Maorláthas mire an Fhorais ag fás leis

Foras na Gaeilge ag earcú foirne agus ag iarraidh ar eagrais a gcriosanna a theanntú...

Foras na Gaeilge ag earcú foirne agus ag iarraidh ar eagrasaí a gcriosanna a theanntú...

Bhí mé amuigh ar mo rothar go luath ar maidin agus cheannaigh mé mo choipeanna de Foinse agus an Irish Times ag Siopa de Róiste i mBaile Mhúirne. Bhí sé gaothfar ach, mar a tharlaíonn sé, bhí an ghaoth le mo chúl is mé ag rothaíocht aníos an fána go Cúil Aodha.

Táim lán den dea thóíl a ghineann ionoirfíni na h-aclaíochta. Ag an am chéanna bhain sé siar asam agus chuir sé olc orm an fhógra thuas a fheiscint i leathnaigh Foinse.

Is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge ag earcú foirne, rúnaí ‘príobháideach’ don oifig ollmhór i mBéal Feirste agus oifigeach ‘feidhmeacháin’ don oifig i mBaile Átha Cliath’. Fiú an téarma, rúnaí príobháideach, léiríonn sé go bhfuil an Fhoras ag feidhmiú i gcloch aois dá gcuid féin. Cén difir idir rúnaí príobháideach is rúnaí? Ní léir é ón gcur síos sa bhfógra ach is dócha gur amaideach an cheist é nuair a chuimhníonn tú go bhfuil míniú ar an dtéarma a thuigeann gach stat seirbhíseach is maorláthach.

An é seo an Fhoras céanna a sheol litreacha chuig eagrais Ghaeilge fud fad na tíre ag iarraidh orthu ciorruithe a fhéadfadh an Fhoras a dhéanamh ar an eagras sin a mholadh? Sin bealach cliste le rá – táímid chun tú a ghearradh agus táimíd ag iarraidh ort cén áit a sháfaimíd an scian.

Má tá Foras na Gaeilge ag gearradh 20% de bhuiséad na n-eagras Ghaeilge de bharr deacrachtaí airgeadais a eascraíonn ón gculú eacnamaíochta, maith go leor. Ach ní luíonn sé le ciall go bhfuil siad ag iarraidh ar eagrais Ghaeilge eile baill foirne a ligint chun bealaigh agus iad féin ag cur leis an bhfoireann s’acu féin. Agus ansan ritheann sé liom, fiú, nár gearradh oiread is scilling de bhuiséad an Fhorais ón bhliain seo chaite go dtí an bhliain seo.

Sin sampla eile den mhaorláthas ar mire seo a bhionn ar bun ag eagrasaí ar nós an Fhorais, á mbeathú féin agus ag ligint eagrasaí eile chun báis. Creidimse go láidir gur ar a mhaithe féin atá Foras na Gaeilge beo, seachas ar leas na Gaeilge.

Tugaim faoi ndeara nár thóg Foinse aon cheist faoin fhógra earcaíochta seo agus conas mar a thagann sé salach ar an scéal a bhí sa nuachtán sin coicís ó shin ag fógairt go mbeadh ciorruithe ann. Sin an scéal céanna inar duradh go raibh ‘postanna an Fhorais slán’.

Níl a leithéid de rud ann inniu agus post slán – seachas i saol imdhíonaithe an Fhorais.

Tugaim faoi ndeara freisin go bhfuil alt ag Alex Hijmans i bhFoinse ag cosaint ról an nuachtáin chlóite ar na garbháin iriseoireachta atá ag saothrú i ngort na h-idirlíne. Dar le hAlex, go gcaithfidh an t-iriseoir i nuachtán chlóite bheith lán chinnte go bhfuil an t-alt a scríobhann sé ceart agus cruinn mar uair go dtéann sé i gcló, tá sé buan. Ceapann sé nach amhlaidh an scéal don t-é a bhionn ag saothrú ar an idirlíon mar gur féidir linn alt a cheartú agus a athcheartú nuair atá sé clóite againn. Argóint tánaí é sin i bhfianaise an chacamais a bhionn á fhoilsiú lá i ndiaidh lae sna nuachtáin chlóite, Foinse agus colún Alex féin san áireamh.

[Sea, Alex, is cuimhin liom go fóill an alt ghránna mí chruinn a scrígh tú faoi chás na bPailistíneach agus ag cosaint an íonsaí bharbartha a rinne Iosrael ar an bpobal sin idir an Nollag agus insealbhú Barack Obama – cad é a dúirt tú aris agus tú ag cosaint sléacht Iosrael ar shibhialaigh, fir, mná agus páistí na Pailistíne, ní féidir uibheagán a dheanamh gan uibheacha a bhriseadh?]

Tá an cheist sin, inmharthanacht na nuachtáin chlóite, lárnach sa dhioschúrsa seo nó, faoi láthair, tá plé ar bun idir foilsitheoirí Foinse agus Foras na Gaeilge faoin chonradh nua a bheidh ar thairiscint do ‘phríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ as seo go ceann ceithre bliana.

Más scamallach an todhchaí do nuachtáin chlóite – agus nílim cinnte gur amhlaidh atá – is scamallaí fós an todhchaí do nuachtáin chlóite atá ag brath ar fhordheontas stáit mar atá Foinse le bheith beo. Ní an deontas a thugann an Fhoras amháin atá san áireamh ach líon na bhfógraí stait i nGaeilge a fhoilsítear i Foinse. Go dtí le fíor déanaí bhíodh go leor acu ann – in eagrán an lae inniu, níl ach corr fhogra, ceann acu ó Roinn Oideachais na Sé Contae, le feiscint.

D’fhéadfadh go bhfuil deireadh ré ag teacht le h-aghaidh nuachtáin phaipéar – ach ní ar phaipéar amháin a fhoilsítear nuachtáin nó tá gléasanna ar nós an Kindle is eile ag teacht chun tosaigh….Ach sin abhar le h-aghaidh trachtaireacht eile lá eile.

21 de thuairimí ar “Maorláthas mire an Fhorais ag fás leis

  1. RG Cuan

    Cuireann na poist nua seo samhnas orm le bheith fírinneach. Tá gá le heagras éigin cosúil leis an Fhoras ach nuair atá siad ag gearradh siar ar an aigread atá ar fáil do na Gaeil ar an talamh, agus ag an am céanna, ag cruthú fostaíochta taobh istigh den eagraíocht s’acu féin, tá rud éigin as bealach.

    An féidir le Nuacht TG4 srl. an scéal a fhiosrú?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Nuacht TG4 ag fiosrú scéil faoi Fhoras na Gaeilge agus maorláthas na Gaeilge bheith ag fás leis? An ag magadh atá tú? Tá sin ró ghar don chnamh ar fad le go mbeadh Nuacht TG4 á fhiosrú!

    Freagra
  3. cothromaíocht

    an t-alt (firinscneach)
    an t-iriseoir (firinscneach)
    i ngort an idirlín (an t-idirlíon = firinscneach)
    an ghaoth (baininscneach)
    Níl aon ghá le léitheoir profaí ná eagarthóir. Is féidir foclóir a úsáid nó leabhar beag gramadaí a cheannach agus é a léamh. Cad is fiú an Ghaeilge a choimeád beo gan a tréithe féinig? Níor ghlac tú leis an méid a dúras an uair dheireannach agus ní dócha go nglacfaidh tú leis an uair seo (dála an scéil, ainmneacha cleite a úsáideann formhór na ndaoine a scríobhann chugat agus de ghnáth ní chuireann sé sin isteach ort). Mar sin ní scríobhfaidh mé níos mó, tá mo chuid ráite agam. Cuirtear an Ghaeilge i gcónaí in áit na leithphingine i gcomparáid le teangacha eile agus cuireann sé sin isteach orm

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Deinim mo dhícheall. Ní raibh a fhios agam go raibh ‘inscne’ ag an idirlíon – cá bhfios duit nach bhfuil sí baininscneach? Ar aon nós mura bhfuil tú sásta d’íde béil a thabhairt dom faoi d’ainm féin, ná bac. Níl a fhios agam cé tú – tuigim gur cuma leat faoin nGaeilge agus an mbealach a chaithim lei. Ach ní chuirfear im thost mé – s’én trua nár tugadh dúshlán dod leithéid roimhe seo nó do leithéid is mó a chuir olc ar dhaoine roimh na Gaeilge nó d’ísligh sibh daoine a bhí ag déanamh a ndícheall le maslaí agus le comhairle drochmheasúil, fiú má bhí sé ceart ó thaobh na gramadaí de.

    Freagra
  5. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubhair aontaoim leat.Daoine mar ár gcara “cothromaíocht” le ró bhéim ar ursaí gramadaí cuireann sé daoine as úsáid na Gaeilge.Ní leabhar greamadach atá ar súil in iGaeilge ach gnáth daoine ag noctadh tuairimí comh maith agus is féidir leo i nGaeilge tuisc go bhfuilimíd baúil dár dteanga dhuchais.Ní bhionn an béim seo sa ghraiméar sa bhearla.Ba cheart duinn bheith ag griosadh daoine chun an Daeilge a úsáid ní ag impí orthú eirí as ar bhonn cúngaigeanta gramadaí.

    Freagra
  6. An ghaoth aduaidh

    Caithfidh go bhfuil sé go hiontach Gaeilge bhreá snásta a bheith ag duine. Lá de na laetha seo beidh sí agam féin. Lean leat, a chara liom, is jab iontach atá á dhéanamh agat. Ná héist leo. Tá an-obair go deo idir lámha agat. Corcaigh v Luimneach? Cad é do mheas?

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    míle altú do Dhia nach mbeidh “Cothromaíocht” ag scríobh arís.Beidh faill agam mo chuid droch Ghaeilge a úsáid gan cúthail a bheith orm go bhfuil “an deartháir mór” ag breathnú ar achan fhocal.”is olc an ghaoth srl”

    Freagra
  8. Seosamh Ó Beirgin

    Tá a cheart ag “cothromaíocht” cé go bhfuil sé, mar a dhéarfá sa Bhéarla, cineál “anal” faoi. Tá igaeilge in ainm a bheith ina iar-eagarthóir ar nuachtáin laethúil náisiúnta. Ba chóir go mbeadh sé níos cúramaí faoi cúrsaí litrithe agus grammadaí.

    Déanann muid uilig botúin agus ní gá dúinn bheith mórtasach as mar atá Séamas Mac Seáin thuas.

    Freagra
  9. greavsie

    Nach gceapfá go bhfuil tú ag dul ábhairín thar fóir leis an ‘maorlathas’? Níl sa dá phost a fógraíodh ach postanna rúnaíochta – cinn shóisireacha ar bheagán pá. Tá sé deacair a shamhlú go seasann do theoiric maidir le postanna maorlathais a bheith á gcruthú fad is atá na saighdiúirí sa ngort ag fulaingt. Maidir le Cothromaíocht cén fáth go n-ionsaíonn tú gach éinne nach dtacaíonn leat?

    Freagra
  10. séamus Mac Seáin

    a sheosaimh a chara an chúis ghearáin a bhíos agam le macasamhail Cothromaíocht nach ndéanann siad aon tagairt do abhar na díospóireachta sna postalacha a théann ar bhlag choncubhair ach ar ghramadach agus ar an litriú amháin.Nach mbíonn aon smaoíneamh eile ina gcloigne acu?

    Freagra
  11. Seosamh Ó Beirgin

    A Sheáin, gan amhras tá an ceart agat. Ach fhaid is a bhí an sraith imithe ar strae chinn mé é a leanúint. Tá sé tugtha faoi ndeara agam gur dhéin mé botún amháin (ar a laghad) sa teachtaireacht thuas. “agus” in áit “ach”.

    Freagra
  12. séamus Mac Seáin

    a sheosaimh a chara cé gur thug tú Seán orm seachas séamus thuig mé gur chliseadh cló a bhí ann agus níor bhain sé de bhrí na theachtaireachta.Is í an teachtaireacht féin atá tabhachtach dar liom seachas an dóigh a bhfuil sé scríofa.Cuimhnimís i gcónaí gur féidir le buille cnaipe ar ríomhaire litriú ceart béarla a sholathair ach nach féidir le cnaipe ar bith smaoíneamh a bhreacadh ar phár.

    Freagra
  13. igaeilge Údar an Ailt

    Greavsie, tá tú ar ais agus ar a laghad an uair seo níl tú ag iarraidh clúmhilleadh a dhéanamh ar aoinne. Buiochas le Dia as ucht an méid sin. Má fhéachann tú ar an bhfógra tabharfaidh tú faoi ndeara go bhfuil post amháin ag libhéal soisireach agus ceann eile ar libhéal níos sinsearaí, ceann le tuarastal €48,000 ag gabhail leis. Sin tuarastal sinsearach dar liom. Níl ceachtar den dhá phost chun cuidiú go súntasach leis an streachailt ar son na Gaeilge agus caillfear postanna sna h-eagrais, áit atá obiar mhaith á dhéanamh ar son na teanga, leithéidí Raidió Rí Rá is eile.

    An chúis is mó go bhfuilim ag gearán go bhfeictear domsa nach bhfuil Foras na Gaeilge ag maireachtáil sa bhfíor shaol ina bhfuillimíd go leir beo ann, ceapann siad go bhfuil sé maith go leor a thabhairt le fios go bhfuil siad le ciorruithe troma a dhéanamh ar eagrais atá ag obair in earnáíl na Gaeilge agus ar an gcéad líne catha an seachtain céanna go bhfograíonn siad go bhfuil siad ag earcú runaí priobháídeach ‘chun tacú leis an bhfoireann i mBeal Feirste [cé mhéid daoine atá ag obair in oifig Bhéal Feirste d’Fhoras na Gaeilge, an bhfuil a fhios ag aoinne?]. Seo eagras atá ag fáíl comhairle costasach ó Financial Dynamics, comhlacht caidrimh phoiblí ard chlú, agus ní thuigeann ceachtar acu, an chomhlacht teanga nó an chomhlacht chaidrimh phoiblí, go bhfuil siad ag déanamh an fógra seo ag am mí chuí, ní áírím go bhfuil an fógra féin don phost míchuí.

    Tá bealaí níos fearr ann chun airgead na Gaeilge a chaitheamh ná ar runaí ‘phríobháídeach’ do mhí fheidhmeannaigh an Fhorais.

    Tugaimse faoi ndeara freisin an deacracht atá ag leithéidí an Léine pointe a dhéanamh faoin argóínt substaintiúil atá agam, chomh tógtha is atá sé faoi chúrsaí gramadaí. Má tá fonn air argóínt a dhéanamh faoi chúrsaí gramadaí, nár cheart do a bhlag féin a bhunú. Cad faoi iGramadach?

    Freagra
  14. séamus Mac Seáin

    a choncubhair a chara níl a fhios agam cá mhéad atá ag obair in oifig Fhoras na Gaeilge i mbéal Feirste ach tá a fhios agam go bhfuil siad in aon fhoirgneamh le Comhairle na Gaelscolaíochta a gheibh deontas sách mór ón Fhoras féin. shífeá agus an géarchéim ag brú orainn go léir go dtiocfadh leo, ar a laghad ,rúnaithe a mhalartú le chéile.

    Freagra
  15. Seosamh Ó Beirgin

    Leithéidí an Léine! Cé hiad? Cumann rúnda? An bhfuil aon baint acu le hOpus Dei no cibe? Chuala mé tráth go raibh nós acu léinte den eadach is gairbhe a caitheamh.
    B’fhéidir go bhfuil gá acu le runaithe príobháideacha agus mar sin de!

    Freagra
  16. seanmor

    Is fuath liom é nuair a thosaíonn daoine ag caitheamh anuas ar chuid Gaeilge duine eile i lár díospóireachta nach mbaineann le ceart na Gaeilge ar chor ar bith. Cuireann sé fonn codlata orm.

    Freagra
  17. Colm

    Nach ndéanann gach éinne dearmaid sa gcló, sa ngramadach srl ó am go céile, nó fiú go minic.
    Agus mar a dúradh thuas, déantar i mBéarla iad freisin, agus i dteangacha eile.
    Feicim daoine ag ceartú a chéile ar fhóram Béarla freisin – ach ar bhealach béasach seachas ar bhealach gránna.
    Dúinne a úsáideann linux, tá litreoir saor in aisce le fáil ag
    http://borel.slu.edu/ispell/index.html
    Tá gramadóir ar fáil ar an suíomh céanna reisin, ach teastaíonn tuilleadh oibre air chun go meidh sé ínúsáidte go héasca.

    Freagra
  18. Séamas Ó Neachtain

    Bhí alt sna meáin Ghaeilge a thacaigh le hIosrael? Iontas na n-iontas – agus níor scríobh mé féin é!
    Nach mbeadh sé ceart duit a bheith cúramach faoi litriú abhár d’ailt, ar aon nós, An Foras? Chaith mé blianta agus daoine ag gearán faoi mo bhotúin féin, agus b’fhuath liom sin freisin. Ach sin mar a tháinig feabhas orm.

    Freagra
  19. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Sílim nách bhfuil sé ábhartha sa díospóireacht seo ach fuair mo dheirfiúr chéile bás sa deireadh seachtaine taréis fulaingt den galar néaróin luadraigh [Moror Neuron]le haghaidh sé mbliana.Bean an-chinéalta a bea í agus cé gur saoránach priobhaideach a bhi inti bhí sí ag obair in Oifigh an Phoist i gCill Áirne bhí ceann de na socraidí ba mhó a bhfachtas riamh i gCill Áirne aici de bharr meas na ndaoine uirthi.Bá Chaitliceach dílis í agus an -suim aici sa phaidireoireacht ar san gach duine.Cé gur galar nimhneach é d`fhulaing sí é le grás agus le chrogacht agus níor cheistig sí fiú uair amhain toill Dé.Bean den scoth a thug ionsporáid duinn go léir. Bhí an suim aici sa dúlra agus bheith ag siúl sa Phairc Náisiúnta i gCill Áirne.Táimíd go léir chroí bhriste ina diaidh agus tá na cúpla focal seo a scriobh agam in onóir dí.Le linn a haifrinn léigh an tSiúr Dolores an dán iomráiteach le Joseph Mary Plunkett “I see His Blood Upon the Rose” mar mhacnamh ar Mháire.

    I see his blood upon the rose
    And in the stars the glory of his eyes,
    His body gleams amid eternal snows,
    His tears fall from the skies.

    I see his face in every flower;
    The thunder and the singing of the birds
    Are but his voice—and carven by his power
    Rocks are his written words.

    All pathways by his feet are worn,
    His strong heart stirs the ever-beating sea,
    His crown of thorns is twined with every thorn,
    His cross is every tree.

    Ár mbuiochas don bheirt iníonacha Francis agus Honor agus dá gclann go léir a thug aire foighneach dí.
    Ar dheis lámh Dé go raibh a hanam dílis.

    Freagra
  20. Ping: Feall an Fhorais ar Foinse « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s