Céim mhór an Chiste, céim mhór chun cínn

Is cosúil go bhfuil duine eigean ag éisteacht liom amuigh ansin. Seo mar a dúirt mé cúpla seachtain ó shin agus mé ag tracht ar dhá shuíomh Ghaeilge a bhí bunaithe ag an BBC ar an idirlíon.

Ar aon nós tá moladh ag dul don BBC, agus ní minic a chloisfidh tú na focail sin ó mo bhéal, as ucht suíomh d’ard chaighdeán mar seo a chur ar an líon. Tá tréan mholadh ag dul do Antaine agus a chomhleacaithe as a gcuid saothair agus feabhas an ábhair.

Níl an suíomh gan locht. Tá easnamh mór amháin le mothú ann agus is gá seo a lua i gcomhthéacs an ráitis ag Antaine atá luaite ar Tuarascáíl.

Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, Antaine Ó Donnaile, go mbeadh, “den chéad uair, gach rud a rinne BBC Thuaisceart Éireann i nGaeilge” le fáil ar an suíomh ach cóipcheart a ghlanadh.

Tá sé sin cruinn gan amhras.

An rud atá ar iarraidh, áfach, ná seirbhís nuachta agus anailíse ar chúrsaí reatha, mar atá ar fáil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag.

fógra déanta inniu a fhéadfadh tús a chur le ré nua amach is amach i saol na h-iriseoireachta Ghaeilge. D’fhogair Ciste Craoltóíreachta na Gaeilge sna sé chontae, ciste a throid mé go tréan ar son a bhunaithe agus á cosaint nuair a tháinig sé faoi íonsaí, go raibh tairiscintí á lorg le h-aghaidh seirbhís nuachta/cúrsaí reatha digiteach ar líne.

Sa deireadh thiar táimíd ag féachaint chun tosaigh agus ag beartú i dtreo seirbhis úr a bheadh ar ard chaighdeán. Tá na bunchlocha ann – An Druma Mór agus an fhoireann cumasach atá ar a chúl. Mas é seo an rud ar feidir leis an bhfoireann sin déanamh gan airgead, cad is feidir leis an dream céanna déanamh le h-airgead.

Cinnte tá gá le snás a chur ar an suíomh, an oiread is go bhfuil gá le snás a chur ar suíomh ar bith, iGaeilge san áireamh, agus beidh gá le roinnt saineolais chun sin a bhaint amach, struchtúr suímh a bheadh inchurtha leis an seirbhís seo a chur in áit. Ach ina dhiaidh sin, is dúthracht agus cur chuige agus tiomáinteas atá ag teastáil.

Fiú is go bhfuil moladh ag dul don Chiste Craoltóireachta as ucht an beartas seo a fhógairt, tá gá freisin a aithint gur cheart go mbeadh cibé seirbhís a bhunaítear in ann a bheith inmharthanach tar éis a thagann deireadh le tacaíocht an chiste, nó is cinnte go dtiocfaidh deireadh leis luath nó mall. Faoi mar atá sé níl aon chinnteacht go mairfidh an chiste thar 2011.

Molaimse mar sin go mbeadh feachtas ann chun sciaranna a cheannach ina leitheid de thogra le go mbeadh úineireacht ag pobal na Gaeilge air, fíor sciaranna le fíor cearta sciar shealbhóirí le fíor freagracht is fíor úinéireacht.

Mar a thairg mé roimhe táim sásta €1,000 a chur sa phota sin agus tugaim cuireadh do dhaoine eile ar suim leo an togra seo amhlaidh a dhéanamh Íocfaidh mé méid áirithe in aghaidh na míosa ar son a leitheid de sheirbhís – abraimís costas an Irish Times gach lá ar feadh míosa maraon le nuachtán Domhnaigh – sin €40 agus leanfaidh mé sin ar feadh dhá bhliain. Má dheineann 130 duine/eagras é sin, beidh dúbailt an infheistíocht ag an dream a bhuafaidh an comórtas seo chun brú ar aghaidh leis an togra. Dhíolfadh sé as an dara bliain den seirbhís.

Seo in am do Ghaeil na tíre a chruthú go bhfuilimíd in ann ag an dúshlán. Ná bímís inár gcaoire ag feitheamh le féar a fhás – cuirimís na síolta agus bainimís an Fhómhar.

7 dtuairim ar “Céim mhór an Chiste, céim mhór chun cínn

  1. séamus Mac Seáin

    is nuacht an mhaith é seo agus tcím lámh Mháirtín Uí Mhuilleoir ar an tógra seo (mura miste leis mé á rá).Seo fealsúnacht “na habair é déan é” á chur i bhféidhm go héifeachtach.Cá huair go deireannach a chuala tú faoí thogra Gaeilge stát mhaoíníthe a bhí le cur ar bun agus ag gníomhú taobh istigh de dhá mhí?.A bhuí le Dia go bhfuil duine éigin ar an Chiste Chraoltóireachta atá in dhiaidh an mhaorlathais atá ag marú na Gaeilge a smachtú.Tá súíl agam go leathóidh an nós go dtí eagras eile nach ndéanfaidh mé a lua.Bímis dóchasach gurb iad na daoine is túisce a bhí ar phairc an chatha (tú féin agus Nuacht 24? ) a gheobhas an conradh agus nach ngoidfidh na Bearlóirí é mar a rinne siad le cuid mhaith de airgead an Chiste chraoltóireachta.Seo am na féachála agus ní neart go cur le chéile

    Freagra
  2. RG Cuan

    Scéal maith. Is gá a rá áfach gur suíomh físeán atá i gceist leis an togra seo, seachas suíomh nuachta mar atá ag an Irish Times abair.

    Bhí Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Chraoltóireachta, faoi agallamh ar Blas, BBC Raidió Uladh, anocht agus leag sí béim ar an phointe sin. Rachadh mórchuid an airgid i dtreo lucht scannánaíochta agus, ag smaoineamh ar na costais sin, seans go mbeadh sé deacair ábhar nua físeán a chur suas gach lá ar £130,000

    Mar sin féin, chuirfeadh an suíomh go mór leis na meáin Ghaeilge, atá ag fás i rith an ama.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil Máirtín Ó Muilleoir ar choiste an Chiste agus má bhí láímh aige ann, tá moladh ag dul do.
    I gcead do Áine – agus tá’s agam gur uirthí atá cúram an airgid seo! – sílim féin go bhfuil sé ábhairín saonta bheith ag caint faoi sheirbhís nuachta in aon mheán amháin – fís – nuair is ardán ilmheáin é an idirlíon. Úsáid ró theoranta den ardán a bheadh ann an bhéim ar fad a bheith ar thuairiscí físe. Is cinnte gur cheart go mbeadh siad lárnach mar tá sin indéanta ach is féidir freisin cló agus tuairiscí fuaime a chur san áireamh. Cuimhnigh freisin gur féidir an trealamh a fháil le h-aghaidh a leitheid seo de chúram ana shaor ar fad – in áít a bheith ag caitheamh €20k nó níos mó ar cheamra agus ar threalamh eagarthóireachta, is féidir an rud ar fad a fháíl anois ar níos lú ná €2K – ceamra maith ar nós an Canon HV20 agus Apple Mac le clár ar nós Premiere nó Final Cut Pro.
    Glacaim leis go mbeidh Béarlóírí ag cur speise ina leitheid seo – tá na ceamraí móra acu – ach seo deis nach féidir gan a thapú.

    Cad faoin ghné eile dem cheist – nár cheart go mbeadh úinéireacht ag an phobal ar seo freisin tre sciaranna? Caithfimíd a chinntiú go maireann an scéim seo agus go mblathaíonn sé thar an tréimhse bliana atá leagtha amach do!

    Freagra
  4. Colm

    Suimiúil go bhfuil an fhoirm iarratais ar an maoiniú i mBéarla amháin, agus an leagan Béarla den fhógra chun tosaigh. An leid é seo?

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Bhí an Bhéarla chun tosaigh i gcónaí ag an gCiste Craoltóireachta. Ní mór smaoineamh gur cuid d’eagras Tuaisceartach agus Briotanach an Chiste sa deireadh thiar, mar atá Coimisiún Scannáín Thuaisceart Éireann. Níl aon chur i gcéill ann – is é an Bhéarla an teanga oifigiúil is an teanga oibre leo.

    É sin ráíte is é an Ciste Craoltóireachta an tacaíocht is dearfa atá léirithe ag an Stat ó thuaidh don Ghaeilge riamh agus tá moladh ag dul do choiste agus feidhmeannaigh an Chiste cloí leis an obair in ainneoin na dúshláín pholatúla a cuireadh sa bhealach orthu. Gan iad ba bheag a bheadh ann do lucht féachana na Gaeilge ó thuaidh.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    2011 a Chiaráin – ach tá an ceart agat, tá tréimhse an chiste teoranta agus ní mór súil a choimead ar an ghné sin den scéal le bheith cinnte nach ligtear i ndearmad é agus go mbionn éigeandáil eile ann. Beidh a fhios ag lucht an DUP cén uair a thiocfaidh deireadh leis an gciste, agus iad ag beartú nach mbeidh aiseirí an uair seo, bí cinnte de sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s