Foras sa chloch-aois….

Bhí mé ag iarraidh nasc a fháil le h-aghaidh scéal a bhain le Foras na Gaeilge agus tháinig mé ar an leathnach seo ar an suíomh ollmhór, Gaeilge.ie, suíomh atá níos mó airgid caite air ná suíomh Ghaeilge eile ar bith.

Na meáin Ghaeilge a bhí mar theideal ar an suíomh: Seo a dúirt sé ina dtaobh inniu, Dé Domhnaigh, 29 Márta 2009:

Nuachtáin
Tá nuachtán seachtainiúil, Foinse (www.foinse.ie), ar fáil chomh maith le Saol, a fhoilsítear uair sa mhí. Chomh maith leis sin bíonn ailt rialta i nuachtáin náisiúnta, leithéidí an Irish Times (www.ireland.com), an Irish News (www.irishnews.com) agus Daily Ireland (www.dailyireland.com), chomh maith leis na nuachtáin áitiúla.

Tabhair faoi ndeara dhá rud faoin ráiteas seo. Sa chéad dul síos, ní luaitear Lá Nua nó Lá ann, rud a léiríonn go bhfuil an suíomh ‘suas chun dáta’.

Ansan milltear an éifeacht seo nuair a luaitear Daily Ireland, nuachtán a dúnadh i mí Lúnasa 2006! Anuas ar sin, ní raibh Daily Ireland ag foilsiú faic i nGaeilge ach an stuif a bhí á fhoilsiú i Lá roimh ré.

An bhfuil aon teora le h-amaidí agus mí-eifeachtacht an Fhorais? Freagraí ar charta phoist chuig. F. Mac an Failí, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, BAC 2.

Fhaid is atáimíd ag féachaint ar shuíomh an Fhorais, ba cheart dúinn féachaint ar thuarascáil bhliantúil 2004, an tuairisc is déanaí a fhoilsigh an Fhoras cúpla seachtain ó shin ag deireadh mí Feabhra. Is cosúil go bhfuil Ard Reachtairí na gCúntas ó thuaidh is ó dheas sásta na cúntais a fhaomhadh – ach níl a fhios agam aon eagras eile atá beo ar an sparán phoiblí a thugann siad CÚIG bliana dóibh chun na cúntais a fhoilsiú.

Tar éis dom féachaint ar mhír den suíomh, http://www.gaeilge.ie, a luaigh mé thuas, rith sé liom féachaint ar an méid airgid a chaitheann an Foras ar shuíomh an eagrais. Beidh leitheoirí iGaeilge ábalta an costas sin a chur i gcomparáid leis an méid a chaitear ar an suíomh seo – dada.
Láithreán gréasáin €78,794(2004) £53,477 €71,273(2003), £49,321.

Aithneoidh duine ar bith atá ag plé leis an idirlíon ar bhonn ghairmiúil go bhfuil na costaisí seo áiféiseach, go h-áirithe nuair is suíomh é Gaeilge.ie nach léir go bhfuil sé á uasdhatú ar bhonn rialta nó fiú go minic. Mar shampla ní léir gur deineadh uasdatú ar an leagan Ghaeilge den mhír faoi na nuachtáin Ghaeilge ó roimh dhúnadh Daily Ireland i Lúnasa 2006. Fiú is nach bhfuil Lá luaite ann, ní gá a rá gur féidir ná raibh sé riamh luaite i bhfianaise an drochmheas a bhí ag Foras na Gaeilge ar an nuachtán.

Léiríonn sé chomh maith chomh maslach is atá an tairiscint atá déanta ag an bhForas le h-aghaidh seirbhís nuachta idirlín a chur ar fáil – nó dá mbeadh an suíomh nua atá beartaithe á mhaoiniú mar atá suíomh an Fhorais féin, agus ag cur san áireamh an feidhm atá leis, seirbhís nuachta a chur ar fáil, bheadh i bhfad níos mó ná an méid atá i gceist, an soinseáil ó €400,000 in aghaidh na bliana tar éis nuachtán seachtainiúil a fhoilsiú 52 seachtain sa bhlaiin, á roinnt air.

Léiríonn sé seo go bhfuil Foras na Gaeilge á riar de reir an riail, dein mar a deirim ach ná bí ag súil go ndéanfaidh mise amhlaidh.

Céard eile a bheithfeá ag súil leis ó leitheid de chomhlacht?

3 thuairim ar “Foras sa chloch-aois….

  1. Ursula

    Dochreidthe an méid atá á chaitheamh acu ar an suíomh idirlín! Cá bhfuil an t-airgead sin ag dul? Más féidir leatsa suíomh a chur ar fáil ar chostas íseal, cé atá ag fáil na suimeanna móra airgid sin? Ach tugaim faoi ndeara go bhfuil na figiúirí sin ón mbliain 2004. B’fhéidir go bhfuil siad éirithe as ó shin?? Ach mar a deir tú, níl aon teora le hamaidí agus le mí-éifeacht an Fhorais…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s