agus é ag labhairt leis an lucht éisteachta ag cruinniú den Rannóg Cháin Ioncaim de Chumann na nArd Stat Sheirbhíseach i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine, cruinniú nach luaifeá le caint dúshlánach dá leitheid, cheapfá.

Niorbh ball de Shinn Féin nó de Chomhairle Arm an IRA an chainteoir – iar Aire Airgeadais an chainteoir, fear atá anois ina Choimisinéir sa Bhruiséal, fear atá fios feasa aige faoi cheannairc is réabhlóid [taobh istigh d’Fhianna Fáil], Charlie McCreevy.

Níl a fhios agam cad é an teachtaireacht atá á sheoladh ag an tUasal McCreevy nuair a dúirt sé: ”But they should remember this: They have never managed to take us out. And we must make sure that they never will.”

Tá blúire den fhírinne sa mhéid a deir Charlie McCreevy. Is léir go bhfuil ana dhúil ag na meáin Sasanacha bheith ag spocadh faoi gheilleagar na hÉireann agus iad ag eirí imníoch faoina ngeilleagar féin Sa chás go mbionn tú féin i dtrioblóid tá sé go deas i gcónaí bheith ábalta do mhéar a dhiriú ar dhuine éigean eile atá, dar leat, i dtrioblóid níos measa. Ní Éire an tír is measa – nó féach ar an nGréig….

Agus d’fhéadfadh sé cuidiú leis an Rialtas dá gcothódh siad an Bhreatain mar namhaid i gcogadh nua eacnamaíochta nach bhfuil fógartha. D’fhéadfaí é a chur i láthair mar Éire V Sasana i sacar agus thug mé faoi ndeara go bhfuil ana chuid tagairtí ar RTÉ le déanaí don bhua stairiúil a baineadh amach i Stuttgart i mí an Mheithimh, 1988. Luadh cúl Gary McKay, an imreoir Albanach, in aghaidh na Bulgáire sa chomórtas chaillíochta don Chraobh Eorpach sin mar ‘Great Irish Sporting Moments’ ar Spórt an Satharn ar RTÉ Raidió 1 roimh an chluiche mór a bhí ag ár laochra chomhaimseartha in éadan na Bulgáire.

Ar ndóigh is deacair an rud smacht a chur ar a leithéid de mhothú uair go músclaítear é.

Rud amháin atá curtha ina thost ag an chúlú eacnamaíochta agus an chaint ag leithéidí McCreevy ná an bladar a bhionn ann faoi chuairt ar an dtír seo ó Bhanríon Shasana, Eibhlís Bhindsor, bheith ina theist ar aibíocht phobal na hÉireann.

De ghnath bionn an chaint díchéilleach seo sna meáin Sasanacha agus sna meáin Éireannacha atá faoi scath Shasana. Cloistear é go minic ar RTÉ.

Is é mo thuar go mbeidh níos lú cainte ar chuairt Bhanríon Shasana agus níos mó naisiúnachas bheag na 26 contae as seo ceann tamaill.

Mar a dúirt mé roimhe, is cuma liom Banríon Shasana ann nó as. Má tá sí le teacht, tagadh sí agus imíodh sí ach, ar son Dé, ná cúirimís suas le caint sheafóideach faoi chuairt dá leithéid bheith ina theist orainn. Léiríonn an chaint sin níos mó faoi na cainteoirí ná mar a léiríonn sé fúinn mar thír [cuid de!].

Má cheapann lucht Fhianna Fáil go bhfuilimíd chun a ról sa tubaiste eacnamúil a d’eascair as a gcuid mí-éifeacht is mí-chomhairle [agus níos measa] a ligint i ndearmad, tá dul amú orthu. Ná creidfeadh an pairtí an pobal bhreith ag an deireadh seachtaine a dúirt go raibh ardu 5% ar an dtacaíocht ón phobal – tá votairí ag fanacht ar an deis i mí an Mheithimh cic sa tóin a thabhairt do Charlie, Brian agus na cáirde a fhagfaidh iad gan fonn suí ar feadh tréimhse fada – agus gan suíochán le suí air ach an oiread!

Is féidir an dubh a chur ina gheal ar an bpobal go léir cuid den am agus ar chuid den phobal an t-am go léir ach ní féidir an dubh a chur ina gheal ar an bpobal go léir an t-am go léir.

Aon tuairim amháin ar “Cogadh Eacnamaíochta II

  1. Seosamh Ó B.

    Bí ag caint faoi an tír a bheith “taken out”. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an chraobh sin bainte ag Charlie McCreevy é fhéin agus a shaoiste Bertie agus fiú a chomhárba Brian. Tá dochar nach mór déanta acu uilig don tír thar na blianta lena polasaithe geilleagair seafóideacha, ag cur cinniúnt na tíre i lamha na baincéirí agus lucht racmais an earnáil tógála.

    Fós, b’fhéidir go gcothódh ruinne beag spíde in aghaidh na Breatanach muid san streachailt eacnamaíoch atá le teacht.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s