Gaeltacht na h-idirlíne, gaeltacht gan teorainn

Rud amháin atá tugtha faoi ndeara agam le tamall beag anuas, an fhás agus an bhorradh ar an méid úsáide atá á bhaint as an nGaeilge ar an idirlíon. Tá an Ghaeilge anois ag glacadh á h-áit ar na teangacha atá beo agus bríomhar ar an réimse nua samhlaíoch is teicneolaíoch seo.

Luaigh mé ar bhlag Lá na Gaeilge nár mhiste liom go mbunófaí Gaeltacht nua, Gaeltacht idirlíne, Gaeltacht a bheadh saor ó laincisí na nGaeltachtaí traidisiúnta, Gaeltacht a bhainfeadh taitneamh as buanna is deiseanna na Gaeltachtaí sin.

Tá an blagasféar Gaelach – nó an Bhlagtacht mar a thug Gael Gan Náíre air ar bhlag a fhoilsigh seisean le déanaí – ag fás leis. Tá an bhlagtacht fós ina leanbh, tá sí chomh beag sin, ach tá sí beoga agus ag ciceáil [sin ról iGaeilge, ag ciceáíl SF, ag ciceáil FnaG…].

Tá an Ghioltacht ann freisin le déanaí agus is áit bhrea é seo le h-aghaidh an ghontacht Ghaelach….

Agus tá leitheidí nós*, an Druma Mór, Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, suíomhanna nua Gaelach an BBC, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Foinse ann chun an Ghaeilge a cheiliúradh mar theanga bheo laethúil. Dá ndéanfadh saineolaithe Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge a suirbhé ar Ghaeltacht na hIdirlíne, is cinnte go bhfaighidís amach gur ‘Gaeltacht A’ atá ann.

Ach ní le h-aghaidh stadas nó deontas atáimíd ag déanamh na h-oibre seo. Go deimhin ní obair atá i gceist – seo sinne beo agus Gaelach freisin, dála an scéil.

Feicim go bhfuil an fonn cheiliúrtha seo ag scaipeadh….

Bainimís sult as Lá Fhéile Phádraig…..

5 thuairim ar “Gaeltacht na h-idirlíne, gaeltacht gan teorainn

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Ba mhór an búntaiste a bheadh ar an Gaeltacht ar an idirlion.Bheadh sé nuálach nua-aimsire agus bheadh suim ag an aos óg ann tuisc a gcuid cleachtais ar úsáid na hidirline.Bheadh an “Diaspora” Éireannach thar lear ábalta úsáid a bhaint as.Beidh an lucht seo ag dul i méad sa gheartreimhse ar a laghad leis an gculú eachnamaíochta.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s