Ó eagarthóir go blagarthóir….

Nuair a thosnaigh mé an bhlag seo breis is bliain ó shin, ní raibh a fhios agam ach go mba dheas liom ardán eile a aimsiú chun mo léargas a thabhairt ar shaol na Gaeilge agus ar an saol trí Ghaeilge. Anuas ar sin, is maith liom bheith ag scríobh, thaitin sé liom bheith ag scríobh do Lá Nua agus taithníonn sé liom bheith ag scríobh anseo. Is rud pleisiúrtha é bheith ag scriobh agus is deas liom freisin go bhfuil daoine ag léamh agus ag plé na nithe a bhionn foilsithe anseo.

Creidim go bhfuil gá freisin le réimse leathan leitheoireachta i nGaeilge, bíodh sé ar phár nó ar líne. Tá gá go gcothóimís leitheoireacht na Gaeilge agus is é an t-idirlíon an bealach is eifeachtaí an t-ábhar a chuir ar fáil. Breis is 37,000 cuairt atá tugtha ar an suíomh seo i gcaitheamh 12 mhí. Deirtear liom go mbeadh sé indéanta fograíocht a dhíol – agus brabhús a shaothrú dá mbeadh breis is 100,000 cuairt ag suíomh i mBéarla. Nílimíd ag déanamh ró olc sa chomhthéacs sin.

Nuair a thosnaíos ar dtúis, moladh dom gan blag a thabhairt ar an suíomh ach rud éigean ar nós Cinn Lae Idirlín. Ní raibh mé sásta dul an bealach sin mar creidim go mbaineann cínn lae le ré fadó fadó agus ní féidir an fhocal a shamhlú leis an idirlíon an oiread is gur féidir liom é a cheangal le cleite agus pár.

Anois ritheann sé liom gur cheart dom díriú ar an bhfocal a luaim liom féin. Bhí sé maith go leor ‘eagarthóir’ a thabhairt orm féin trath – ach anois tá an ré sin thart. Amach anseo is amhlaidh go dtabharfaidh mé ‘blagarthóir’ orm féin. Ritheann sé liom gur conascadh deas atá ann idir an fhocal ‘blag’ agus ‘eagarthóir’.

Cad é bhur meas?

9 dtuairim ar “Ó eagarthóir go blagarthóir….

  1. séamus Mac Seáin

    ar bhealach is cuma liom cad é an teideal ata ar rud nó is é an tabhar is tábhachtaí agus d’éirigh go maith leis an bhlag seo de bharr go raibh an tabhar suimiúl agus trathúil agus conspóideach chomh maith, bail ó Dhia ort.Bhris sé an múnla seanchaite ” liom leat” a chuireann as do chuid mhór de iriseoireacht na Gaeilge agus a fhágann í leamh gan bhrí. Is léir go bhfuil dearcadh tréan agat a choncubhair ar chúrsai an tsaoil agus ar chúrsai Gaeilge ach go háirithe.I saol cúng na gaeilge níl se furast labhairt amach ach labhair tusa amach go misniúl.nocht tú an faobhar a chuir mí shuaimneas go minic ar “bhuanaíocht” na Gaeilge.Ní héigeán aontú le gach tuairim a nocht tú, agus go sabhála dia sinn ar an aon tuairmíocht.Réab leat ag spocadh agus ag séideadh fúinn.nó tci Dia go bhfuil sé de dhíth mura bhfuil an teanga le bás a fháil de leadrán.100000 cuairteoir as seo go cionn bliana an sprioc?Fádhb ar bith.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá blagarthóirí céim nó trí chun tosaigh ar bhlagadóirí, bíodh a fhios agat!

    Dea scéal é cinnte go bhfuil An Gael ar an margadh. Cén uair is cén áit a bheidh sé ar fáil? An mbeidh sé ar líne nó i gcló amháin?

    Freagra
  3. seanmor

    Nach iontach na figiúirí sin atá agat, a Chonchúir! Thug cúigear cuairt ar mo bhlag féin lá amháin nuair a scríobh mé faoin ‘Chogadh gan Chiall’, agus bhí mé an-sásta liom féin. Ach ansin, rith sé liom gur dócha gur baill de M15 triúr acu, agus baill de chiorcal spiaireachta Shinn Féin an bheirt eile! 🙂

    Freagra
  4. Cú Chonnacht

    Maith thú a Chonchubhair, bail ó Dhia ar an obair, ach cá bhfaigheann tú an t-am chun atanna fada a scríobh?

    Freagra
  5. Concubhar O Liatháin

    Deinim mo chuid oibre istoiche nuair a bhionn na paistí ina luí. Chuas ar throscadh theilifíse le déanaí – troscadh a mhair go dtí an cluiche mór rugbaí Dé Satharn – agus fuair mé amach go raibh réimse mór ama agam le bheith ag scríobh agus ag scríobadh lena linn. Tá sé i gceist agam amhlaidh a dhéanamh arís an tseachtain seo.
    Anuas ar sin, ní ghlacann sé an oiread ama orm alt fada a scríobh. Tá taithi agam ar a leitheid. Tá sé i bhfad níos deacra alt gairid a scríobh!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s