Ceist anois faoi thodhchaí an nuachtáin sheachtainiúil

Scéal suimiúil san eagrán is déanaí de Nuacht 24, an nuachtán sheachtainiúil a éisítear ar an idirlíon saor in aisce, faoi cheist a bheith anois ann faoi mhaoiniú Foinse, an nuachtán sheachtainiúil Ghaeilge eile.

Is minic go mbím ag spocadh as Foinse anseo agus mé ag díriú áirde ar mhí threo an nuachtáin. Ní miste san – tá gá lena leithéid ceapaim, mar gurb é sin an t-aon uirlís atá ann chun a chur in iúl go bhfuil níos fearr tuillte ag pobal na Gaeilge ná an eagrán leamh sheachtainiúil a éisíonn Moinéar Teo.

É sin ráite, ní bhéinn ag iarraidh go mbainfí an mhaoiniú atá ag Foinse den nuachtán. Is é Foinse an íosline atá agam agus, is dócha, ag go leor eile maidir le h-ábhar leitheoireachta Ghaeilge. Dá mbeadh solathar níos lú ann, sé sin le rá gan nuachtán ar bith bheith ann, bheinn chomh buartha leis an léitheoir is dílse. I mbeagán focal, b’fhearr ann ná as Foinse. Ar a laghad is an nuachtán ann, is féidir feabhsú agus forbairt, is feidir togáíl ar an ndúshraith agus b’fhearr sin ná a bheith ag togáil ar an bhfothrach.

Ón méid atá léite agam, is cosúil nach bhfuil aon chomhréiteach go fóíll ann idir Foras na Gaeilge agus an ghrúpa amháin atá fagtha sa chomórtas le h-aghaidh solathar an nuachtáin seachtainiúil. Glacaim leis gurb iad Moinéar Teo an grúpa seo agus má tá dul amú orm, ní ormsa an locht mar níl aon léid ó Foinse go bhfuil siad ag eirí as an bhfoilsitheoireacht ag deireadh na míosa seo, nuair a thiocfaidh deireadh le chonradh an nuachtáin, nó ní chreidim go bhfuil aon chomhlacht eile ann, le ciall, a rachadh san iomaíocht le h-aghaidh cailís nimhe dá leitheid mar luach saothair.

Ní chuireann an easpa réitigh seo íontas orm. Ní thuigeann Foras na Gaeilge an bealach a oibríonn nuachtáin nó, go deimhin, foilseachán de chineál ar bith – ceapann siad gur féidir leo an saineolas sin a cheannach, amhail is a cheannófá bosca Panadol in ollmhargadh. Tóg dhá phiolla agus gloine uisce agus imeoidh an phian. Thug siad suim airgid ollmhór anuraidh – níl a fhios agam an méid mar gheall ar easnamh na dtuairiscí bliantúla – ar chomhairle maidir le deileáíl leis an bpreas – do chomhairle caidrimh poiblí, Financial Dynamics (agus ni in aisce a thabharfar an t-ainm sin ar chomhlacht caidrimh poiblí) agus ag an am chéanna níor fhoilsigh siad ach ceithre phreas ráiteas deag ar an suíomh idirlíne.

I gcaitheamh na mblianta a bhí mé ag obair le Lá, chuirfí comhairleoirí ar chuairt chughainn go trath rialta ón bhForas agus iad ag iarraidh a fháil amach an rabhamar ag caitheamh a gcuid airgid go stuama. Tháinig Liam Cahill – atá aithne níos fearr air de bharr a shuíomh idirlín, An Fear Rua – uair amháin agus tar éis dom bheith ag labhairt leis, dheineas amach go raibh dearcadh dearfach go leor aige i leith an nuachtáin agus an slí a bhí sé á reachtáil. Táim ag ceapadh go bhfuil go leor tuairiscí dá leitheid ag bailiú smúit ar sheilfeanna i gCearnóg Mhuirfean agus gan tada déanta leo. Tá’s againn an deireadh a bhí le Lá Nua – níl mé ag dul ansan arís.

Tá géarchéim ann do nuachtáin ar fuaid an domhain de bharr an cúla eacnamaíochta. Tá teip ar an bhfograíocht agus os rud é nach maireann nuachtán ar dhíolachán amháin, go h-áirithe nuachtán ar nós Foinse a choinníonn líon na gcóipeanna díolta ag lán luach faoi rún daingean, tá ceist ann anois faoi mhairsteanacht nuachtáin. Tá nuachtáin mór chlú an domhain i mbaol agus cuid acu ag tabhairt an idirlíon orthu féin, mar a mhol mise do Lá Nua a dhéanamh anuraidh.

Is buntáiste ag Foinse é go bhfuil an nuachtán ina staicín aonair i ngort na Gaeilge nó faigheann siad fógraí ó aisínteachtaí stait a cheapann go bhfuil siad faoi chúing dlí leaganacha Ghaeilge dá bhfógraí a fhoilsiú. Níl – ach ná h-abraimís sin leo. Glacaimse leis gur fiú €5,000+ in aghaidh an eagráin na fógraí seo. Anuas ar an deontas de €7,500+ a fhaigheann an nuachtán ón bhForas, is suim nach beag é an airgead a fhaigheann Foinse ón sparán phoiblí.

An féidir leis an tacaíocht seo leanúint go fad tréimhseach san aeráid eacnamúil seo?

Buntáiste amháin atá ag Foinse go bhfuil sé suite sa Cheathrú Rua, i gceartlár Dáílcheantar an Aire Uí Chuiv. Níl post ar bith caillte in aon togra Ghaeilge suite sa toghcheantar le cuimhne na gcat – agus tá furmhór na dtograí mora Ghaeilge suite ann – TG4, Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta is eile.

Mí bhuntáiste atá ag Foinse go bhfuil Lá Nua imithe. Anois tá aird na n-áiritheoirí pónairí ar an nuachtán sin amháin, nuachtán nár éisigh figiúir díolachán ABC le roinnt blian agus nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal, ó chuma an nuachtáin, go bhfuil an díolachán ag dul i dtreise.

San anál céanna ina dtuairiscítear go bhfuil éiginnteacht ann faoi thodhchaí Foinse, tá sé á thuairisciú freisin ag Nuacht 24 go bhfuil bórd an Fhorais ag plé cén bealach atá ann chun 20% de bhuiséad an Fhorais a ghearradh. An t-aon bealach atá as an áireamh, is cosúil, postanna a bheith caillte i measc foireann an Fhorais féin.

Is é mo mholadh go ndéanfaí sceannairt iomlán ar Fhoras na Gaeilge féin agus croí fhoireann de chúigear nó seisear ar a mhéid a fhostú taobh istigh d’oifig an Aire Uí Chuív féin chun an €20m a fhaigheann an Fhoras go bliantúil a dháileadh i measc na dtograí éagsúla. Cé mhéid duine a ghlacann sé chun airgead phoiblí a dháileadh agus a mhaoirsiú, i bhfírinne? An bhfuil gá le bórd? An bhfuil gá le cathaoirleach? Tá ré an cuangó thart. Nior cheart go mbeadh aon eagras atá ag saothrú ar son na Gaeilge sa ghort thíos leis na giorruithe is déanaí seo mas amhlaidh go bhfuil an Fhoras féin chun teacht slán gan aon phian a mhothú

Aon tuairim amháin ar “Ceist anois faoi thodhchaí an nuachtáin sheachtainiúil

  1. Ping: An Fhoras agus an tua… « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s