“Is féidir linn…”

“Is féidir linn…” B’shin iad na focail ó bhéal Barack Obama agus é ag glacadh leis an seamróg ón dTaoiseach Brian Cowen sa Teach Bhán i Washington inniu.

B’fheidir gur cheart dúinn é sin a ghlacadh mar mhanna agus sinn i mbun ár nGaeltacht idirlín.

Moladh amháin atá agam, go nglacaimís leis go bhfuil sé bunaithe. Tá an baol ann má thosnaíonn daoine ag caint ar an ghá atá lena leitheid is na buntáistí a bheadh lena leithéid go ndeintear an dúl chun oibre a pharailísiú.

Tá sean fhocal sa Bhéarla a choimríonn an rud atá i gceist agam: The perfect is the enemy of the good.

Mar sin, i bhfocail Barack Obama, is féidir linn.

11 de thuairimí ar ““Is féidir linn…”

  1. Joe

    Bhuel má tá tú ag iarraidh Gaeltacht idirlín a cruthú, b’fhéidir gur cóir duit bheith níos cúrámaí le do chuid foclaíochta. Is idirlíon gin. idirlín an focal ceart cumtha ó idir agus líon agus ní idirlíne. Tá idirlíon, conas mar a déarfá, seasta go leor sa chaint agus ní dóigh liom go bhfaca mé “idirlíne” sa comhteacs seo riamh.
    Agus sea táim cinnte go bhfuil botún nó dhó agam sa teachtaireacht seo ach is aimitéarach mise agus tá cead agam!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ár mbuiochas le Joe, tá an botún ceartaithe. Mar eolas do Joe, is amaitéirigh sinn go léir, ag foghlaim linn agus ag déanamh botúin agus ár gceartú féin.

    Freagra
  3. Eoin Ó Riain

    Molaim thú ‘Chonchubhair.

    Tá a smaoineamh sin amuigh le fada ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ach ní tuigtear i gceart chonas é a chuir i bhfeidhm. Mar a deireann tú féin níl ionainn ach amaitéirigh sa ghnó seo. Rinne mé fhéin iarracht roinnt mhaith blianta ó sin freastail ar an éileamh sin leis an suíomh anghaeltacht.net a chruthú ach ceal ama agus airgead níl mé sásta ná leath-sásta leis.

    Tá roinnt a úsáideann an suíomh mar “fhearainn.” Mar shampla foilsítear tuairiscí Dhonnachadha Uí Eallaithe (anghaeltacht.net/ctg) ann. Tá suíomh ag Seosamh Ó Cuaigh (anghaeltacht.net/cuaigso) ann leis agus déanam iarracht nuacht iris “An Cúléisteoir” (anghaeltacht.net/ce) faoi le nuacht sa, nó faoi, nó a bheadh tioncar aige ar ceantair Gaeltachta na Gaillimhe agus Muigheó Theas. Ach ós rud é nach bhfuil na haicmhainí aistriú teangan agam (nó an chumas Gaeilge!) níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!

    Is dócha gur chóir go mbeadh obair mar sin ar siúl ag an Foras, ní chosnódh sé mórán orthu rud mar sin a coimeád ar siúl agus, mar a dúirt tú fhéin, cé nach mbeidh an méid céanna airgead le sparáil acu ní bheidh éinne ag cailliúnt a bpost…

    Tá sé tabhachtach leis nach “ar” an nGaeilge atá an béim seachas “tré” an Ghaeilge má thuigeann tú leat mé. Tá sé tabhachtach go mbeidh muid ag caint faoi na rúdaí nach Gaeilge iad, cócaireacht, creidimh, seandachtaí agus deismireáin, ealaíon, cúrsai éadaí, gnéas, polataíocht, cúrsaí dlí, cumarsáid féin, cúrsaí soisialta 7rl 7rl…

    Ta go leor ráite agam…

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Ceart agat go h-iomlán a Eoin – ach ní ligfinn d’Fhoras na Gaeilge in aice le seo. Tá an iomarca dochar déanta ag an gcomhlacht sin don teanga cheana féin.

    Freagra
  5. Seán Mór

    Bhí an Ghaeltacht féin bunaithe i bhfad sular baisteadh ‘An Ghaeltacht’ mar ainm uirthi. Is ón am a baisteadh ‘An Ghaeltacht’ uirthi a thosaigh sí ag dul in éag. Má tá muid ag iarraidh maitheas a dhéanamh sa chás seo b’fhéidir nár chóir duinn rud ar bith ‘a bhunú’. B’fhéidir gurbh fhearr ligint don Ghaeilge í féin a fhorbairt go nádúrtha ar an idirlíon.

    Freagra
  6. Concubhar O Liatháin

    Pointe mhaith a Sheáin. Mo thuiscint féin gur thosnaigh an mheath a luann tú nuair a cuireadh teorainn oifigiúíl leis an nGaeltacht sna 50aí.

    An rud amháin a dhéarfainn nach bhfuil aon iarracht á dhéanamh anseo rudaí a ‘eagrú’ nó bac a chur ar fhorbairt nadúrtha. Níl fiú ‘baisteadh’ i gceist. Is amhlaidh go n-aithním go bhfuil an rud seo ag titim amach agus gur mhaith liom go n-aithneofaí é ar bhonn níos forleithne. B’fheidir go spreagfadh sé sin daoine eile chun a rud féin a dhéanamh agus cur leis an eispearas ar leith Gaeltachta seo.

    Freagra
  7. Colm

    “Is ón am a baisteadh ‘An Ghaeltacht’ uirthi a thosaigh sí ag dul in éag.”

    Tá breall ort a mhac.
    Ar an gcéad dul síos, b’ionann agus Éirinn ar fad is an chuid is mó d’Albain í an Ghaeltacht tráth. Tá na cúiseanna dul in éag thar thréimhse dhá chéad bliana, thar a bheith soiléir, ar dhá thaobh de shruth na Maoille.
    Is fíor gur chuir bunú an stáit moill leis an dul in éag ar feadh glúine i gceantracha áirithe – ach i gceantracha eile, d’imigh sí léi chomh scioptha céanna.
    Ní raibh aon aicme láidir ann ar a son faoin am sin, agus fiú sna ceantaracha a raibh sí láidir iontu, bhí cuid mhaith den lucht trádála (siopadóirí, óstóirí srl) ag tógáil clainne le Béarla agus á gcur chuig scoileanna cónaithe taobh amuigh den Ghaeltacht.
    Rinneadh cibé riarachán a bhí ann trí mheán an Bhéarla ó bhailte móra taobh amuigh den Ghaeltacht. Is liosta gan áireamh é – go bunúsach, lean an stát ar aghaidh leis an gcóras riaracáin a bhí ann roimh 1920, agus ó 1940 ar aghaidh, cibé méidín beag Gaelú a bhí déanta ar an státchóras, d’imigh sé le sruth arís.
    Ach ná déanaimis dearmad – tá dul in éag na Gaeilge mar theanga phobail ag dul ar aghaidh ó aimsir Chromail i leith, go mall i dtosach, agus go tapa sna naoú haois déag. Ní raibh ach iarsmaí ann faoin am a dtáinig an saorstát i 1921, agus is cuid den phróiseas céanna é an rud atá ar siúl sa lá atá inniu ann. Dá mba rud é go raibh státchóras ar leith ann don Ghaeltacht, abair dá mbeadh oifig ag gach roinn stáit, an FSS, na Coimisinéirí Ioncaim agus mar sin de ann chun seirbhísí a chur ar fáil don Ghaeltacht (agus na hoifigí sin lonnaithe sa nGaeltacht ar ndóigh agus ag feidhmiú as Gaeilge), chuideodh an fhostaíocht sin chun daoine óga a choinneáil sa mbaile, ní imeodh na poist sa gcéad chúlú eacnamaíoch eile, agus thabharfadh sé beocht áirithe sa nGaeltacht agus sa nGaeilge.
    Dá mbeadh oifig acu siúd lonnaithe gach áit sa nGaeltacht, neartódh sé gach pobal – agus ag leanúint ar aghaidh leis an mbrionglóid, d’fhéadfaí seirbhísí Stáit a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí uilig na tíre ó na hoifigí céanna.
    Ní réiteodh sé fadhbanna na Gaeltachta, ach b’fhéidir go dtabharfadh sé dóchas do dhaoine go raibh an stát ar son na Gaeilge dáiríre.

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    A Choilm – tá’n ceart agat faoin Ghaeltacht bheith ar an nGaeltacht le faid gach fhaid. Ach b’é an baisteadh oifigiúil, a tharla i 1956, a bhí i gceist agam.

    Rud eile de, ní chreidim go dtarlóidh sé riamh go mbeidh oifigí mar atá luaite agat sna Gaeltachtaí. Ba cheart go mbeidís ann theana féin sa chiall is go mba cheart go mbeadh Gaeilge ag oifigigh in udaráis áitiúla. Nár chuaigh siad ar scoil in Éirinn? Nár fhoghlaim siad Gaeilge? Léargas ar éifeacht ár gcoras scruduithe é nach bhfuil an cumas ag stat sheirbhísigh gnó a dhéanamh leis an bpobal i nGaeilge.

    Má tá a leitheid uait, éiligh é. Aitigh ar do cháirdé seirbhís dá leitheid a lorg. Ach san aeráid eacnamaíochta seo, caol seans go dtarlóidh sé.

    Freagra
  9. Colm

    Gabh mo leithscéal, a Chonchubhair, ach is freagra ar Sheán Mór (uimhir 5 thuas) a bhí sa bpost deireannach uaim, seachas ortsa. Bá chóir dom é sin a shoiléiriú nuair a scríobh mé cheana.
    Aontaím go mór leis an méid a deir tú ag uimhir 8, dála an scéil.
    Ach maidir leis an cúlú na Gaeilge, cé gur uafásach an trua é nár chuir an Stát nua chuige ar bhealach níos fearr, mar a rinneadh sa bhFionnlainn, cur i gcás, agus mar atá á dhéanamh in Euskadi, ní mór smaoineamh nach raibh ach blúiríní fágtha den Ghaeltacht nuair a bunaíodh an stát, agus nár cuireadh an córas riaracháin i bhfeiliúint don obair – b’fhéidir i ngeall ar an gcogadh cathardha a d’fhág daoine le nimh sa bhfeoil dá chéile, agus a thug seans do na sean-mháistirí an-tionchar a imirt ar chúrsaí polaitíochta na tíre. Scríofaidh tuilleadh faoi seo amach anseo.
    Beir bua agus lean leis an deá-obair.

    Freagra
  10. Ping: Ireland’s Language Remains on Life Support - The Lede Blog - NYTimes.com

  11. evawalsh

    Léiríonn an gearrthóg físe seo cé chomh náireach atá déarcadh an Rialtas réim an Ghaeilge

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s