Lá le Pádraig Earraigh…

Caithfidh mé a rá gur tháinig an tEarrach chughainn de gheit le seachtain anuas agus bhí an trathnóna aréir chomh brea sin gur chaitheas é amuigh sa ghairdín, ag lomadh an fhéir is ag déanamh rudaí beaga eile timpeall na h-áite. Níor bhacas le blag ar bith a fhoilsiú inné.

Tá lá gnóthach romhainn inniu. Rachaidh mé go dtí an Aifreann i gCúil Aodha le mo chlann. Seasaim sa Chór agus deinim iarracht bheith i dtiúin leis an chuid eile acu….

Tar éis aifrinn tabharfaimid aghaidh ar Bhéal Atha’n Ghaorthaidh agus beimíd ag freastal ar an bParáid ansin. Tá súil agam cuid de sin a chur ar scannán agus, má dheinim, beidh sé le feiscint anseo agus ar ár gcainéal Youtube.

Ina dhiaidh sin b’fheidir go n-imeoimíd ar chuairt go Guagán Barra sara mbeidh ár dtriail ar Mhaigh Chromtha don pharáid ansin tar éis lóin. Agus ansan abhaile linn don dinnéir.

Beidh sé an oíche anocht fán am a bheidh mé ag blagáíl arís, cheapfainn.

Rud amháin ar mhaith liom a roinnt libh, dán a chum m’athair, Dónal Ó Liatháin, suaimhneas siorraí dá anam, faoi Naomh Phádraig atá á chanadh mar iomainn anois ag an gcór. Peadar Ó Riada a chur ceol leis.
Pádraig, Príomháidh Gael

A Phádraig aspál príomháidh Ghael
Thug an creideamh chughainn thar mhuir
Grásta Dé mar thabharthas dúinn
Aiseirí fé Ghlóir mar oidhreacht

An tine a lasais cois na Bóinne
Ar Chnoc Shláine, cnoc na ndruadh
Lonnraigh solas ar fuaid Éireann
Solas Críost le teacht na Cásca

Mar an fhearainn bhog thar thriúchaibh
Nó an drúcht fén ngréin ar maidin
Nó an fharraig-chath ar dhuirling
Dáileadh grástaí ós na flaithis

Thugais slán sinne led naofacht
Treasna duibheagán na staire
Aisce, a Phádraig, Príomháidh Éireann
Treoraigh sinn tre ré an rachmais

Tusa bheannaigh ár ngleannta míne
Gach tobar, abhainn, sruthán is caise
Ár sléibhte maorga na mbeann mbán
Múrtha fáilte i lár an Earraigh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s