TG4 agus an ‘leath shúil’ eile…

Is cosúil go bhfuil deireadh leis an clár cúrsaí reatha a chraoltar ar TV3, The Political Party. De bharr ciorruithe tá an staisiún trachtála ag ciorrú ar an líon cláracha déanta in Éirinn atá á chraoladh acu. Chomh maith leis an clár seo, tá deireadh á chur leis an clár spóirt a bhíodh á chraoladh gach oíche ar TV3, clár nar fhéach mé air ach corr uair.

Ar aon nós, níor thaitin an clár ‘The Political Party’ liom riamh – níor mhothaigh mé go raibh ‘údarás’ ar bith ag an laithreoir, Ursula Halligan, agus go deimhin bhí an rud go léir abhairín leath bhacáilte. Bhí an clár a bhíodh á chraoladh ag TV3, Agenda, gach maidin Domhnaigh fiche uair ní b’fhearr, agus an laithreoir, David McWilliams, ana chumasach. Ach chuir an staisiún seo deireadh leis agus tá deireadh curtha anois acu le “The Political Party”. Ina áít is dócha go mbeidh clár eile againn ó Shasana nó ó Mheirceá….

Go fóill áfach tá clár maith cúrsaí reatha ar TV3 – nó craoltar Tonight With Vincent Browne gach oíche (Luan go Déardaoin) idir 11 agus 11.45. Is fiú faire ar an gclár ar mhaithe leis an sceannairt a dheineann Vincent Browne ar na h-airí rialtais is eile a bhionn aige mar aoíanna ar an gclár.

Tá gá lena leitheid de chlár go h-áirithe anois agus deireadh á chur le Questions and Answers, clár ná raibh gan locht ach a thabharfadh ardán éigean do ghnath bhaill an phobail [chomh maith le h-ionadaithe faoi cheilt ó na pairtithe polatúla ar fad] ár gcinnirí a chuir faoi dhian cheistiú.

Fiú leis an sceannairt atá ag titim amach ar sceidil chúrsaí reatha ar TV3 agus ar RTÉ, is mó i bhfad an solathar atá á dhéanamh ag an dhá stáisiún sin don lucht féachana ná mar atá á dhéanamh ag TG4. Go fóill níl ach clár amháin leath uaire in aghaidh na seachtaine ar an staisiún teilifíse Ghaeilge. Seacht Lá a thugann siad air agus bionn ar an fhoireann atá i mbun an chláir sin scéalta uile na seachtaine a chuaigh roimhe a chíoradh agus anailís a dhéanamh orthu laistigh de leath uair a chloig, briseadh fógraí as an áireamh.

Ní soláthar é sin ach másla.

Feictear dom go mbeadh sé réasúnta saor ag TG4 clár fónta chúrsaí reatha, le cois 7 Lá, a chraoladh. Ar ndóigh d’fhéadfaí Seacht Lá nó clár cosúil leis agus Páidí Ó Lionaird sa chathaoir te a chraoladh ceithre nó cúig oíche sa seachtain gan stró. Nó, dá mbeadh clár eile le cumadh, in éineacht le 7 Lá, bhuel, tá go leor daoine cumasacha i saol na Gaeilge a bheadh in ann a leitheid de chlár a chur i láthair – leithéidí Seán Ó Tuairisg, Breandán Delap, Eoghan Ó Néill, is sár iriseoirí an triúr acu, fiú mura n-aontaím leo i gcónaí, agus tá cumas craoltóíreachta acu freisin. Níos mó ná sin, tá údarás acu. Tá daoine a bheadh den tuairim go mbeadh Cathal Mac Coille go maith – b’fhéidir é. Ní thaitníonn sé liom agus chuala mé é ag déanamh cacstaí de mhír faoi dheacrachtaí pholatúla i bPoblacht na Seice cúpla maidin ó shin ar Morning Ireland. Bhí an cuma ar an scéal gur cheap sé go raibh Vaclav Havel fós ina Uachtarán sa tír sin – ar ndóigh is é Vaclav Klaus Uachtarán Phoblacht na Seice.

Mothaímse go bhfuil easnamh mór i saol na craoltóireachta Ghaeilge gan solathar níos fearr agus níos minice de chláracha cúrsaí reatha ina mbeadh polataíocht an lae á chioradh agus á anailísiú. Creidim nach é easpa airgid an chúis le sin ach easpa cnamhdroma TG4. Ní doigh liom go ndéanfaidh an staisiún sin faic chun an deontas bhliantúil a chur i mbaol fhaid is atá sé faoi cheannas na saoistí atá ann faoi láthair. Lámha sabhailte iad na saoistí ach níl ‘splanc’ ar bith iontu.

Ag am ina bhfuil an plé náisiúnta faoi bhagairt de bharr stíl ró thablóideach RTÉ agus an féin chinsireacht a leanann é agus an smacht ró dhaingean atá ag an Rialtas is an bhuainíocht ar na meáin, idir craolta agus clóite, tá gá le splanc níos mó ná riamh.

Mór an trua ach is é mo bharúil nach ‘súil eile’ atá ag TG4 ach leath shúile eile. Agus is boichte sinn agus an Ghaeilge agus an dioscúrsa náisiúnta dá bharr.

3 thuairim ar “TG4 agus an ‘leath shúil’ eile…

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    a Chonchubair gan dabht tá cúrsaí go donna ó thaobh cláracha polaitíochta de, Vincent Brown as an aireamh. Aontaoim leat go bhfuil sceon ar TG4 roimh cailliúint an deontais. Bheadh Páidí ó`Lionaird in ann ceithre cláracha a dheanamh le haghaidh na seachtaine. An deachracht le seo go mbeadh na ghnathamhrasáin ar an painéal acu an t-am go léir.B`fheidir gur cheart do TG4 painéal mór de Gaelgoirí a chur le chéile a bheadh toilteanach dul ar cláracha chun cúrsaí polataíochta a phlé.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Níl mé ag ligint duit mo shuíomh a úsáid ar mhaithe le daoine maithe a chlú mhilleadh. Greavsie. Más é sin do mhisean, great leat as an áit seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s